Ní thógfadh sé i bhfad ar na gasúir as Conamara suim a chailliúint sa bpóló agus díriú ar na moncaithe sa zú

Cluiche simplí go leor é an póló ach níl baol ar bith nár chuir leagan Pháirc an Fhionnuisce scéin ar ár gcolúnaí agus é ina stócach

Ní thógfadh sé i bhfad ar na gasúir as Conamara suim a chailliúint sa bpóló agus díriú ar na moncaithe sa zú

Jimmy Edwards

Níos minicí ná a chéile agus mé ag déanamh an bhealaigh as Cois Fharraige go Páirc an Chrócaigh téim trí Pháirc an Fhionnuisce agus mé ag tarraingt ar an stráca deireanach den aistear. Tá cúpla cúis leis sin. Ar cheann acu tá an faoiseamh a thugann sé dom trácht trom na cathrach a fhágáil i mo dhiaidh, más go sealadach féin é. Anuas air sin is mór an suaimhneas atá ag baint le bheith timpeallaithe ag an bhféarach, na crainn agus ag na hainmhithe seachas a bheith síoraí san airdeall ar shoilse tráchta, tiománaithe mífhoighdeacha agus na scútair bheaga mhallaithe sin.

Tá cúis phearsanta freisin le mo shonas. Agus mé ag éirí aníos i mo ghasúr agus ina dhiaidh sin i mo stócach bhí cónaí ar aintín agus ar uncail de mo chuid ar imeall na Páirce. Timpeall an ama seo chuile bhliain ba nós leosan teach a bhabhtáil le mo mhuintirse. Thugadh siadsan aghaidh ar Chonamara agus muide ar shaol coimhthíoch na cathrach.

Tá mé lánchinnte go mba ag an am seo den bhliain a tharlaíodh sin mar go mbíodh Seó Capall an RDS ar siúl i nDroichead na Dortha mar a bhí le fíorghairid.

Ní hé go mbíodh a dtriall ansiúd ná tada mar é. Má thug muid aon chuairt amháin ar an áit in imeacht na mblianta ar fad, b’in a chloch nirt agus is beag atá fanta i mo chuimhne ina thaobh.

Ach tá cuimhne ghléineach agam ar ócáidí agus ar chluichí a mba é Seó na gCapall ba chúis leo agus a bhíodh ar siúl in áit a bhí buailte ar an áit a mbíodh muide ar Bhóthar na hUaimhe. Ach a dhul isteach i bPáirc an Fhionnuisce trí gheata na Cabraí, thabharfadh 20 nóiméad muid chuig lárionad an áir – stráice talún atá lonnaithe idir Áras an Uachtaráin agus Gairdín na nAinmhithe.

Páirc an Phóló atá mar ainm air agus táthar i mbun imeartha ar an gcluiche siúd ann ó 1873. Is é is sine dá leithéid san Eoraip.

Cluiche simplí go leor é an póló. Ina bhun bíonn dhá fhoireann a bhfuil ceathrar marcach ar mhuin capaill ar chaon taobh, máilléad an duine acusan a bhfuil feacanna fada astu agus iad ar a mbionda ag iarraidh liathróid bheag a chur isteach i gcúl a gcéilí comhraic.

Deirtear gur cluiche é a bhí á imirt 2,500 bliain ó shin agus go mba mharcshluaite airm ba mhó a bhí ag plé leis agus iad i mbun traenála a gcuid capall sa gcaoi go gcuirfeadh siad ruaig ar an namhaid.

Níl baol ar bith nár chuir leagan Pháirc an Fhionnuisce scéin sa gcúigear gasúr as Conamara a bhíodh ina seasamh ar chiumhais na páirce sna 1970idí. Ocht gcapall faoi lán luais ag déanamh orthu ag seitreach agus ag gnúsacht; butaí fir sa diallait a mbíodh buataisí agus triús marcaíochta fáiscthe aníos orthu, mar aon le clogaid chiorclacha ar a gcloigne.

Ní raibh aon chailleadh orthu ag eascaine ach an oiread.

Níorbh iontas nach bhfágfadh mo mháthair bhocht an carr le teann faitís. Tharlódh freisin gur fhág a cuid poblachtachais go raibh caitheamh aimsire ab fhearr a d’fheilfeadh í seachas a bheith ag déanamh imní faoi shábháilteacht a cuid leanaí a bheith á cur i mbaol ag rud a raibh ‘Spórt na Ríthe’ baiste air.

Bhíodh tráchtaireacht ar an imirt le cloisteáil acu siúd a bhí bailithe timpeall an chlubthí. Nuair a luaití ainmneacha na n-imreoirí ba mhinic teideal a bheith ag dul leor, ‘An Tiarna’,‘An Maor-Ghinearál’,‘An tUasal’ agus mar sin de. Sin rud eile a choinneodh ó chorraí í!

Ag an gcluiche póló ba thúisce a chonaic muid, ba dheacair linn an tráchtaireacht chéanna a thuiscint. B’fhacthas dúinn go mb’amhlaidh a bhí fata i mbéal an té a bhí ina bhun. Míníodh dúinn go mba chanúint an tSasanaigh ghalánta a bhí i gceist – gan againne ach an ‘faaht’, ‘fwen’, ‘fye’ agus ‘ffhair’.

De na himreoirí ar fad, ba é ainm Jimmy Edwards an t-aon cheann a d’aithníodh muid. An teilifís a bheith tagtha thar tairseach isteach a d’fhág sin amhlaidh. Fear grinn agus aisteoir ab ea Edwards a raibh cáil mhór air sna 1960idí agus 1970idí. B’fhurasta aithne é, bhíodh croiméal mór de dhéanamh an ‘handlebar moustache’ air.

Sa bpóló, is ceadaithe do na marcaigh a bheith ag guailleáil a chéile agus iad féin agus a gcuid capall ag déanamh ar an liathróid. Más buan mo chuimhne bhí Edwards paiteanta ag an obair sin, fiú faoi luas os cionn 20 ciliméadar san uair.

275m x 140m, (300×160 slat) toisí na páirce, maireann an cluiche ar a laghad uair go leith – ach ní bhíonn ach tuairim leathuair imeartha i gceist mar go n-athraíonn na marcaigh capall ag deireadh chuile cheathrú nó ‘chukka’.

Ní gá a rá go raibh suim caillte againne ann i bhfad roimhe sin. Ba ar éigean a bhíodh leath na himeartha déanta nuair a bhí ár sáith feicthe againne agus muid ag breathnú isteach ar na moncaithe, ar na heilifintí agus ar na leoin trí fhál sreinge Ghairdín na nAinmhithe. Sin nó ag impí ar ár dtuismitheoirí uachtar reoite ar dhéanamh ‘cón’ a cheannacht dúinn as ceann de na trucailí a bhíodh á dhíol sin taobh amuigh de na geataí.

Anois agus arís a bhí fáil air i gConamara agus an uair sin féin bhíodh muid taobh leis an mblocán a leagfadh an siopadóir a phrionta air sula ngearrfadh sé é.

Tá an chuid is fearr de shéasúr póló na bliana seo thart anois i bPáirc an Fhionnuisce. Seachtain ón Satharn seo chugainn a imreofar an dá chluiche dheireanacha ann.

Fágann an costas a bhaineann leis gur fíorbheagán atá in acmhainn é a imirt sa lá atá inniu ann ach tá roinnt foirne ag plé go gairmiúil leis go háirithe san Airgintín, sna Státaí, i Sasana agus sa Spáinn.

Muna gcastar bealach na Páirce tú, tá teacht orthu sin ar shuíomhanna idirlín go leor.

Fág freagra ar 'Ní thógfadh sé i bhfad ar na gasúir as Conamara suim a chailliúint sa bpóló agus díriú ar na moncaithe sa zú'