Tá scéal Jock McHale ag dul thart i mo chloigeann le go hard os cionn bliana anois, ach ní gan fáth a thóg sé an t-achar sin orm é a chur in bhur láthair. Cara de mo chuid Micheál Ó Fáthartaigh, atá curtha faoi in Adelaide le fada anois, ba thúisce a luaigh an t-ainm liom agus fearacht go leor agaibhse anois, ba é an chéad uair agam é a chloisteáil.
Fós tá Jock McHale ar dhuine de mhórlaochra spóirt a thíre féin. Chaith sé 17 séasúr i mbun imeartha ag an leibhéal is airde. 7 n-uaire a d’imir sé sa gcluiche arb ionann é is an Super Bowl. Nuair a chuaigh sé i mbun cóitseála bhain a fhoireann an babhta ceannais sin amach 17 uair agus bhuaigh siad 8 gcinn acu. Tá sé beagnach 80 bliain ó imríodh an ceann is deireanaí acu sin, ach go dtí an lá atá inniu ann bronntar bonn, an Jock McHale Medal, ar chóitseálaí na foirne a thugann an chraobh sin leo.
Ba as bun Chruach Phádraig, as Cliara agus as Inis Tuirc a shinsear.
Ba í Peil na hAstráile a chleacht Jock, ba í Collingwood an fhoireann lena raibh sé luaite i gcaitheamh a shaoil imeartha/bainistíochta (1912-1949). San achar sin, bhí 714 cluiche san áireamh – bhuaigh siad 467 acu, ar comhscór a chríochnaigh 10 gcinn agus chailleadar 237. Níl aon duine eile i bhfoisceacht mbeannaí Dia dó sin.
Díreach mar atá i spórtanna go leor eile ar fud an domhain, tá siad siúd a tharraingíonn clú orthu féin sa spórt sin liostáilte i ‘Halla Clú’ an AFL. Lena chois sin tá roinn faoi leith ansiúd acu siúd sa Halla a bhfuil an teideal ‘Legends’ tuillte acu.
Sa mbliain 2005 cuireadh ainm Jock McHale leis an liosta sin.
125 bliain roimhe sin go díreach a d’fhág a athair John slán ag bun Chruach Phádraig agus ar bhaile fearainn a bhfuil Imleach air go ndeachaigh sé ar imirce. Ní raibh sé ach cúpla mí ó phós sé féin agus a chomharsa Mary Gibbons a chéile i dteach an phobail i gCluain Cearbán. Dornán de bhlianta roimhe sin a baisteadh mo shin-seanathair féin, James Berry san séipéal céanna.
Ba i gCarna Chonamara a chaith seisean an chuid eile dá shaol, ach thug John McHale faoi thuras a bhí i bhfad níos faide ná sin gur bhain seisean an Astráil amach. Bhí bliain caite sular lean a bhean chéile é agus bliain eile fós imithe nuair a rugadh an chéad duine clainne dóibh. James Francis McHale a baisteadh air, in ómós dá sheanathair. Luath go leor ina shaol tugadh ‘Jock’ mar leasainm air agus ghreamaigh sin dó.
I Sydney a saolaíodh Jock áit a raibh a athair ag obair ag tógálaithe i dtosach sula ndeachaigh sé isteach sna póilíní. Ba bheag achar a bhí caite faoina n-éide siúd aigesean nuair a tháinig drochscéala as Imleach – deartháir dá chuid mar aon le fir chéile beirt dá chuid deirfiúracha a bheith báite nuair a d’iompaigh an bád a bhí á dtabhairt go Cliara le linn stoirme.
Rugadh beirt mhac eile agus iníon do John agus Mary McHale i Sydney. Ar an drochuair bhásaigh an cailín beag leis an triuch. Bíodh gur ag súil le tús úrnua a bhíodar, nó b’fhéidir go mba é ualach a mbróin ba chúis leis, ach d’éirigh John as na póilíní agus in 1888 agus Jock ag tarraingt ar 6 bliana d’aois chuaigh siad chun cónaithe i Melbourne.
Seans gur roghnaigh a thuismitheoirí an chathair sin mar, ag an am, go raibh sí ar cheann de na cinn ba mhó ar domhan a raibh borradh fúithi. Ach mar a tharla don Tíogar Ceilteach céad bliain dár gcionn, bhí athrú poirt le theacht i Melbourne freisin nuair a chlis roinnt de na comhlachtaí airgeadais.
Bhí sé d’ádh ar John McHale, áfach, go raibh sé fostaithe ag Victoria Railways rud a d’fhág nár chuir an cúlú eacnamaíochta isteach air. Níorbh ionann sin agus a rá go raibh a theaghlach saor ón mbrón – bhásaigh triúr eile den dáréag leanaí a saolaíodh dó féin agus do Mary.
Ba timpeall an ama ar thosaigh a mac Jock ar a chuid meánscolaíochta, i Scoil na mBráithre Críostaí in Oirthear Melbourne, a bunaíodh Cumann Peile Collingwood. Ar scoil ba iad an pheil agus an cruicéad ab ansa leis an dalta óg. Ansiúd tháinig sé go mór faoi thionchar múinteoir as an gCabhán a raibh an Br. Mac Aoidh air, fear a chreid go daingean go mba chun sochair an déagóra a bhí sé a bheith páirteach in imeachtaí spóirt.
Tugann stair na peile san Astráil le fios go mba i Stát Victoria ba thúisce a ceapadh an spórt agus ba i Melbourne atá agus a bhí a chroílár. Go fiú sa lá atá inniu ann is sa gcathair sin atá 9 gcinn de na foirne a imríonn san AFL (Carlton, Collingwood, Essendon, Hawthorn, Melbourne, North Melbourne, Richmond, St Kilda & Western Bulldogs) agus níl Geelong ach uair an chloig as baile.
Tráthúil go leo ba le linn do Jock McHale a bheith ag éirí aníos a thosaigh an pobal fré chéile ag cur suime i gceart sa spórt. Ar fhágáil na scoile dó chaith sé cúpla bliain ag imirt le foireann shóisir Coburg, an ceantar i dtuaisceart Melbourne inar tógadh é.
Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois thairg Collingwood conradh imeartha dó agus nuair a shínigh sé sin i 1903 cuireadh tús le ceann de na scéalta is iomráití i stair spóirt na hAstráile.
Mar chosantóir a d’imir sé sa gcluiche ba thúisce don fhoireann a dtugtar ‘Na Snaganna Breaca’ mar leasainm orthu – baiste as a bhfeisteas dubh agus bán.
Is beag idir dualgais an chosantóra i bpeil na hAstráile agus sa bpeil Ghaelach. Ina dhiaidh sin tugadh páirt níos lárnaí san imirt do Jock – nascadh idir chúlaithe agus tosaithe agus ról a fhágann go ritheann a leathbhádóirí i gcluiche an lae inniu idir 13-15km i chuile chluiche. (Idir 8-10km a ritear sna cluichí is airde caighdeán sa bpeil Ghaelach.)
Chaithfeadh sé go raibh sé chomh láidir le capall agus chomh sláintiúil le breac. Idir 1906 agus 1917 d’imir Jock McHale 191 cluiche as a chéile i Sraith Peile Victoria. Ba é á bhí ina chaptaen/cóitseálaí i 1912/13 agus ina chóitseálaí/imreoir i 1917.
261 cluiche ar fad a d’imir sé do Collingwood agus bhuaigh sé 3 Grand Final lena linn sin.
Ach dá fheabhas a chumas peileadóireachta, beireann a éachtaí i mbun cóitseála barr bua ar a bhfaca tú ariamh. Is fíor go raibh saol fada sa gcúram aige – go dtí 1917 agus é fós i mbun imeartha agus as sin go dtáinig 1949 nuair a d’éirigh sé as.
Fós is deacair gan iontas a dhéanamh de na figiúirí. Ba é a bhí mar chóitseálaí ar Collingwood i 714 cluiche sa sraithchomórtas ar a dtugtar an AFL inniu. Bhuadar 467 (66%) agus chríochnaigh siad ar chomhscór i 10 gcinn eile.
Ina measc bhí 59 babhta ceannais agus 18 Grand Final – bhuadar 8 gcinn acu sin faoina chúram, ina measc ceithre cinn as a chéile 1927-1930.
Bhásaigh Jock McHale de bharr taom croí a bhuail é ar an 4 Deireadh Fómhair 1953 – seachtain tar éis do Collingwood an Phríomhroinn a bhuachan den chéad uair le seacht mbliana déag.
Sa lá atá inniu ann is sa Melbourne Cricket Ground a imríonn Collingwood a gcuid cluichí – tá áit ag os cionn 100,000 duine ansiúd. Victoria Park a bhí ar an áit a ndearna Jock na gaiscí imeartha agus cóitseála a thuill clú agus cáil dó.
Níl idir an dá áit ach ceathrú uaire siúil agus feicfidh an té a dhéanfaidh sin inniu go bhfuil ainm nua anois ar an áit. In áit a bheith tiomnaithe do dhuine de rítheaghlach Shasana tá ainm eile crochta os cionn an dorais anois ansiúd. Ainm fathaigh arbh imircigh as daingean Ghráinne Mhaoil a bhí iontu.
‘Welcome to the Jock McHale Stadium’ a deirtear leat ansiúd.
Táim fíorbhuíoch don Dr. Diarmaid Ó Faoláin, a mba é John (athair Jock) McHale a shin-seanuncail, as an gcúnamh a fuair mé uaidh agus mé ag fiosrú ábhair don alt seo agus freisin do mo sheanchara, an Dr. Micheál Ó Fáthartaigh a chuir an síol.
Fág freagra ar 'Ba ag bun Chruach Phádraig a cuireadh tús le ceann de na scéalta is iomráití i stair spóirt na hAstráile'