‘Is mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile’ – Humphreys

Dúirt an tAire Humphreys gur ‘údar trua’ di nár bhain Teachtaí Dála ‘leas níos fearr’ as a gcuid ama le linn ráiteas Gaeilge sa Dáil inniu

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá aghaidh tugtha ag an Aire Heather Humphreys ar lucht a cáinte a dúirt gur ‘masla’ a bhí ann nach raibh sí i láthair do ráitis faoin nGaeilge a tugadh sa Dáil ar maidin.

Bhí trí huaire de ráitis faoin nGaeilge sa Dáil inniu agus ní raibh an tAire Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta i láthair do chuid mhaith de na ráitis sin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Gerry Adams agus na Teachtaí Dála Thomas Byrne (FF), Peadar Tóibín (SF) agus Catherine Connolly (NS) gur masla a bhí ann nach raibh an tAire Humphreys i láthair.

Tháinig an tAire Humphreys isteach sa Dáil níos déanaí sa lá agus na ráitis Ghaeilge fós ag dul ar aghaidh agus ba í a chuir clabhsúr ar na ráitis tráthnóna.

Ag labhairt di as Béarla, dúirt an tAire Humphreys gur ‘údar trua’ di nár bhain Teachtaí Dála ‘leas níos fearr’ as a gcuid ama agus labhairt ar fhuascailt na bhfadhbanna atá ag an nGaeilge seachas a bheith ‘ag tabhairt léachtaí’ do dhaoine nach raibh Gaeilge acu.

Dúirt sí gur mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile.

Deineadh cáineadh go leor sa Dáil ar maidin ar chinneadh an Taoisigh gan Aire Sinsearach le Gaeilge a cheapadh a mbeadh gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge mar phríomhchúram air.

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne sa Dáil ar maidin an raibh aon iarracht déanta ag Heather Humphreys an Ghaeilge a fhoghlaim, faoi mar a gheall sí nuair a ceapadh ina haire ar dtús í in 2014.

Dúirt Humphreys tráthnóna go raibh iarracht déanta aici le cúpla bliain anuas agus go raibh sé i gceist aici treisiú ar na hiarrachtaí sin sna blianta amach romhainn.

Dúirt an tAire go gcaithfimis ‘obair as lámh a chéile’ ar son na teanga seachas ‘a bheith ag tabhairt amach’ agus gach duine a mhealladh i dtreo na teanga fiú ‘mura mbeadh againn ach cúpla focal’.

Fág freagra ar '‘Is mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile’ – Humphreys'

  • Colmán

    An é seo an Bureau of Indians Affairs s’againne?

  • AnRógaire

    Ní fheiceann an stáit nó an sochaí aon rud mícheart le béarla a bhrú ar gach saoránach ó bhreith go bás. Conas gur féidir comhionannas a bheith ag an té a úsáideann gaeilge sa chás seo?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nach dtig le Teachtaí Dála, ionadaithe poiblí agus iad siúd sa Dáil an Ghaeilge a úsáid nuair a bhíonn siad ag plé achan cineál ábhar a bhaineann le riaradh na tíre seo?

    Cad chuige a bhfuil labhairt na Gaeilge fágtha ag gnóthaí ‘Gaeltachta agus Gaeilge’?

    Na dtig ceisteanna a thógáil tré mheán na Gaeilge fá ghnóthaí sláinte, oideachais, talmhaíochta, eacnamaíocht agus airgeadais, srl?

    B’fhéidir go ndéanfadh daoine an Ghaeilge a fhoghlaim níos fearr má bhíonn sí á úsáid níos minicí san earnáil phoiblí….?