Is é cur chun cinn na Gaeilge an t-ábhar is mó a chothaíonn deighilt idir lucht tacaíochta na bpáirtithe polaitiúla ó thuaidh, de réir anailíse nua.
Agus toghcháin áitiúla agus Stormont le reáchtáil as seo go ceann bliana, meastar gurb í ceist na teanga is mó a chruthaíonn easaontas idir náisiúnaithe agus aontachtóirí i dTuaisceart Éireann.
An t-anailísí Jack Russell, údar an bhlag Believe the Data, a thug faoin taighde. Tá anailís Russell bunaithe ar thorthaí an ‘Northern Ireland Life and Times Survey’. D’fhéach Russell siar ar thorthaí an tsuirbhé bhliantúil ón mbliain dheireanach gur reáchtáladh toghcháin Stormont in 2022.
Dar leis, tá ceist na Gaeilge níos conspóidí i measc lucht tacaíochta na bpríomhpháirtithe ná aon ábhar eile i láthair na huaire, oibrithe imirceacha, an bás cuidithe agus an ginmhilleadh ina measc.
“Is é cur chun cinn na Gaeilge an t-ábhar is mó a bhfuil easaontas faoi sa suirbhé ar fad,” a deir Russell sa mblag.
De réir suirbhé 2025, chreid 45% den phobal ó thuaidh gur cheart d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann tuilleadh a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Nuair a bhristear na figiúirí síos de réir lucht tacaíochta na bpríomhpháirtithe polaitiúla, chreid 90% de lucht tacaíochta Shinn Féin ó thuaidh gur cheart níos mó a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. 74% de lucht tacaíochta an SDLP a chreid amhlaidh.
Bhí 76% de lucht tacaíochta an DUP den tuairim nár cheart don Fheidhmeannas tuilleadh a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn agus beagnach 60% go láidir den tuairim sin. Chreid 66% de lucht tacaíochta an UUP (35% go láidir) nár cheart don Fheidhmeannas tuilleadh a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Deir Russell go bhfuil sé suntasach gurb í an teanga is mó atá ag cothú easaontais fiú agus muid i lár géarchéim costas maireachtála.
“Ar an drochuair, léiríonn torthaí an tsuirbhé seo go bhfuil arm déanta de chur chun cinn na teanga agus é mar fhocal faire sa gcogadh cultúir,” a deir Russell.
Deir sé freisin gur díol suntais go bhfuil tacaíocht níos mó i measc lucht tacaíochta Shinn Féin do chur chun cinn na hUltaise ná mar atá i measc aontachtóirí. D’aontaigh 36% de lucht tacaíochta Shinn Féin gur chóir don Fheidhmeannas tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chur chun cinn na hUltaise, níos mó ná an 33% de lucht tacaíochta an DUP a d’aontaigh leis an ráiteas.
Aisteach go leor, lucht tacaíochta an UUP is mó a chuir i gcoinne cur chun cinn na hUltaise agus 41% de lucht tacaíochta an pháirtí sin den tuairim nár chóir tuilleadh a dhéanamh chun an Ultais a chur chun cinn, céatadán níos airde ná mar a bhí i gceist ag aon pháirtí eile.
Bhí lucht tacaíochta na bpríomhpháirtithe ar aon fhocal faoi cheisteanna eile, an t-athrú aeráide ina measc, agus formhór acu den tuairim gur mhaith leo go ndéanfadh polaiteoirí níos mó chun dul i ngleic leis sin. D”aontaigh formhór na ndaoine a rinne an suirbhé freisin gur chuir oibrithe imirceacha le geilleagar Thuaisceart Éireann.
Fág freagra ar 'Ceist na Gaeilge is mó a chruthaíonn easaontas idir lucht tacaíochta na bpáirtithe ó thuaidh – anailís nua'