Tá imní ar an mbeirt choimisinéirí teanga in Éirinn faoi chur i bhfeidhm agus dul chun cinn na reachtaíochta teanga sa dá dhlínse.
Dúirt Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds, gur léir dó féin nach bhfuil “fís ar bith” ag ceannairí an Tuaiscirt, in Stormont agus sa státseirbhís ó thuaidh, don reachtaíocht teanga, dá oifig féin, ná d’oifig Coimisinéir na hUltaise , Lee Reynolds.
“Ní léir an bhfuil fís ar bith acu don reachtaíocht ná don dá oifig agus níl tuiscint acu ar luach na dteangacha dúchasacha. Thiocfadh liom go leor samplaí a thabhairt – ní léir an bhfuil siad chun infheistíocht cheart fuinnimh ná airgid a dhéanamh.
“Ní thuigeann an chuid is mó acu – ag leibhéal an Tionóil agus na státseirbhísigh shinsearacha – níl an tuiscint sin acu. Sa tseirbhís phoiblí, is scéal iomlán difriúil atá ann, ach an dream atá i gceannas, ar an drochuair ní thuigeann siad. Ní hé go bhfuil siad in éadan na dteangacha, ach ní thuigeann siad luach na mionteangacha.”
Bhí Deeds ag labhairt ag Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga atá á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo.
Dúirt sé go bhfuil a dhlínse siúd i bhfad taobh thiar den dlínse eile sa Ríocht Aontaithe a bhfuil coimisinéir teanga ceaptha ann – an Bhreatain Bheag – agus an chuid eile d’Éirinn mar a bhfuil dlínse ag an gCoimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn.
“Tá súil agam go mbeidh glacadh leis an dá theanga (an Ghaeilge agus an Ultais) i gceann ceithre bliana, rud nach bhfuil ann ar fud Thuaisceart Éireann (faoi láthair). Tá muid i bhfad siar ar an dá dhlínse eile, agus tá obair le déanamh ó thaobh na reachtaíochta de ag leibhéal na polaitíochta. Caithfidh siad breith suas leis an gcuid eile. I ndiaidh [a théarma], tá suil agam go mbeidh níos mó tacaíochta ann don dá theanga,” a dúirt sé.
Dúirt Deeds nárbh léir an é an cuspóir a bhí ag daoine don Acht Teanga agus Féiniúlachta, faoinar bunaíodh a oifig, athrú a dhéanamh “ar mhaithe leis an chosúlacht amháin” nó “tacú le fás agus forbairt na Gaeilge” ó thuaidh.
Mhaígh sé go bhfuil “teorainn” leis an méid is féidir a bhaint amach faoin reachtaíocht nua teanga agus go bhfuil “práinn” leis an Straitéis don Ghaeilge in Stormont.
“Leanfaidh muid ar aghaidh ag athrú an chomhrá agus ag tógáil gaolta, ach tá práinn anois leis an Straitéis don Ghaeilge – agus don Albainis Uladh – a phléifidh le réimsí atá bainteach le pleanáil teanga agus lena n-áirítear oideachas, cúrsaí dlí agus cirt, áit na Gaeilge sa gheilleagar agus cúrsaí craoltóireachta.
“Ní mór straitéis fhadtréimhseach a bheith ann, a bhfuil acmhainní cearta curtha ar fáil di, chun forbairt na Gaeilge a stiúradh agus chun polasaithe na n-údarás poiblí a mhúnlú. Tá gá leis sin a oiread céanna is atá gá leis an Acht Féiniúlachta agus Teanga nó le m’oifig féin,” a dúirt Deeds.
Mhaígh sé nach mbeifear in ann “todhchaí na Gaeilge a chinntiú i dTuaisceart Éireann” gan “straitéis láidir agus an tAcht curtha i bhfeidhm gan mhoill”.
“Mura ndéanfar dul chun cinn láithreach leis an dá riachtanas sin, beidh gá ann go fóill d’Acht Gaeilge seachas cuid d’Acht mar atá againn – Acht atá coinníollach agus easnamhach ar go leor bealaí le fírinne.
“Agus má éiríonn linn sin a dhéanamh, beidh bonneagar cuimsitheach straitéiseach againn atá fréamhaithe sa dlí. Beidh muid in ann amharc chun tosaigh go muiníneach agus smál na neamhchinnteachta polaitiúla díbeartha,” a dúirt Deeds.
Agus é ag labhairt ar an ardán céanna, in Áras ILAS in Ollscoil na Gaillimhe, dúirt an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn go bhfuil imní air féin faoin sprioc atá leagtha síos ag an Rialtas ó dheas go mbeadh 20% d’earcaithe chun na státseirbhíse ina gcainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2030.
“Tá imní orm nach bhfeicfimid an dul chun cinn maidir le dóthain foirne atá inniúil sa Ghaeilge a bheith ar fáil,” a dúirt Ó Concheanainn leis an lucht éisteachta.
Dúirt sé gur gá “tacaíochtaí náisiúnta” a chur isteach agus go bhfuil “folús” ann faoi láthair agus ó thaobh na reachtaíochta teanga de a fhad is atá na scéimeanna teanga imithe in éag agus na caighdeáin nua teanga gan foilsiú go fóill.
Mhaígh sé gur cheart go mbeadh “pleanáil chórasach” ar siúl beag beann ar an moill ar fhoilsiú na gcaighdeán teanga agus go bhféadfaí an t-eolas atá sna scéimeanna teanga “a úsáid mar thagarmharc do na caighdeáin”.
Dúirt sé go bhfuil sé “criticiúil” go mbeadh “sainaonad” ag plé leis an bpleanáil sa Roinn Caiteachais Phoiblí do bhreis daoine le Gaeilge agus go mbeadh an sainaonad sin ag cur “tuairiscí rialta” ar fáil faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an bplean.
Tá imní léirithe cheana ag an gCoimisinéir Teanga gurb í an teip atá i ndán do phlean an rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Dúirt sé i mí Iúil go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon toradh fónta ar phlean náisiúnta an Rialtais cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus caighdeán na seirbhísí stáit a bhíonn ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil aon “fhianaise ann” go bhfuil “aon dul chun cinn” déanta ag an rialtas maidir leis an sprioc earcaíochta.
Dúirt sé chomh maith gur fhág “an mhoill shuntasach” atá ar bhunú chóras na gcaighdeán teanga go bhfuil bunchloch Phlean Náisiúnta 2024 an Rialtais chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge “fós gan réiteach”.
Fág freagra ar 'Imní ar bheirt Choimisinéirí Teanga faoi chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sa dá dhlínse'