I Vítneam a bhí Síle Nic Chonaonaigh in eagrán na seachtaine seo de An Balla (TG4). Seo an dara sraith den chlár agus í ag taisteal léi ó thír go tír a bhfuil lorg an bhalla, nó na críochdheighilte uirthi.
Clár thar a bheith suimiúil a chuir sí romhainn agus í ag leanstan den mhúnla thraidisiúnta; cur síos gonta ar stair na tíre agus ansin neart míreanna le daoine áitiúla faoina gcás. Bua mhór amháin atá aici go ligtear do dhaoine áitiúla labhairt ach go gcoinnítear lámh thapa ar stiúir an chláir ag an am chéanna. Spléachadh gasta agus tomhaiste a rinne sí ar chúrsaí agus cás an duine féin chun tosaigh i gcónaí aici.
Labhair sí ar iarmhairtí an chogaidh sa chlár seo; na mianaigh talún nár pléascadh agus an tinneas a lean de chuid mhór páistí de bharr úsáid Agent Orange, scéal amháin ó stair léanmhar na tíre sin a bhrisfeadh do chroí.
Bhí sí in ann labhairt le roinnt saighdiúirí Astrálacha a throid leis na Meiriceánaigh sa tír, gné den scéal nach bpléitear rómhinic agus casadh deas úr ó scéal traidisiúnta an GI. De réir mar a thuigim, d’iarr na Meiriceánaigh ar mhuintir Londan saighdiúirí a chur go Vítneam ach bhí go leor céille ag príomhairí na Breataine diúltú don iarraidh sin. An rud is annamh… (Is fiú leabhar Max Hastings ar an chogadh sin, Vietnam: an epic tragedy 1945-1975, a léamh).
B’fhéidir gurb é an chuid is iontaí den scéal gur luaigh Nic Conaonaigh scéal bhunadh na mBád, na daoine sin a theith ó Vítneam de bharr dhíoltas na gcumannach. Creid é nó ná creid, tógadh cuid de na daoine sin ón fharraige mhór sna 1970idí agus cuireadh ar lóistín iad faoi cheantar thuaisceart Ard Mhacha – agus pobal an cheantair sin in adharca armtha a chéile.
Clár breá ar fad; níor sheachain Nic Conaonaigh an foréigean a d’imir na Stáit Aontaithe ar an tír ná níor shéan sí an foréigean a rinne na cumannaigh bhuacha ar a bpobal féin ach an oiread.
Mar a tharla, turas tráthúil eile a thug sí ar an Fhionlainn sa chlár roimhe sin arís. Chuaigh sí chun cainte le polaiteoirí, pobal agus saighdiúirí de chuid na Fionlainne. Labhair sí leo faoina gcuid tuairimí, diúltacha, faoin Rúis agus an bhagairt a mhothaigh siad a bheith ag teacht ón tír sin ó rinne an Rúis ionsaí ar an Úcráin ceithre bliana go leith ó shin.
Chonaic muid mír fosta den sconsa a bhí an Fhionlainn a thógáil idir iad féin agus an Béar Mór. Ba dhoiligh gan gáire dóite a dhéanamh faoi. Chuaigh mórán daoine ag spochadh as Donald Trump as iarracht a dhéanamh balla a thógáil idir SAM agus Meicsiceo le stop a chur le hobair ghránna na gcairtéal.
Cad é an éifeacht a bheadh ag sconsa beag idir an Fhionlainn agus an Rúis, ó tharla gur cumhacht núicléach í an Rúis? Chuirfeadh an chaint ar fad a rinneadh sa chlár gruaim ort gan amhras. Doirteadh fola gan trócaire atá ar siúl san Úcráin agus is mór an náire a leithéid a fheiceáil san Eoraip. Mór an náire fosta an chaint go raibh deis chun sos comhraic ann luath go maith sa choimhlint ach gur chuir iar-phríomhaire na Breataine, Boris Johnson, cos i bpoll sa phróiseas áirithe síochána sin.
Mar sin féin, bhraithfeá port na paranóia anois ar chuid mhór den chaint seo ar fad go raibh an Rúis réidh le hionsaí a dhéanamh ar an Iarthar. ‘Tá an Rúis ag bagairt orainn,’ an glam ó Bheirlín (arís!) go Londain.
Ach diúracáin agus airm a rinneadh sa Ghearmáin agus sa Ríocht Aontaithe, mar shampla, atá in úsáid in aghaidh fhórsaí na Rúise san Úcráin agus in aghaidh infreastruchtúr eacnamaíochta na Rúise féin.
Lena chois sin, tá tuairimíocht láidir ann go bhfuil lucht NATO, faoi rún, ag soláthar cabhair theicniúil agus faisnéis mhíleata don Úcráin.
Cé acu is measa – tógáil balla de bharr imní nó tógáil imní de bharr titim buamaí?
Indrek
Ní oibríonn ballaí sa bhfadtéarma, cinnte. Mar sin féin, tá leas á bhaint ag an Rúis as buíonta inimirceach mar uirlis chogaidh le brú a chur ar an bhFionlainn agus ar thíortha eile an Aontais Eorpaigh atá taobh léi. Is le teacht na mbuíonta sin a smachtú nó a mhoilliú atá an sconsa á thógáil, go príomha. Maidir leis an rafla gur chuir Boris Johnson na cainteanna síochána san Úcráin ó mhaith, ní dóigh liom go n-aontódh mórán tráchtairí leis sin … Is túisce gur éilimh dhóghlactha na Rúise, dul chun cinn na bhfórsaí Úcránacha ar an talamh agus teacht chun solais uafáisí Bucha ba chúis leis an teip. Tá plé cuimsitheach ar an ábhar ar fáil ar an Vicipéid (https://en.wikipedia.org/wiki/Peace_negotiations_in_the_Russo-Ukrainian_war_(2022%E2%80%93present)).
Carraig
Tagaim leat, tá ‘An Balla’ ar fheabhas tríd is tríd.
Pearsantacht Nic Chonaonaigh an-oiriúnach do chlár mar sin: í tomhaiste, mín, fiosrach, foighneach.
Maidir leis an gcogadh i Vítneam, bainfidh an leabhar a scrígh Bao Ninh: ‘The sorrow of war’, croitheadh asat.
Bhí sé ar dhuine den deichniúr as 500 Vietcong óg a d’fhill abhaile ón gcogadh sin. Cuireadh cosc ar an leabhar i Vítneam féin toisc gur nochtadh “an iomarca den bhfírinne” ann.