Tá a dhícheall á dhéanamh ag Trump chun brú a chur orainn déileáil le hathrú aeráide

Tá méadú 82 faoin gcéad ar dhíolachán gluaisteán leictreach mar gheall ar an gcogadh a bhlocáil Caolas Hormuz

Tá a dhícheall á dhéanamh ag Trump chun brú a chur orainn déileáil le hathrú aeráide

Ní go minic a spreagann ceannaire rialtais i dtír amháin feabhsú nó faoiseamh i dtír eile.

Bímis buíoch mar sin don Uachtarán Trump as a ndearna sé go hindíreach ar son rialtas agus timpeallacht na hÉireann, le cabhair cheannairí na hIaráine, ó chuaigh sé i mbun cogaíochta cúig mhí ó shin.

Ní foláir a rá i dtosach nár chóir ciall a bhaint as na habairtí seo a leanas gurb ionann iad agus beag is fiú a dhéanamh de chostas daonna an chogaidh. Agus 180 duine a mharaigh diúracán Meiriceánach a bhuail scoil cailíní i dTehran ar an 28 Feabhra san áireamh.

Ach tagann dea-scéal uaireanta sna sála ar scéal tubaiste. Mar a tharla i gcás an bhaic ar sheoladh longa trí Chaolas Hormuz a chuir an Iaráin i bhfeidhm mar fhreagra ar ionsaithe Mheiriceá agus Iosrael.

D’ardaigh an laghdú ar sholáthar ola ón meánoirthear an praghas domhanda ó 70 dollar an bairille i mí Eanáir go dtí buaicphointe 120 dollar. Tá an praghas ag ísliú agus ag ardú arís ó shin i leith agus 88 dollar á íoc ar an margadh ola idirnáisiúnta agus an colún seo á scríobh.

Tá tionchar an chogaidh agus an t-ardú dá bharr ar phraghas na hola ar thiománaithe na hÉireann soiléir sa chuntas ar dhíolachán gluaisteán a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Dé Máirt.

Léirigh na figiúirí gur díoladh 82 faoin gcéad níos mó gluaisteán leictreach nua i mí Iúil ná mar a díoladh i mí Iúil anuraidh.

Ní in aon mhí amháin go deimhin a léiríodh an t-athrú ar an margadh gluaisteán a chuir Trump agus lucht ceannais na hIaráine i bhfeidhm.

Tá méadú 57 faoin gcéad tagtha ar an méid gluaisteán leictreach nua a díoladh ó thús na bliana go deireadh mhí Iúil (29,796) i gcomparáid leis an méid a díoladh (17,075) sa tréimhse chéanna anuraidh.

Ar ndóigh ní léireofar doimhneacht an tionchair a bheidh ag praghas na hola ar mheon ceannaitheoirí gluaisteán go mbeidh síocháin i réim arís, chomh maith le saoirse shábháilte loingseoireachta i gCaolas Hormuz. Má bhíonn.

Sin ráite, tá aer na hÉireann níos glaine, ár n-astaíocht bhreosla iontaise laghdaithe beagáinín agus dul chun cinn gan choinne déanta i dtreo mhórúsáid carranna leictreacha a leagadh síos i bpolasaí aeráide an rialtais.

Tá géarghá le céimeanna níos mó chun feabhais abhus ach ní beag an chreidiúint – trí thimpiste gan amhras – a thuilleann sotal agus fonn troda Donald Trump. Ar dhóigh amháin, bheadh cúrsaí comhshaoil níos measa dá uireasa.

Mar is eol do dhuine ar bith a choinníonn súil ar lag-iarracht an rialtais a phríomhghealltanas aeráide a chomhlíonadh, níl ag éirí leo.

D’admhaigh an t-aire aeráide Darragh O’Brien le gairid nach mbainfear amach an laghdú 51 faoin gcéad (i gcomparáid le 2018) ar n-ár n-astaíocht bhreosla iontaise a gheall an rialtas mar chuid de riail Eorpach ar glacadh léi in 2018.

Measann an Chomhairle Chomhairlitheach um Athrú Aeráide go ngearrfar fíneálacha idir €8 billiún agus €26 billiún ar an rialtas mar gheall ar neamhchomhlíonadh an ghealltanais. Tá súil ag an rialtas go laghdófar na pionóis toisc nach n-éireoidh le scata ballstát eile san AE a ngealltanais a chomhlíonadh ach oiread.

Ní bhaineann na cúrsaí seo le polasaí amháin. Tá foráil faoin laghdú 51 faoin gcéad ar astaíocht san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) a ritheadh in 2021, tráth a raibh na Glasaigh i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Ach, arís a bhuí le Donald Trump thar aon duine eile, tá athrú amháin a theastaíonn abhus á chur i bhfeidhm. Mar a léiríonn figiúirí oifigiúla eile.

Is dlúthchuid den chur chuige a beartaíodh de réir an Achta 845,000 gluaisteán leictreach a bheith ar bhóithre an stáit faoi 2030. Ní raibh aon chosúlacht ann ar feadh i bhfad go mbainfí amach an sprioc rialtais sin ach oiread. Go dtí i mbliana.

De réir an ghnímh ar son na haeráide a gheall an rialtas i bplean a foilsíodh in 2021, socraíodh go mbeadh 195,000 gluaisteán leictreach ceadúnaithe faoin am seo.

Ach tá méadú chomh mór gan choinne tagtha ar an ráta ceannaigh go bhfuil 196,000 carr leictreach nua – míle níos mó ná mar a bhí beartaithe – ceadúnaithe go dtí seo i mbliana.

Ní dheimhníonn an ceannach breise go sroichfear sprioc an rialtais (845,000 gluaisteán) faoi cheann ceithre bliana, go háirithe má íslíonn praghas an pheitril agus an díosail.

Tá seans níos fearr ann áfach go sroichfear sprioc a síleadh a bheith do-shroichte go dtí seo agus go ndéanfar gaisce a laghdódh astaíocht bhreosla iontaise na hÉireann go mór.

Ní dea-scéal gan choinníoll é ar ndóigh. Fiú má fhágtar cúrsaí cogaidh as an áireamh, beidh tionchar nach beag ag ábhair eile ar cheannach gluaisteán sna blianta atá romhainn.

Dúisíonn an léargas éiginnte ceisteanna mar seo go háirithe:

An gcuirfidh an rialtas an t-ardú ar cháin charbóin a cuireadh siar i mí Aibreáin i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair mar a socraíodh i mí Aibreáin?

Gan trácht ar an deontas sealadach rialtais a laghdaigh praghsanna breosla a fógraíodh nuair a blocáladh bóithre i mí Aibreáin?

An mbeadh an soláthar leictreachais ábalta freastal ar mhéadú ollmhór ar cheannach gluaisteán leictreach (go háirithe agus an sciar a theastaíonn ó lárionaid sonraí ag méadú i gcónaí)?

An gcuirfear dóthain ionad luchtaithe ar fáil – idir ionaid phoiblí agus ionaid phríobháideacha – chun freastal ar níos mó ná 600,000 gluaisteán leictreach breise dá gceannófaí iad idir seo agus 2030?

Ní foláir cúis amhrais eile a lua faoi dheireadh. Tá dualgas dlíthiúil ar an rialtas, de réir na reachtaíochta a ritheadh cúig bliana ó shin, plean ina bhfógraítear gníomhartha ar son na haeráide a fhoilsiú gach bliain.

Níl plean na bliana seo foilsithe fós ag an aire aeráide, agus tús an fhómhair ag teannadh linn.

Nod don eolach: níl deireadh fós leis an gcomhairliúchán poiblí atá á reáchtáil ag roinn Darragh O’Brien le haghaidh phlean na bliana seo. Glacfar le haighneachtaí ón bpobal faoi phlean 2026 go dtí leathuair tar éis a cúig Dé Luain, 17 Lúnasa, 2026. Dáiríre.

Fág freagra ar 'Tá a dhícheall á dhéanamh ag Trump chun brú a chur orainn déileáil le hathrú aeráide'