Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar mhuintir Oileáin Árann, gnólachtaí na n-oileán, agus turasóirí chun na háite an t-uisce a spáráil agus ganntan géar uisce sna hoileáin Ghaeltachta an mhí seo.
Beidh srianta caomhnaithe uisce i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt mar gheall ar an titim mhór ar leibhéal an uisce in Árainn. Tá cosc ar úsáid uisce idir 17:00 agus 09:00 gach oíche in Árainn. Tá srianta oíche i bhfeidhm in Inis Oírr idir 23:00 agus 06:00 gach oíche freisin.
Beidh umair uisce óil ar fáil in Árainn go dtí a naoi a chlog ar maidin ar an 30 Lúnasa. Deir Uisce Éireann go ndéantar “gach iarracht” a chinntiú go bhfuil an t-uisce atá sna humair glan ach gur chóir do mhuintir na n-oileán é a fhiuchadh mar sin féin, ar fhaitíos go mbeadh na soithí a mbailíonn siad an t-uisce iontu neamhghlan.
Tá na humair ar fáil ag Eoghanacht, Cill Mhuirbhigh, Coláiste Ó Direáin, Creig an Cheirín, Sruthán, Séipéal Eochaille, Cill Éinne, Cé Chill Éinne, agus Reilig Chill Éinne.
Cé go raibh roinnt báistí ann an tseachtain seo caite, níor leor é leis an stoc uisce sna hoileáin Ghaeltachta a athlíonadh. Is gá na srianta caomhnaithe uisce a choinneáil i bhfeidhm, a deir Uisce Éireann, go dtí go mbeidh an stoc uisce ann leis an éileamh a shásamh arís.
Tá ordú caomhnaithe uisce i bhfeidhm ag Uisce Éireann ar fud na hÉireann ón 24 Iúil go dtí an 26 Lúnasa mar gheall ar an teaspach agus triomach a bhí ann i gcaitheamh an tsamhraidh.
Leis an Ordú cuirtear cosc ar úsáid píobáin uisce nó fearais dá réir le haghaidh gníomhaíochtaí amhail gairdín a uisciú, mótarfheithicil phríobháideach a ghlanadh, bád fóillíochta príobháideach a ghlanadh, linn snámha tí nó linn lapadaíola a líonadh nó a chothabháil, lochán baile a líonadh nó a chothabháil, seachas locháin éisc, agus fuarán ornáideach a líonadh nó a chothabháil, ach amháin nuair a theastaíonn sin chun críocha tráchtála.
Is le fada atá fadbhanna soláthair uisce ag cur isteach ar mhuintir Oileáin Árann. Bhí fadhb leanúnach ann tuairim is deich mbliana ó shin nuair a chuir fabht leictreachais isteach ar ionad cóireála uisce sna hoileáin. Iarrtar ar phobal na n-oileán an t-uisce a spáráil go tráthrialta, go háirithe i míonna an tsamhraidh nuair a thagann méadú mór ar líon na ndaoine a bhíonn ag fanacht go fadtéarmach i dtithe a sinsear, scoláirí Gaeilge a bhíonn ag fanacht le mná tí, agus turasóirí as Éirinn agus tíortha thar lear.
Moltar don phobal a chinntiú nach bhfuil aon píopaí uisce ina dtithe ag sileadh; an sconna a mhúchadh nuair is féidir; cith a thógáil in áit folcadán; gan píobán uisce a úsáid sa ghairdín; báisteach a bhailiú in umar uisce; agus a chinntiú go bhfuil an miasniteoir agus an meaisín níocháin lán sula gcastar ar siúl iad.
Fág freagra ar 'Ganntan géar uisce in Árainn'