Ar Ais Ar Scoil – am aisteach agus rud beag maoithneach lár mhí Lúnasa

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: As seo go deireadh an tsamhraidh – spreagadh scríbhneoireachta nua gach seachtain. Uimhir 8 – Lig do bholadh cóipleabhar úra tú a thabhairt siar ar bhóithrín na smaointe

Ar Ais Ar Scoil – am aisteach agus rud beag maoithneach lár mhí Lúnasa

Sráid na Siopaí, cathair na Gaillimhe, tráthnóna báistí i lár mhí Lúnasa na bliana 1988. Bhí mé 13 bliana d’aois agus d’fhoghlaim mé mo chéad chúpla focal Gaeilge i siopa leabhar Eason.

‘Ar Ais Ar Scoil’ a d’fhógair fógraí cairtchláir dubha, agus litreacha bána orthu a mheabhraigh lámhscríbhneoireacht chailce. Mar bharr ar an ádh bhí an leagan Béarla ar roinnt fógraí eile agus ní raibh aon amhras orm a thuilleadh faoin mbrí a bhí leis an bhfrása, a chuir idir dhrogall agus sceitimíní orm.

Bhí mé ar saoire in Éirinn le mo thuismitheoirí agus le mo dheartháir óg, ach bhí an tsaoire ag druidim chun deiridh agus amhail na ndéagóirí Éireannacha a chonaic mé lena dtuistí Tí Eason, ag roghnú cóipleabhar agus ag ceannach peann, bheinn ‘Ar Ais Ar Scoil’ gan mhoill.

Am aisteach agus rud beag maoithneach lár mhí Lúnasa. Goidfidh mé cur síos ar an am seo den bhliain anois ó dhuine de na scríbhneoirí is fearr liom, Tove Jansson: Níl an samhradh thart go fóill, ach tá an fás imithe as.

Tá, ach níl fuadar mhí Mheán Fómhair tosaithe go fóill ach oiread. Tá am agat fós, flúirse ama chun a bheith ag caitheamh i ndiaidh shaoire an tsamhraidh a chuaigh thart nach mór i ngan fhios duit féin. Ó, na tograí ar chuir tú tús leo agus nár chríochnaigh thú, na smaointe do scéalta nua a bhreac tú síos i leabhar nótaí ach nár fhorbair tú…

Ach níl sé rómhall go fóill. Má theastaíonn spreagadh uait an tseachtain seo, tabhair cuairt ar shiopa leabhar nó stáiseanóireachta agus lig do na cóipleabhair agus na pinn úra tú a mhealladh. Ceannaigh na cinn is fearr a thaitníonn leat ach, agus seo an chuid is tábhachtaí den spreagadh scríbhneoireachta seo, ceann deireanach na sraithe, cuir cóipleabhar úr le do shrón agus lig don bholadh tú a thabhairt siar ar bhóithrín na smaointe.

Céard iad na cuimhní atá agat féin ar an am seo den bhliain – saoire an tsamhraidh nach mór thart agus an scoilbhliain úr ar tí tosú? Aimsigh teach caife ciúin duit féin, oscail do chóipleabhar nua, agus tosaigh ag scríobh.

Fág freagra ar 'Ar Ais Ar Scoil – am aisteach agus rud beag maoithneach lár mhí Lúnasa'