Ní féidir brath ar an gcuimhne, deirtear. Nach minic a bhíonn daoine go hiomlán mícheart faoin rud a cheapann siad a tharla, agus bréagnaítear iad le fianaise nó le cuimhní daoine eile.
Bíonn mo chuimhne féin lochtach go maith. Sin é an fáth a dtógaim an oiread sin grianghraf – le go mbeidh fianaise gan locht agam den ócáid nó de na daoine a bhí i láthair ag an ócáid chéanna.
Agus sin é an fáth go raibh mé in amhras faoi mo chuimhne agus faoin méid a tharla i 1990, nuair a bhí scata againn ag obair ar an gclár Cúrsaí.
Cúig oíche sa tseachtain a bhíodh sé ar an aer agus bhíodh sé beo, den chuid is mó. Sé sin, bhí an cur i láthair beo ón stiúideo agus bhíodh míreanna taifeadta nó b’fhéidir an clár ina iomláine, taifeadta, ó am go chéile.
Ceann de na rudaí a bhí eisceachtúil faoi, ná go raibh fáilte roimh smaointe nó scéalta, a tháinig isteach gan choinne. Ní raibh aon chlár eile teilifíse in RTÉ, a raibh an cur chuige sin acu, seachas an nuacht agus cúrsaí reatha. Ba mhinic a tugadh cead ar maidin, dul i ndiaidh scéil éigin agus bheadh sé réidh le dul amach an oíche chéanna ar an gclár.
A bhuíochas sin ar fad don eagarthóir Cathal Goan a bhí ina cheannasaí ar na cláir Ghaeilge in RTÉ ag an am. Rinne sé cinnte de go mbíodh dhá chriú ceamara ar fáil don chlár, rud a bhí eisceachtúil ag an am agus, tá mé cinnte dearfa de, nach mbeidís in acmhainn a dhéanamh sa lá inniu.
Mar sin, nuair a chonaic mé an mhír teilifíse le gairid, a thaispeáin an t-amhránaí Dolly Parton, nach maireann, agus í ag gabhail fhoinn le Steve Cooney agus Séamus Begley (RIP) Tigh Pháidí Uí Shé, i gCeann Trá, d’fhan mé ar thagairt éigin don chlár Cúrsaí. Bhí fanacht fhada orm.
Bhí cuimhne an-mhaith agam, cheap mé, ar an lá a bhfuair Bríd Óg Ní Bhuachalla, duine de na láithreoirí, glaoch ón bPáidí Ó Sé céanna. Thug sé le fios di go mbeadh Dolly ag tabhairt cuairt ar an bpub an tráthnóna sin. Ar spéis le Bríd Óg a theacht ann agus b’fhéidir an ócáid a thaifeadadh?
Ar an bpointe thug Cathal Goan an cead agus cé go raibh an dá chriú ceamara gafa, cuireadh fios ar an sárcheamaradóir Joe McCarthy i gCorcaigh a bhí sásta a dhul ann. Away le Bríd Óg sa charr. Ní raibh aon léiritheoir in éindí léi ach bhí Neasa Ní Chinnéide san oifig i mbun an chláir. Bhí turas fada roimpi. Ba é an deireadh seachtaine é agus bheadh eagarthóir ag teastáil a d’oibreodh na laethanta sin chun go mbeadh sé réidh do chlár an Luain. Ba é an t-eagarthóir Mícheál McGee as Gaoth Dobhair, a rinne an beart.
Anois, is é an fáth go bhfuil an oiread sin mionsonraí agam anois faoi, ná gur casadh mo chomhghleacaí Bríd Óg orm an lá cheana.
D’inis mé di go raibh sórt mearbhaill orm nuair a chonaic mé an mhír Tigh Pháidí arís agus arís eile le linn na laethanta tar eis bháis Dolly, agus gan tagairt ar bith di féin nó don fhoinse as a dtáinig an píosa scannáin. Ar deireadh, dúirt mé léi, bhí mé ag teacht ar an tuairim go raibh dul amú orm agus nárbh í Bríd Óg an t-údar ar chor ach bith.
Go deimhin, chuala mé ‘saineolaí’ amháin ar chlár raidió na maidine ag maíomh gur thug Dolly criú ceamara léi agus gurb in é an fáth gur taifeadadh an mhír. Chuaigh an mhír amach arís agus arís eile le linn na laethanta sin agus gach éinne ag déanamh iontais go gcasfadh Dolly amhrán i bpub beag tuaithe. Dúirt Bríd Óg liom gur craoladh an píosa agus úinéireacht tugtha do dhreamanna éagsúla – chonaic sí é le ‘logo’ Sky air, lógo TG4 agus dreamanna eile chomh maith ach níor aithin éinne gur píosa de chuid RTÉ féin a bhí ann.
Rinne sí tréaniarracht le linn na laethanta sin daoine a chur ar an eolas faoi fhírinne an scéil. Fuair sí glaoch ó Claire Byrne ar Newstalk agus rinne sí agallamh léi siúd faoin eachtra stairiúil. Go gairid ina diaidh sin fuair sí glaoch ó Katie Hannon ar Raidió RTÉ.
Nach iontach an rud é nár aithin éinne in RTÉ féin go mba leo féin an mhír teilifíse sin? Tá suíomh Facebook ag an dream a thugann aire do chartlann RTÉ – RTÉ archives. Agus tá roinnt cóipeanna den mhír ann ach má dhéanann duine tochailt gheobhaidh siad amach gur ar Cúrsaí a craoladh an mhír i dtosach i 1990.
Agus cad mar gheall ar na daoine a bhí i láthair an oíche úd? Dúirt Bríd Óg liom go ndearna sí agallaimh ghearra, ‘vox pops’, le roinnt mhaith daoine, an lucht féachana, Páidí Ó Sé ina measc, i nGaeilge, ar ndóigh. Ach chinn sé orm teacht ar na hagallaimh sin ar an suíomh cartlainne ar Facebook. Ní shin le rá nach ann dóibh, gach seans go bhfuil an mhír fhada curtha i dtaisce san áit a gcuirtear na seantéipeanna físe ar fad. Bheadh tuairisc faoi in áit éigin.
Dúirt Bríd Óg liom go bhfuair sí roinnt glaonna ó iar-chomhghleacaithe ar Cúrsaí. Bhí an chuimhne céanna acu ar fad. Dúirt sí liom go raibh an scéal goite amach an oíche sin go raibh Dolly sa bpub faoin am go raibh siadsan réidh leis an taifeadadh. Ach níor lig Páidí éinne eile ó na meáin chumarsáide isteach sa phub. (Ní raibh an fón póca ann ag an am). Ba ag Cúrsaí a bhí an scúp.
Bhí Bríd Óg féin ag caint le láithreoir mór le rá in RTÉ faoin eachtra ina dhiaidh sin. Cheap sí go mbeadh ionadh uirthi siúd go ndéanfaí dearmad ar a leithéid.
‘Cúrsaí?’ arsa an bhean eile. ‘Céard é sin? Níor chuala mé trácht riamh air.’
Fág freagra ar 'Clár Gaeilge a fuair an scúp faoi chuairt cháiliúil Dolly Parton ar Thigh Pháidí Uí Sé – agus sin í an fhírinne'