Heather Humphreys, an Ghaeilge, an seicteachas agus Éire Aontaithe

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

Heather Humphreys, an Ghaeilge, an seicteachas agus Éire Aontaithe

Heather Humphreys agus an Ghaeilge

Bhí alt suimiúil san Irish Times ag an iar-aire rialtais Heather Humphreys faoin drochíde sheicteach a fuair sí nuair a sheas sí sa toghchán uachtaránachta anuraidh.

Dúirt Humphreys gur chaith mionlach “gangaideach” achasáin sheicteacha léi ar mhaithe “le harm a dhéanamh” dá cúlra Protastúnach.

Dúirt sí nár athraigh an seicteachas gránna toradh an toghcháin ach gur tharraing sé aird ar cheisteanna a chaithfí dul i ngleic “má táimid chun Éire Aontaithe a bhaint amach go deo”.

Maith í as labhairt amach go misniúil faoi iompar a chuirfeadh déistin ar aon duine cóir.

Is é an trua, áfach, gur tharraing an t-iar-aire an Ghaeilge isteach sa scéal mar is annamh go gcuireann a leithéid le caighdeán aon díospóireacht.

“Mura mbíonn tú líofa sa Ghaeilge, nó más ó chúlra thraidisiún creidimh nó cultúir áirithe thú, an bhfágann sin gur lú d’Éireannach thú?” a d’fhiafraigh an t-iar-aire.

Ní fhágann an freagra simplí air sin agus is mór an feall é go gceapfadh aon duine a mhalairt.

“Dála go leor eile agaibh, chreid mé go láidir go raibh an saghas sin claontacht threibheach fágtha ina diaidh ag ár dtír,” a dúirt Humphreys.

“B’ábhar mór buartha an teachtaireacht a thug sé don phobal Phrotastúnach, aontachtach agus dílseach ar fud an oileáin seo,” ar sí.

Thuigfeá di, ach d’fhéadfá cás a dhéanamh gurbh fhearr d’Uachtarán ar Éirinn a bheadh ionat dá mbeadh Gaeilge agat agus d’fhéadfá an-chás go deo a dhéanamh gurbh fhearr d’Aire Gaeltachta a bheadh ionat dá mbeadh Gaeilge agat.

Bhí Heather Humphreys féin ina hAire Gaeltachta idir 2014-2017, tréimhse a raibh an cháil uirthi gur beag an spéis bhí aici sa teanga agus i gcás na teanga.

Bíodh siad ceart nó mícheart bhí roinnt daoine a bhí ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an am den tuairim go raibh claonadh éigin i gcoinne na Gaeilge ag an aire, rud a shéanfadh sí féin gan dabht.

Déarfadh lucht a cáinte go raibh cúis lena n-amhras faoi dhúthracht an aire i leith na cúise. Agus í ina haire sinsearach Gaeltachta, dhiúltaigh sí cruinniú a bheith aici le heagraíochtaí Gaeilge agus dúirt sí gur cúram don aire stáit amháin a bhí ansin.

Dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin a thug sí a céad chuairt oifigiúil mar aire ar cheantar Gaeltachta.

In 2016, dúradh sa Dáil gur ‘masla’ a bhí ann nach raibh Heathar Humphreys i láthair do ráitis faoin nGaeilge.

Dúirt sí an lá céanna gur mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile.

Ach oiread le Joe McHugh, an té a ceapadh ina aire stáit sa roinn léi in 2014, ní cosúil gur thuig sí brí na hargóinte a bhí ag an dream a cheap gurbh fhearr go mbeadh Gaeilge ag airí na Gaeltachta.

B’fhéidir nár chruthúnas a tréimhse mar aire na Gealtachta go raibh aon ní ag Heather Humphreys i gcoinne na Gaeilge, ach d’fhéadfá a mhaíomh gur ábhar buartha a bhí sna “teachtaireachtaí” a thug sí ó am go chéile do phobal áirithe ó chúlra teanga áirithe.

Stádas na Gaeilge in A Nation Once Again

Tá cás na Gaeilge ar dhá thaobh na deighilte seictí ina ábhar grinn ag Paul Howard ina shaothar aorach nua A Nation Once Again, a insíonn scéal faoi roinn rialtais rúnda a bunaíodh chun ullmhú d’Éirinn Aontaithe

Ceann de na jócanna leanúnacha sa scéal ná go bhfuil Gaeilge líofa ag beirt de na hAontachtaithe ar choiste rúnda trasteorann agus gan aon fhocal ag aon duine de na náisiúnaithe atá ina mbaill de.

Cuireann ceist chasta na teanga mearbhall ar an bpríomhcharachtar, reacaire an scéil, Fiach Ó Bric. Tá  Líadan Ó Dálaigh, file agus duine de na náisiúnaithe ar an gcoiste rúnda, míshásta leis nuair a dhéanann sé talamh slán de go mbeadh Gaeilge aici.

‘Why would you just assume I spoke Irish?’ Líadan asked. ‘Is it because of my name?’

‘Well yes, frankly,’ I said. ‘I think it’s not an unreasonable assumption to make that someone who goes by the name Líadan Ó Dálaigh would have some grasp of the Irish language.’

Ag cruinniú eile den choiste tagann colg ar Chaolfhionn Kerr, gníomhaí pobail ó Bhóthar na bhFál, nuair a luaitear moladh go bhfaighfí réidh le riachtanas na Gaeilge sa chóras oideachais chun cónascadh a dhéanamh idir scrúduithe na hArdteiste agus an A-Leibhéil.

Sí an Ghaeilge céad teanga oifigiúil na hÉireann, a deir Caoilfhionn.

‘Ní hí do dhara teanga í fiú,’ a deir an Revd Susie Whitehead, iarfheisire parlaiminte de chuid an DUP, léi i nGaeilge.

Deir Fiach Ó Bric nach gá go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge in Éirinn Aontaithe.

“Everything is on the table, remember,” a deir sé.

Cuireann an Revd Whitehead deireadh tobann leis an bplé faoin nGaeilge éigeantach agus ábhar achrannach eile ag dó na geirbe aici.

‘Can I just say the word that everybody else in the room seems to be avoiding… and that word is ‘transubstantiation’.’

Ceist na Gaeilge agus an tras-substaintiú? Fág faoin aorthóir é aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna is casta ar fad.

Fág freagra ar 'Heather Humphreys, an Ghaeilge, an seicteachas agus Éire Aontaithe'