An idirbheartaíocht tosaithe faoi bhuiséad Stormont agus ceacht foghlamtha ag Bryant

Seo í an séú mí gan plean airgeadais aontaithe in Stormont agus tá seirbhísí poiblí i dtrioblóid dá éagmais

An idirbheartaíocht tosaithe faoi bhuiséad Stormont agus ceacht foghlamtha ag Bryant

Maidin Dé Luain, breá luath bhí an Státrúnaí Chris Bryant in Stormont, é cíocrach chun oibre. Bhí sé ansin roimh airí an Fheidhmeannais, dúil mhór aige réiteach a dhéanamh go haibéil chun an tsáinn faoi bhuiséad Stormont a fhuascailt. Faoi dheireadh an lae bhí tuiscint níos fearr aige gur obair mhalltriallach í margáil le páirtithe Stormont.

Chinn Príomh-Aire na Breataine, Andy Burnham, tar éis a chuairte ar an Tuaisceart nár mhór don Státchiste agus an Státrúnaí a dhul i ngleic le géarchéim an bhuiséid. Deir Stormont nach féidir leo buiséad a aontú mar nár chuir Westminster dóthain maoine ar fáil dóibh. Seo í an séú mí gan plean airgeadais aontaithe in Stormont agus tá seirbhísí poiblí i dtrioblóid dá éagmais, iad ag feidhmiú ar 95% d’allúntas na bliana seo caite agus a thuilleadh ciorruithe i ndán dóibh mura ndéanfar socrú gan mhoill.

Is fada Stormont ag rá nach gcuireann an Bhreatain dóthain airgid ar fáil don bhunriachtanas. Deir airí nach féidir an buiséad a chur ar bhonn seasmhach, go buan le corríocaíocht éigeandála; níl iontu sin ach sop in áit na scuaibe, dar leo. Ceistíonn an Státchiste conas a chaitheann Stormont a chuid agus cathain a ullmhófar plean chun ioncam a bhailiú.

Bhí cuid den chaint idir na páirtithe agus Chris Bryant teasaí más fíor. Thug na páirtithe an t-eiteachas as éadan don tairiscint ó rialtas na Breataine – £350 milliún sa bhliain go ceann trí bliana, a deirtear. Bhí ar a laghad £100 milliún sa bhreis air sin in aghaidh na bliana de dhíth orthu chun easnaimh atá soiléir cheana féin a cheartú, ar siad.

Má shíl Chris Bryant go mbeadh margadh aige taobh istigh de chúpla lá níorbh fhada gur dúradh a mhalairt leis. Bhí páirtithe an Fheidhmeannais ar fad ar aon intinn nár mhór socrú airgeadais inbhuanaithe a dhéanamh an t-am seo. Ní raibh an idirbheartaíocht ach ina tús. I ndiaidh na gcainteanna ar an Luan dúirt an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin, go mbeadh an mhargáil leis an Státrúnaí dian. Déanann Westminster an rud céanna arís agus arís in am an ghátair, dar léi; ‘déanann siad íocaíocht aon-uaire, ansin bíonn gá lena leithéid arís sa chéad éigeandáil eile agus ní leigheas é sin’. Ní mór an bhunlíne a chur ina ceart an t-am seo, a dúirt sí.

Ba é an port céanna a bhí ag ceannaire an DUP, Gavin Robinson. Ní shásódh an chéad tairiscint ón rialtas riachtanais fiú na rann, gan trácht ar bhunchloch theann a chur faoi airgeadas Stormont, ar sé. Má deir éinne a mhalairt níor mhór dóibh na ciorruithe a bheidh dosheachanta a mhíniú, a dúirt sé. Níor mheas sé gurbh fhéidir a theacht ar réiteach an tseachtain seo – an sprioc a bhí ag Bryant – ach bhí sé diongbháilte gur gá socrú sásúil gan mórán moille.

Tús maith leis an idirbheartaíocht ab ea é, dar le ceannaire Alliance, Naomi Long an tAire Dlí agus Cirt. Bhí sise deimhin de freisin nár dhein an Bhreatain freastal ar an riachtanas abhus fós. Theastaigh dul chun cinn uaithise ar leasuithe ar na hinstitiúidí agus d’fháiltigh sí roimh phlé ar an gceist a rinneadh leis na páirtithe ina gceann agus ina gceann. Is é Jon Burrows an UUP an ceathrú ceannaire páirtí a bhfuil aire acu sa bhFeidhmeannas. Mheas sé gurbh í an tairiscint an chéim oscailte sa mhargáil agus bhí seisean freisin den bharúil nár mhór socrú críochnúil a dhéanamh an t-am seo ionas nach mbeifí ag iarraidh cabhrach arís.

Fearacht gach institiúid rialaithe tá iontaofacht an Fheidhmeannais fite fuaite le bainistiú buiséid. Ní ganntanas airgid amháin faoi ndear a dteip i dtaca le beartais a gheall siad a chur i gcrích. Má fhaigheann siad buiséad dóthanach ní bheidh aon leithscéal fágtha. Cífimid an mbeidh siad os cionn a mbuille ansin.

Ach conas mar a láimhseálfaidh rialtas Andy Burnham an cheist roimhe sin? Deir an Príomh-Aire nua gur cás leis an déabhlóid. Gheall sé an tseachtain seo caite go gcuirfí Stormont ar bhonn inmharthana; is dá bharr sin a chuir an Stát-Rúnaí tús leis an gcaint faoi ghéarchéim an bhuiséid. An gcruthóidh siad níos éifeachtaí ná Keir Starmer agus Hilary Benn? Tóg é nó fag é an port a bhí acu siúd; is cosúil go bhfuil an réimeas nua níos dearfaí.

Theastaigh fuascailt faoi dheifir ó Bryant ach caolseans go bhfaighidh sé í. Tá sé ag foghlaim nach ribín réidh í an idirbheartaíocht le páirtithe Stormont.

Fág freagra ar 'An idirbheartaíocht tosaithe faoi bhuiséad Stormont agus ceacht foghlamtha ag Bryant'