Ó pheann agus pár go dtí teacht an AI – 40 bliain i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean

Tá Vivian Uíbh Eachach éirithe as mar phríomhaistritheoir i dTeach Laighean. Labhair sé le Tuairisc faoi na blianta a chaith sé i Rannóg an Aistriúcháin agus a bhfuil i ndán don rannóg

Ó pheann agus pár go dtí teacht an AI – 40 bliain i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean

Ba mhaith le hiar-phríomhaistritheoir Thithe an Oireachtais, Vivian Uíbh Eachach, a chuaigh ar scor le deireanas, go dtiocfaidh an lá nuair a bheadh an reachtaíocht “á tionscnamh go dátheangach” i dTeach Laighean agus go mbeadh an Ghaeilge in úsáid ag lucht déanta polasaí “i ngach aon chéim” den phróiseas.

Agus é ag labhairt le Tuairisc faoin mbreis agus dá scór bliain a chaith sé i Rannóg an Aistriúcháin, dúirt Uíbh Eachach gurb í an reachtaíocht dhátheangach “todhchaí” na rannóige.

“Bhí éileamh ag roinnt polaiteoirí ar phróiseáil na n-achtanna go dátheangach. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin réadúil faoi láthair, ní féidir linn na riaráistí atá ann a ghlanadh

“Ach dá bhféadfaí an reachtaíocht a thionscnamh go dátheangach, trí ‘chóras dréachtaithe dátheangach’ nó ‘córas dréachtaithe agus aistriúcháin’, bheadh an téacs i ngach aon chéim den phróiseas [i nGaeilge] agus nuair a bheadh an Bille rite, bheadh sé aistrithe agus ní bheadh aon obair le déanamh. Bheadh sé ar fáil mar a bhíonn an Béarla – láithreach. Sin an todhchaí,” a dúirt Uíbh Eachach.

Dúirt sé gur ritheadh “roinnt billí dátheangacha” i gcaitheamh na mblianta ach gur billí iad sin a bhain le ceist na teanga nó leis an nGaeltacht.

D’fhéadfaí billí eile a rith go dátheangach ach an “dúshlán is mó” faoi láthair ná teacht ar na hacmhainní an riaráiste a ghlanadh.

“Ansin bheadh scenario nua agat agus is féidir tosú ag breathnú ar na féidearthachtaí eile,” a dúirt sé.

Deir sé gur “údar mór díomá” é nár éirigh leis na comórtais earcaíochta a reáchtáladh ó 2018 i leith a ndóthain aistritheoirí nua a mhealladh chuig Rannóg an Aistriúcháin agus go bhfuil an rannóg “ag streachailt ó shin”.

“Go mí-ámharach níor éirigh linn na daoine a fháil isteach, chuir sé an-díomá orainn. Ó 2018 i leith, eagraíodh 25 comórtas ach níor éirigh linn teacht ar na daoine a bhí ag teastáil, agus ba mhór an t-údar díomá é.

“Tá gach duine ar aon intinn maidir leis an líon daoine atá ag teastáil ach ní raibh an margadh in ann iad a chur ar fáil,” a dúirt Uíbh Eachach.

Deir sé go mbíonn tionchar ag an stádas oifigiúil a tugadh don Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar na hiarrachtaí a rinneadh aistritheoirí a earcú go Tithe an Oireachtais, ach go raibh tionchar ag rudaí eile ar an nganntan aistritheoirí freisin.

“Gné amháin de ná go bhfuil stádas oifigiúil tugtha don Ghaeilge san Eoraip. Gach seans mura mbeidís siúd ag earcú go bhfaighimis na daoine, ach ní mar sin a tharla agus táimid ag streachailt ó shin.

“Ba léir dúinn nach raibh an stát ag cur dóthain daoine ar fáil leis na poist a bhí ann, a bhí á gcruthú ag an stát féin. Bhí gliondar orm [an suíomh] SaolOibre a fheiceáil, agus go bhfuil Roinn na Gaeltachta le cur le hiarrachtaí an stáit cainteoirí Gaeilge a earcú.”

Tá “iarracht mhór” ag teastáil sa gcóras oideachais ar fad, dar leis, chun daoine a sholáthar a bhfuil Gaeilge ar “leibhéal gnó” acu.

Ní aistritheoirí amháin atá ag teastáil, ach daoine le postanna riaracháin a thógáil sa státchóras.

“Ní dóigh liom gur éirigh leis an stát an meon atá ag formhór den phobal i leith na Gaeilge a athrú. Ní raibh na seirbhísí ar fáil [i nGaeilge] ar feadh na gcéadta blianta faoi na Sasanaigh, agus fágann sé sin a rian ar dhaoine ó ghlúin go glúin.

“Tá sé sin fós ann, agus caithfidh an stát a mhíniú do dhaoine go bhfuil na seirbhísí ann agus deiseanna ann freisin. Is tús é SaolOibre ach tá a thuilleadh le déanamh,” a dúirt sé.

Thug Uíbh Eachach le fios go bhfuil fadhb an ghanntain aistritheoirí ag Rannóg an Aistriúcháin ó bhí na 1980idí ann agus gur tháinig “méadú as cuimse” ar an ualach oibre a leagadh ar an rannóg sna blianta i ndiaidh d’Éirinn dul isteach san Aontas Eorpach.

“Bhíomar ag streachailt i ndáiríre leis na tiontuithe oifigiúla ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Bhí roinnt cásanna cúirte nuair a bhí daoine ag lorg tiontuithe oifigiúla, rud a bhfuil an ceart acu air,” a dúirt sé.

Os cionn 15 bliain ó shin, chuir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív aonad ar leith ar bun le hionstraimí reachtúla a aistriú, in iarracht ualach oibre na rannóige a laghdú. Cuireadh deireadh leis an aonad sin tar éis cúpla bliain, áfach.

“Tugadh breithiúnas i gcás cúirte [Ó Murchú] nár ghá don stát na hionstraimí go léir a aistriú, ach go bhféadfadh an stát cinneadh a dhéanamh bunaithe ar ábhar na hionstraime – cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta – a aistriú.

“Tá deireadh leis an bplean mar gheall nach bhfuil an riachtanas dlí ann. Cuirtear b’fhéidir 50 nó 60 acht amach sa bhliain, ach eisítear os cionn 1,400 ionstraim reachtúil. Níl, agus ní raibh, sé réadúil a cheapadh go bhféadfaí na hionstraimí reachtúla a aistriú,” a dúirt Uíbh Eachach.

Vivian Uíbh Eachach. Pictiúr: Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Scaití, luaitear bunú ‘lárionad aistriúcháin’, a mbeadh cúram níos leithne air ó thaobh aistriúcháin oifigiúla an stáit de. Dúirt Uíbh Eachach nach mbeadh sé féin “in aghaidh” a leithéid ach go mbeadh sé “go holc” dá gcuirfeadh an stát deireadh le Rannóg an Aistriúcháin féin.

“An dúshlán is mó na hacmhainní a fháil. Ba chóir go mbeadh an rannóg in ann teacht ar na hacmhainní atá ag teastáil leis an éileamh reatha a shásamh. Léiríonn na figiúirí an fhírinne maidir leis sin.

“Sna hiarrachtaí earcaíochta a chuir an rannóg ar bun ó 2018, d’éirigh linn 50% a earcú. B’fhéidir nach aon ábhar iontais é, ach d’éirigh linn 50% den riaráistw a ghlanadh agus 50% de na hAchtanna. Is léir, mar sin, go bhfuil an réiteach san earcaíocht.

“Níl aon chúis ann a cheapadh nach n-éireodh leis an rannóg na riaráistí a ghlanadh agus na hAchtanna a aistriú dá mbeadh na hacmhainní againn,” a dúirt sé.

Tá athruithe móra feicthe ag Uíbh Eachach, a thosaigh ag aistriú Achtanna le “peann agus páipéar” i 1984.

Thaitin sé go mór leis a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge sa pharlaimint agus sa reachtaíocht.

Peann, páipéar, agus cártaí téarmaíochta a chuir iar-rúnaí Éamoin de Valera i dtoll a chéile na huirlisí a bhí ag an aistritheoir óg i lár na 1980idí, ach níorbh fhada gur tháinig saol na ríomhaireachta isteach sna 1990idí.

“Is deacair do dhuine óg é seo a chreidiúint ach na huirlisí aistriúcháin a bhí agam nuair a chuas isteach ná peann agus páipéar. Bhí Máire Ní Cheallaigh ina rúnaí ag de Valera, faoi mar a bhí a haintín, agus nuair a fuair de Valera bás i 1975 tháinig Máire isteach sa rannóg agus chuir sí cartlann de chártaí le chéile bunaithe ar na téarmaí sna hAchtanna.

“Is éard a bhí ann ná tarraiceáin, i gcaint an lae inniu ‘comhadlann’, agus bhí sé sin ina chabhair an-mhór dúinn. Tá cúrsaí fasach an-tábhachtach san aistriúchán, le go mbeadh na nathanna agus na téarmaí ag teacht lena raibh rompu, agus ag teacht le stíl an tí. Ba mhór an chabhair córas Mháire Ní Cheallaigh chuige sin,” a dúirt Uíbh Eachach.

Tá réimse mór téarmaí nua tagtha chun cinn le dhá scór bliain.

“Bíonn cúrsaí téarmaíochta ag athrú i rith an ama. Ceapadh a lán lán coincheapa nua i gcúrsaí airgeadais, talmhaíochta, cosanta, agus na réimsí go léir a mbíonn plé againn leo. Mar sin, ba mhór an chabhair é go raibh coiste téarmaíochta ann. Bhíomar in ann an bunachar a bhí againn féin a fhorbairt agus téarmaí a fhorbairt as téarmaí a bhí ann cheana féin.”

De réir a chéile, d’imigh an peann agus an páipéar agus tosaíodh ag baint leas as próiseálaithe focal dála Word Perfect agus Microsoft Word leis an obair aistriúcháin féin a dhéanamh.

“Chuir sé sin tús leis an athrú próisis i gcúrsaí aistriúcháin. Bhí méarchlár ann in áit pinn agus pár. Tháinig forbairtí ar an gcomhéadan agus in 2003 shocraíomar go gceapfaí uirlis aistriúcháin dúinn féin sa rannóg.

Fuarthas comhlacht príobháideach ar conradh chun na hAchtanna [Gaeilge] ó 1922 i leith a shábháil agus na leaganacha Béarla a bhí gafa ag Oifig an Ard-Aighne a thógáil agus inneall aistriúcháin a dhéanamh.

“Bhí sé sin ina chabhair an-mhór dúinn agus d’athraigh sé an tírdhreach. Chuir sé dlús leis an obair, agus ní raibh ort dul níos faide ná an ríomhaire ar an deasc leis na foinsí a bhí ag teastáil uait a aimsiú,” a dúirt sé.

Bhí an córas intí sin in úsáid i Rannóg an Aistriúcháin ar feadh cúig bliana déag, ach fágadh an fhoireann “i bponc” nuair a tharraing an comhlacht a bhí á rith siar.

Bhí “feabhas mór” tagtha ar tháirgí tráchtála aistriúcháin faoin am sin, dar le hUíbh Eachach, agus chuaigh foireann na rannóige i muinín ceann acu sin – Trados, atá in úsáid sa rannóg ó shin.

Agus é ag teacht go deireadh a ghairmré, tháinig athrú mór millteach eile ar shaol an aistritheora – teacht na hIntleachta Saorga. Dúirt Uíbh Eachach go bhfuil gairm an aistritheora “ar bharr an liosta” de na gairmeacha atá i mbaol ón Intleacht Shaorga ach nach bhfuil deireadh ráite fós.

“Is athrú mór é, tá forbairtí móra ann leis an Intleacht Shaorga. Tá deis ansin de réir mar a fheabhsaíonn sé, agus d’fhéadfadh sé cuidiú go mór leis an aistriúchán. Deirtear go bhfuil liosta ag na saineolaithe de na gairmeacha atá i mbaol ón AI agus tá gairm an aistritheora ar bharr an liosta sin.

“Ní mar sin atá ná a bheidh go ceann i bhfad eile, bíonn duine ag teastáil chun an comhthéacs a thuiscint agus feabhas a chur ar an gcéad iarracht a bheadh déanta ag an gcóras AI,” a dúirt sé.

Deir sé go mbíonn an Ghaeilge “beagáinín taobh thiar” de mhórtheangacha an domhain i dtaobh na teicneolaíochta de ach go dtiocfaidh an lá a mbeidh “an Intleacht Shaorga ina dlúthchuid den obair a dhéantar”.

Vivian Uíbh Eachach

Deir sé gur annamh a labhraítear Gaeilge sa Dáil ná sa Seanad ach go bhfuil iarrachtaí seasta ar bun ag Rannóg an Aistriúcháin an méid Gaeilge a labhraítear sa dá theach.

Tá an rannóg freagrach as cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí dátheangachais. Tá sí freagrach as an nGaeilge agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc na TDanna agus na Seanadóirí agus chuige sin cuirtear ar fáil leabhrán téarmaíochta, Gluais na mBillí agus tá coistí stiúrtha bunaithe chun cur le labhairt na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad.

Ach ar deireadh is iad na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí “a shocróidh cén teanga a labhróidh siad”.

Tá “cúiseanna go leor” ann nach mbíonn siad ag úsáid na Gaeilge chomh minic sin, a deir sé.

“Bhain cuid mhaith de le muinín an duine astu féin an Ghaeilge a labhairt. Bíonn drogall ar dhaoine Gaeilge a labhairt má cheapann siad go bhfuil siad chun dearmad a dhéanamh agus an rud á thaifeadadh.

“Tá sé nádúrtha, ach an méid sin ráite, bhí daoine ann i gcónaí a d’úsáid an Ghaeilge mar theanga nádúrtha sa seomra, a labhair go hiomlán i nGaeilge faoi chúrsaí nár bhain leis an nGaeilge.

Tá cuid mhaith daoine sa Dáil anois a bhfuil Gaeilge mhaith acu, a deir sé.

“Bunaithe ar an anailís, ní dóigh liom go mbaineann sé leis an struchtúr atá ar an sceideal gnó, ach an mhuinín atá ag na Teachtaí Dála,” a dúirt sé.

“Táim dóchasach, agus roinnt Teachtaí nua sa Dáil anois, má bhíonn siad sin sásta an Ghaeilge a úsáid i seomra na Dála go nglacfar leis gur rud nádúrtha é. Is dúshlán mór é sin ach is faoi na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí an cinneadh sin a ghlacadh,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an rannóg ag fiosrú uirlis eile a chabhródh le Teachtaí Dála agus Seanadóir ráitis agus aithisc a réiteach i nGaeilge.

“Córas éigin ina bhféadfaí cuidiú le Teachtaí Dála agus caint nó aitheasc á réiteach acu. Bheifí in ann comhairle a fháil, nó fiú amháin go n-aistreofaí an rud dóibh.

“An dúshlán a bheadh leis sin ná go mbíonn daoine ag caint ag a hocht nó a naoi a chlog istoíche, agus chaithfí córas a chur i bhfeidhm go mbeadh teacht ar an tseirbhís an uair sin,” a dúirt sé.

Agus é éirithe as a chúram mar phríomhaistritheoir, tá sé i gceist ag Vivian Uíbh Eachach an peann a tharraingt chuige féin arís agus leabhar a scríobh. Chuir sé trí leabhar amach sna 1990idí agus dúirt sé le Tuairisc gurb é a mhian anois filleadh ar an scríbhneoireacht.

“Tá suim ar leith agam sa stair, agus tá taighde á dhéanamh agam le deich mbliana anuas ar chúige Laighean – saothar faoi Ó Mórdha agus Ó Broin. Leanfaidh mé orm le mo chuid taighde. Teastaíonn uaim cothrom na Féinne a thabhairt do Ghaeil Chúige Laighean, sheas na Laighnigh an fód in aghaidh an choilínithe agus caitheadh go brúidiúil leo. Ba mhaith liom a scéal siúd a insint.

“Braithfidh mé uaim cúrsaí aistriúcháin, bhí mé sa rannóg 40 bliain. Ach táim dóchasach faoi thodhchaí na rannóige, tá daoine breátha ann agus déanfaidh siad an beart sna blianta amach romhainn,” a dúirt Uíbh Eachach.

Táthar ag súil go gceapfar príomhaistritheoir nua i Rannóg an Aistriúcháin faoin am a thiocfaidh an Dáil ar ais tar éis bhriseadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Ó pheann agus pár go dtí teacht an AI – 40 bliain i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean'