‘Spreag an glaoch suim ionam an uair seo’ – Éamonn Fitzmaurice ag súil le dúshlán nua agus an chaid á tabhairt go Gaillimh

Agus é ag labhairt leis na meáin den chéad uair ó ceapadh é ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe, labhair an Ciarraíoch ar chúrsaí taistil, ar pholaitíocht na peile agus ar an dúshlán a bhaineann le himeacht ó Chiarraí

‘Spreag an glaoch suim ionam an uair seo’ – Éamonn Fitzmaurice ag súil le dúshlán nua agus an chaid á tabhairt go Gaillimh

Nuair a ceapadh Pádraic Joyce ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe in 2019, ba é ceann de na chéad rudaí a dúirt sé ná gur teip a bheadh ann mura dtabharfadh na Gaillmhigh Craobh na hÉireann leo le linn a thréimhse. 

Cé gur tháinig sé an-ghar dó cúpla uair, níor bhain an Seoigeach amach an sprioc a leag sé síos dó féin ach céard faoin bhfear atá tagtha i gcomharbacht ar Joyce? An bhfuil an uaillmhian chéanna ag Éamonn Fitzmaurice? 

“Bhí a fhios agam ag teacht síos an bóthar go gcuirfí an cheist sin orm,” a deir an Ciarraíoch agus é ag labhairt ag a chéad ócáid phreasa mar bhainisteoir ar pheileadóirí na Gaillimhe. 

“D’iarr mé orm féin, ‘Anois, cad é an tslí is fearr chun é seo a fhreagairt?’ ach d’imigh sé as mo cheann agus níor tháinig sé ar ais chugam i ndáiríre,” a dúirt sé agus meangadh gáire air. 

“Ach sea, [is í Craobh na hÉireann] an sprioc, cinnte. An sprioc atá ann ná coirn a bhuachan.” 

Tá an sprioc sin bainte amach ag Fitzmaurice go dtí seo mar bhainisteoir. Thug sé leis Craobh na hÉireann agus sé cinn de chraobhacha na Mumhan nuair a bhí sé i gceannas ar Chiarraí agus tá coirn buaite aige freisin mar chuid d’fhoirne bainistíochta le Pobalscoil Chorca Dhuibhne, scoil a bhfuil sé ina phríomhoide uirthi, leis an bhFosadh agus lena chumann áitiúil, Fionnúig. 

Is í seo an chéad uair do Fitzmaurice glacadh le post taobh amuigh den Ríocht, áfach, cinneadh nach raibh éasca, a deir sé, agus an-seans ann go mbeidh air aghaidh a thabhairt ar a chontae dúchais i gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh. 

“Bhí orm go leor machnaimh a dhéanamh ó thaobh Chiarraí de mar, suas go dtí cúpla seachtain ó shin, níor cheap mé riamh go mbeadh mé i mo bhainisteoir ar fhoireann a bheadh ag imirt in aghaidh Chiarraí,” a dúirt sé. 

“Bhí mé ag dul sall agus anall leis. Chruthaigh na caidrimh dúshlán níos mó ná Ciarraí ar bhealach. Tá grúpa [imreoirí] ansin a bhí agam ar scoil agus bhuamar cuid mhaith leis an scoil. Bíonn ceangal agat leis na leaideanna sin, ar ndóigh. Tá go leor leaideanna fós ag imirt [le Ciarraí] a thug mise isteach den chéad uair. Bíonn ceangal speisialta agat leis an mbainisteoir a thugann geansaí Chiarraí duit den chéad uair. Bhí sé sin agamsa le Páidí [Ó Sé]. Bhí mé ceithre bliana leis an bhFosadh ag obair le David agus Paudie [Clifford]. Réitigh mé an-mhaith leis an mbeirt ar ndóigh agus bhain mé an-taitneamh as a bheith ansin. 

“Bhí go leor ábhar machnaimh ann ach rinne mé an cinneadh faoi dheireadh. An mbeidh mé riamh 100% compordach leis? Níl a fhios agam.” 

Éamonn Fitzmaurice. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí cúpla dúshlán eile le sárú ag Fitzmaurice chomh maith, a phost mar phríomhoide ar Phobalscoil Chorca Dhuibne agus na turais fhada a bheidh le déanamh aige idir Chiarraí agus Gaillimh ina measc. 

“An cheist is mó atá curtha orm go dtí seo ná cúrsaí taistil. Tá mé cinnte go bhfaca sibh cuid de na rudaí AI a bhí ag flyáil timpeall, maith dom an t-imeartas focal,” a dúirt Fitzmaurice agus é ag tagairt d’íomhánna d’eitleáin agus héileacaptair a bhí á scaipeadh ar na meáin shóisialta. 

“Bhí na daltaí ag rá liom sa scoil Déardaoin go bhfuil sé i bhfad níos éasca anois dochtúireacht a dhéanamh ar na rudaí seo le AI le hais mar a bhí nuair a bhí mé i gceannas ar Chiarraí.” 

Deir Fitzmaurice nach mbeidh aon deacracht aige leis an taisteal agus go bhfuil cabhair mhór faighte aige ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. 

“Tá beagáinín eagrú i gceist leis ar ndóigh. Bíonn leathlae againn sa scoil Dé hAoine, déanfaidh sé sin níos éasca é. Tá leas-phríomhoide an-tuisceanach agam chomh maith, Elaine, cabhróidh sise liom. Is í máthair Bhrian Uí Bheaglaoich í mar a tharlaíonn sé. Tá caidreamh maith ann i láthair na huaire ar aon nós. Pé rud faoin tsraith, b’fhéidir go n-athródh sin nuair a thagann an chraobh! 

“Tá an-chuid tacaíochta faighte agam sa scoil, fiú sular ghlac mé leis an ról seo. Tá buíon iontach ag obair ann agus bíonn an-chomhoibriú ann. Tá tacaíocht phobail iontach ó na tuismitheoirí chomh maith. Beidh sé togha, tiocfaimid tríd. Déanfaidh mé cinnte nach ndéanfaidh mé praiseach de rudaí. Beidh sé gnóthach, tá a fhios agam sin ach measaim go bhfuil an fuinneamh agam agus go mbeidh mé in ann aige.” 

Deir Fitzmaurice nár cheap sé nach mbeadh aon suim aige tabhairt faoin mbainistíocht idirchontae arís agus nár athraigh sin dtí gur tháinig an glaoch ó chathaoirleach CLG na Gaillimhe, Paul Bellew, cúpla lá tar éis do Phádraic Joyce a fhógairt go raibh sé ag éirí as. 

“Chuir dreamanna eile an glaoch sin orm le cúpla bliain anuas agus ní dheachaigh rudaí níos faide ná an chéad ghlaoch sin ach spreagadh suim éigin ionam an uair seo, ar chúis éigin, agus chinn mé go bhfiosródh mé é.” 

Deir sé go bhfuil súil aige foireann bhainistíochta a chur le chéile sna laethanta amach romhainn agus cé go bhfuil cuid mhaith de chluichí na Gaillimhe feicthe ag Fitzmauirce le blianta beaga anuas mar chuid dá chuid oibre leis na meáin, deir sé go mbeidh sé “an-tábhachtach” go mbeadh daoine a bhfuil taithí níos mó acu ar chúrsaí sa gcontae leis. 

Tá traidisiún ann chomh maith go mbíonn ionadaíocht ó iarthar an chontae ar fhoireann bainistíochta na foirne, nós atá curtha in iúl don bhainisteoir nua cheana féin. 

“Fuair mé mo chéad cheacht ar an bpolaitíocht a bhaineann le cúrsaí caide i nGaillimh,” a dúirt sé agus é ag gáire. 

“Sin an rud, tá go leor le foghlaim agam. Is mór an dúshlán é, gach rud faoin gcontae a fhoghlaim agus a bheith ag iarraidh bainistíocht a dhéanamh ar an bhfoireann freisin [ach] tá a fhios agam go bhfuil an traidisiún sin ann agus tá mé ag déanamh machnaimh ar sin chomh maith.” 

Tá Fitzmaurice ag súil freisin go mbeidh sé in ann cúpla imreoir nua a thabhairt isteach chun cur le grúpa a bhfuil an-chumas ann cheana féin, dar leis. 

Bhí údar spreagtha i gcraobh na bliana seo do na Gaillmhigh chomh maith. 

“Tá mé cinnte go dtabharfaidh an méad a tharla, agus atá fós ag tarlú thar teorainn spreagadh do gach Gaillmheach. Ach is féidir dul thar fóir uaireanta maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rud mar sin ar chúrsaí. Beidh a bhfuil déanta ag Maigh Eo ina spreagadh ag an-chuid contaetatha, ní hamháin an Ghaillimh.” 

Ach bí cinnte de go bhfuil muintir na Gaillimhe ag súil gurb é Fitzmaurice an fear chun na comharsana a chiúnú.  

Fág freagra ar '‘Spreag an glaoch suim ionam an uair seo’ – Éamonn Fitzmaurice ag súil le dúshlán nua agus an chaid á tabhairt go Gaillimh'