‘Imscrúdú grinn’ agus ‘gníomhartha’ ag teastáil chun dul i ngleic le ceist na ndaltaí nach dtugann faoi Ghaeilge na hArdteiste

Deir Conradh na Gaeilge gur gá gníomhú anois sula méadaíonn líon na ndaoine nach bhfuil ag tabhairt faoin scrúdú Gaeilge don Ardteist a thuilleadh

‘Imscrúdú grinn’ agus ‘gníomhartha’ ag teastáil chun dul i ngleic le ceist na ndaltaí nach dtugann faoi Ghaeilge na hArdteiste

“Ábhar mór imní” is ea figiúirí a foilsíodh ar an tseachtain seo a chuaigh thart agus a léirigh gur mhéadaigh líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist i mbliana.

Cé go nglactar leis go mbíonn “cúiseanna éagsúla” taobh thiar de na figiúirí a fhoilsítear is “ábhar mór imní é an treocht seo a fheiceáil” maidir leis an Ghaeilge, a dúirt an Dr Aisling Ní Dhiorbhain, Stiúrthóir SEALBHÚ.

Léirigh na figiúirí nach ndearna duine as gach ceathrar den 70,000 a fuair torthaí na hArdteiste Dé hAoine seo caite scrúdú Gaeilge.

Deir an Roinn Oideachais nár chóir ach iadsan a thugann faoin Ardteistiméireacht Bhunaithe a chur san áireamh nuair atá líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge á phlé. D’fhágfadh sin go ndearna 81% de dhaltaí – 53,117 as 65,326 – scrúdú Gaeilge na hArdteiste in 2026.

Bunaithe ar na figiúirí céanna, tá an bhearna idir na céatadáin a thugann faoin Ghaeilge agus a thugann faoi na scrúduithe sna croí-ábhair eile níos mó fós. 98% de dhaltaí na bliana seo a thug faoi na scrúduithe sa Bhéarla agus 99% acu sa Mhatamaitic mar chuid den Ardteistiméireacht Bhunaithe 2026.

Deir An Dr Aisling Ní Dhiorbhain go bhfuil “gá le himscrúdú an-ghrinn” a dhéanamh ar na figiúirí mar go bhfuil difear mór idir líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú Gaeilge i mbliana i gcomparáid leis na croí-ábhair eile.

De ghnáth, bíonn díolúine faighte ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

Ó thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta, tá ardú tagtha ar líon na ndíolúintí.

Dúirt Ní Dhiorbhain go dtéann córas reatha na ndíolúintí “i gcoinne phrionsabail an oideachais ionchuimsithigh” agus gur cheart iarracht a dhéanamh freastal a dhéanamh ar dhaltaí in áit díolúine a bhronnadh orthu.

“Is léir nach rud ‘annamh agus eisceachtúil’ atá i mbronnadh na ndíolúintí. Ní mór go ndéanfaí difreáil sa soláthar don Ghaeilge chun freastal ar leanaí agus daoine óga a bhfuil réimse cumais, riachtanais agus spéiseanna acu.”

Mhaígh sí nár chóir go bhfágfaí leanbh ar bith nó duine óg ar lár ó “na buntáistí féideartha” a bhaineann le foghlaim na Gaeilge agus gur fiú go mór “an phríomhbhéim a leagan ar scileanna cumarsáide” a fhorbairt ag gach céim den chóras oideachais.

Tá sé in “am gníomhú ar na moltaí” atá ag teacht chun tosaigh “arís agus arís eile,” cosúil leis an moladh go mbeadh mórpholasaí ann don Ghaeilge agus go ndéanfaí ceangal le Fráma Tagartha Comónta na hEorpa [TEG}, a dúirt sí.

Deir Conradh na Gaeilge gur “léiriú eile” é an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist i mbliana go bhfuil “éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go gcaithfear “gníomhartha éigeandála” a ghlacadh chun dul i ngleic leis an scéal.

“Tá an plean atá ag an Roinn Oideachais [don Ghaeilge] sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla le moladh ach níl an plean sin chun aon difear a dhéanamh sa chóras ina iomlán, i ndáiríre.”

Thug sé le fios go bhfuil Conradh na Gaeilge “go mór in amhras” faoin méid atá ar siúl ag an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) san am i láthair agus go bhfuil an chuma air go bhfuil “níos mó cur i gcéill” ar siúl acu seachas an Ardteist “a ailíniú ina hiomlán”.

Deir de Spáinn go bhfuiltear ag rá go bhfuil an tSraith Shinsearach le hailíniú “i mbealach éigin leis an Ardteist,” ach níl siad ag rá cad is brí leis sin agus ní “ailíniú iomlán a bheas i gceist”, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil Conradh na Gaeilge ag moladh le roinnt blianta anois go mbeidh an Ghaeilge sa chóras oideachais “ailínithe” leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach chun go mbeidh córas i bhfad “níos solúbtha agus níos tuisceanaí” ann do na daltaí.

“Tá sé seo luaite againn leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton cheana. D’iarr muid uirthi gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sa chóras oideachais agus dúirt léi nach bhfuil an rud atá ar siúl ag an CNCM faoi láthair chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá sa chóras.

“Cé go bhfuil sé luaite sa chlár rialtais go mbeidh an curaclam le hailíniú leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach, ón méid atá ar siúl faoi láthair agus an méid atá ar siúl ag an CNCM, ní fheictear dúinn go mbeidh sé sin déanta sa ghearrthéarma,” a dúirt de Spáinn.

Is gá “gníomhú anois” sula méadaíonn líon na ndaoine nach bhfuil ag tabhairt faoin Ghaeilge don Ardteist a thuilleadh, a dúirt sé.

Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge roimhe seo, gur ‘easpa físe’ na Roinne Oideachais is cúis le hardú ar líon na ndaltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

DEIREADH

Ní dhearna 24% de dhaltaí a rinne an Ardteist anuraidh scrúdú Gaeilge. Rinne eagraíochtaí teanga agus oideachais cáineadh géar déanta ar an Roinn Oideachais faoin scéala.

Dúirt Julian de Spáinn go raibh “a n-aghaidh sa ghaineamh” ag an Roinn Oideachais faoi líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge Ardteiste anuraidh.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas gur “peaca” a bhí ann go raibh an oiread daoine ann nach ndearna an Ghaeilge ar chor ar bith don Ardteist.

Fág freagra ar '‘Imscrúdú grinn’ agus ‘gníomhartha’ ag teastáil chun dul i ngleic le ceist na ndaltaí nach dtugann faoi Ghaeilge na hArdteiste'