GRADAM: Helen Ní Shé le hinsealbhú i Halla na Laochra Raidió IMRO

Tá an craoltóir aitheanta as Corca Dhuibhne i measc ceathrar craoltóirí atá le hinsealbhú ag Gradaim Raidió IMRO a bheidh ar siúl i gCill Chainnigh an mhí seo chugainn

GRADAM: Helen Ní Shé le hinsealbhú i Halla na Laochra Raidió IMRO

Tá Helen Ní Shé, óstach an phodchraolta Paiste Cainte ar Tuairisc agus iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, le hinsealbhú i Halla na Laochra Raidió IMRO ag tús na míosa seo chugainn.

Mar láithreoir ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is fearr atá aithne ar Helen Ní Shé, atá áirithe i measc shárchraoltóirí agus agallóirí na tíre.

Bhí an clár irise ó chúige Mumhan á chur i láthair aici ón mbliain 2007, nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar Mhicheál Ó Sé tar éis di filleadh ar an raidió i ndiaidh seal a chaitheamh ina cónaí i Nua-Eabhrac.

I 1986 a thosaigh Helen Ní Shé, ó Chathair Scoilbín i bParóiste na Cille, ag obair le Raidió na Gaeltachta sa seomra nuachta i mBaile na nGall. Thug sí tréimhsí ina léiritheoir ar An Saol Ó Dheas agus bhí sí ina léiritheoir ar Iomarbhá Feasa, sraith tráth na gceist idir paróistí na Mumhan agus ina láithreoir ar Gaoth an Fhocail clár tráth na gceist eile, a mbíodh scoth na gcainteoirí Gaeltachta páirteach ann.

Le linn na tréimhse 17 bliain a chaith sí ina láithreoir ar An Saol Ó Dheas, bhain sí cáil amach mar láithreoir tuisceanach géarchúiseach, buanna a léirigh sí go paiteanta in agallamh coscrach a rinne sí in 2018 le Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck.

Tá meas uirthi chomh maith as an tuiscint a léirigh sí ar a pobal féin agus pobal na Mumhan trí chéile agus tá cuid de na cláir ina ndeachaigh An Saol Ó Dheas i measc an phobail i measc na gcláracha is mó a thuill aitheantas di. Tugadh ardmholadh don tsraith clár faoin aer a chuir sí i láthair le linn dianghlasáil bhlianta na paindéime Covid-19.

Tá aitheantas faighte cheana ag Helen i dtionscal na craoltóireachta. Bronnadh gradam Craoltóir na Bliana an Oireachtais uirthi in 2014 agus 2018, agus bronnadh Gradam Craoltóir Solabhartha na Bliana uirthi in 2020.

Helen Ní Shé i 1994

Beidh searmanas speisialta ann díreach roimh bhronnadh Ghradaim Raidió IMRO le Helen Ní Shé agus triúr craoltóirí eile a insealbhú i Halla na Laochra ar an 2 Deireadh Fómhair. Beidh an searmanas agus na gradaim ar siúl in Óstán Eastát Ráth an Lígh i gCill Chainnigh.

Is iad an triúr craoltóirí eile a bheidh á n-insealbhú ná Michael Crawley, ó LMFM; Teena Gates, a d’oibrigh ar RTÉ, 98FM, Today FM, agus Newstalk i measc stáisiúin eile; agus Marty Whelan, ó RTÉ Lyric FM.

Rinne Rónán Ó Domhnaill, coimisinéir forbartha meán le Coimisiún na Meán, comhghairdeachas leis an gceathrar craoltóirí agus dúirt go bhfuil an t-aitheantas tuillte go maith acu mar gheall ar a “dtiomantas agus scil mar chraoltóirí”.

“Is iontach an rud a fheiceáil go bhfuil aitheantas á thabhairt don mhéid atá tugtha acu do chúrsaí raidió in Éirinn. Is cuid lárnach de na meáin chumarsáide in Éirinn é an raidió. Cuireann sé éagsúlacht guthanna agus dearcthaí ar fáil a thugann idir eolas agus siamsaíocht d’éisteoirí ar fud na tíre,” a dúirt Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'GRADAM: Helen Ní Shé le hinsealbhú i Halla na Laochra Raidió IMRO'