Spite feamainne i gConamara curtha os comhair an domhain mhóir ag The New York Times

Bhí scéal i The New York Times an tseachtain seo ag cur síos ar an iarracht atá ar bun ag comhlacht idirnáisiúnta cearta eisiacha bainte feamainne a fháil do stráicí móra de chladaí Chonamara

Spite feamainne i gConamara curtha os comhair an domhain mhóir ag The New York Times

Tá conspóid faoi chearta bainte feamainne i gConamara curtha os comhair a léitheoirí ag ceann de na nuachtáin is mó ar domhan.

Bhí scéal i The New York Times an tseachtain seo ag cur síos ar an iarracht atá ar bun ag comhlacht idirnáisiúnta cearta eisiacha bainte feamainne a fháil ar stráicí móra de chladaí Chonamara.

Tá iarratais ar cheadúnais chun feamainn a bhaint ar chladaí ó Ros an Mhíl siar chomh fada le Cloch na Rón déanta ag Arramara, fochomhlacht de chuid Acadian Seaplants atá lonnaithe i gCeanada.

Sa scéal ag The New York Times, labhair bainteoirí feamainne áitiúla agus daoine eile faoin toradh a d’fhéadfadh a bheith ann má bhronntar na ceadúnais ar Arramara. Dúirt lucht bainte feamainne go raibh imní orthu go mbainfear na cearta a bhí acu leis na glúnta má éiríonn le hiarratais an chomhlachta. Tá imní ann freisin faoin tionchar a bheadh ag baint feamainne ar scála mór ar chúrsaí comhshaoil sa gceantar.

Dúirt Jim Keogh, stiúrthóir de chuid Arramara, le The New York Times go gcoinneodh an comhlacht ag ceannach feamainne ó bhainteoirí áitiúla agus go mbainfí an feamainn de láimh seachas innealra a úsáid.

Dúirt Keogh chomh maith go mbíonn drogall ar dhaoine roimh athruithe.

“These things are very difficult for people who have been used to doing things their own way their whole life,” a dúirt sé. “There is a clash.”

Faoi reachtaíocht a tugadh isteach cúig bliana ó shin, beidh ceadúnas ag teastáil ó lár 2028 ar aghaidh chun feamainn a bhaint. Meastar go bhfuil an-chuid bainteoirí feamainne a bhfuil cearta traidisiúnta acu nach bhfuil cláraithe leis an gcóras nua, áfach. Deirtear go mbíonn costas ard ag baint le clárú leis an gcóras chun ceadúnas a fháil agus go bhfuil an baol ann go gcaillfear na cearta traidisiúnta dá mbronnfaí ceadúnais ar Arramara.

Tá na hiarratais ó Arramara á meas ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) i láthair na huaire agus reáchtáladh próiseas comhairliúcháin níos luaithe i mbliana.

Tá Arramara ag lorg ceadúnas bainte, a mhairfeadh deich mbliana, do Chuan Chasla, Cuan Chill Chiaráin, Cuan an Fhir Mhóir, Ceann Mhása agus Cuan na Beirtrí Buí chun soláthar feamainne a chinntiú dá mhonarchan i gCill Chiaráin. Thart ar 20 duine atá fostaithe ag Arramara.

Iar-chliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é Arramara. Díolach an comhlacht le Acadian in 2014 ach bhí clásal rúndachta ag baint leis an margadh. Faoi dheireadh, tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh gur idir €2.7 milliún agus €3 milliún a íocadh leis an Údarás chun Arramara a dhíol.

Cé nár éirigh le hiarrachtaí an t-eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léirigh an Coimisinéir Faisnéise “imní mhór” faoi eagraíocht stáit a bheith ag aontú coinníoll rúndachta arbh é an toradh a bheadh air ná dualgais faoin acht a sheachaint.

Fág freagra ar 'Spite feamainne i gConamara curtha os comhair an domhain mhóir ag The New York Times'