Tá an rí marbh. Go maire an Ríocht agus na Ríoraí. Agus fad saoil do na Conallaigh agus Tír Eoghain chomh maith, a bhéictear aduaidh.
Cloíodh seaimpíní na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh agus Ciarraí, an Mhí, Tír Eoghain agus Dún na nGall anois ag dul ar aghaidh go dtí babhtaí leathcheannais na craoibhe peile agus iad fós san iomaíocht chun greim a fháil ar Chorn Mhig Uidhir an mhí seo chugainn.
Fógraíodh na socruithe do na cluichí leathcheannais tráthnóna agus Ciarraí agus Tír Eoghain le haghaidh a thabhairt ar a chéile ag 5.00in tráthnóna Dé Sathairn, 12 Iúil. Imreofar cluiche ceannais Chorn Tailteann roimh an gcluiche sin agus Luimneach le haghaidh a thabhairt ar Chill Dara ag 2.30in.
Tráthnóna Dé Domhnaigh, 13 Iúil, a bheidh an cluiche idir an Mhí agus Dún na nGall agus an cluiche sin le tosú ag 4.00in. Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh níos luaithe an tráthnóna sin ag 1.30in.
Fuair Ciarraí an ceann is fearr ar an bhfoireann a sháraigh iad i gcluiche ceannais amháin le linn na 2000idí tráthnóna inné agus Ard Mhacha curtha de dhroim seoil acu ach caithfidh Jack O’Connor agus a fhoireann anois an ceann is fearr a fháil ar an dream a choígh iad sa bpéire eile le linn na mblianta sin, Tír Eoghain, tar éis dóibhsean Áth Cliath a bhualadh oíche Dé Sathairn.
Tháinig an Mhí aniar aduaidh ar Ghaillimh sa gcéad chluiche Dé Domhnaigh agus seans acu anois cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó 2001. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall, a dhíbir Muineachán ón gcraobh an lá roimhe le teacht aniar láidir.

Déanfar gaiscí na gConallach agus Thír Eoghain a cheiliúradh sna contaetha sin an tseachtain seo ach níl aon amhras ann ach gur ar an Domhnach a tharla an dá scéal is mó ón deireadh seachtaine.
Mheas mórán gurbh iad curaidh na bliana seo caite an dream is fearr a bhí fágtha sa gcomórtas ach fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Ard Mhacha le ceann de na taispeántais dara leath is fearr a facthas i bPáirc an Chrócaigh le fada an lá chun bua 0-32 in aghaidh 1-21 a bhaint amach.
Ba léir ón tús go raibh díocas ar Chiarraí a thaispeáint do lucht an amhrais lasmuigh agus laistigh den chontae ach ba iad Ard Mhacha a chuaigh isteach ag leath ama amach chun tosaigh, 1-11 in aghaidh 0-13, tar éis do Rory Grugan cúl a bhá san eangach agus beagnach leathuair an chloig caite.
Bhí Ard Mhacha cúig phointe chun tosaigh luath sa dara leath ach is ansin a réab rabharta na gCiarraíoch. Thosaigh sé le scór ó Joe O’Connor, tháinig scóranna eile ó Sheán O’Shea, David Clifford agus Paudie Clifford ina dhiaidh sin agus choinnigh siad orthu ag teacht. Faoin am gur chuir Rian O’Neill cic 45 thar an trasnán sa 57ú nóiméad, bhí 0-14 aimsithe ag Ciarraí in imeacht cheathrú uaire an chloig agus bearna naoi bpointe curtha idir iad féin agus a gcéilí comhraic.
Measadh roimh an gcluiche go mbraithfeadh Ciarraí Diarmuid O’Connor agus Barry Dan O’Sullivan uathu rómhór i lár na páirce ach ba léir gur spreag an chaint sin foireann Jack O’Connor. Rinne Mark O’Shea agus Seán O’Brien obair na gcapall agus ardtaispeántas eile tugtha ag Joe O’Connor agus scrios déanta ag Ciarraí ar chic amach Ard Mhacha sa dara leath. Faoi dheireadh an chluiche, bhí beirt d’fhir mhóra Ard Mhacha, Ben Crealey agus Niall Grimley, bainte den pháirc ag Kieran McGeeney.

Ba é Seán O’Shea rí na ríthe agus dhá phointe dhéag aimsithe aige, trí scór dhá phointe agus díreach pointe amháin ó chic saor ina measc. Thóg sé tamaillín ar David Clifford teacht isteach sa gcluiche ach d’fhág sé a lorg nuair a bhí Ciarraí ag dul go maith, an scór is fearr théis 56 nóiméad agus a dhara scór dá phointe aimsithe aige in ainneoin go raibh Barry McCambridge díreach sa mhullach air.
Bhí toradh gan choinne sa gcluiche eile Dé Domhnaigh agus slán fágtha ag Gaillimh le craobh 2025 tar éis dóibh cailliúint in aghaidh na Mí, 2-16 in aghaidh 2-15. Bhí Áth Cliath agus Ciarraí sáraithe roimhe sin ag fir na Mí ach, mar sin féin, measadh go mbeadh an taithí ag Gaillimh chun srian a choinneáil orthu. Cé go raibh taispeántas na Gaillimhe leamh agus lán le botúin, bhí an chuma ar an scéal go dtiocfadh siad slán nuair a d’aimsíodar 2-3 in imeacht trí nóiméad i lár an dara leath chun dul ó shé phointe chun deiridh go dtí trí phointe chun tosaigh. Níor scóráil siad ach faoi dhó ina dhiaidh sin, agus a mianach á léiriú ag fir na Mí.
Scóráil Eoghan Frayne pointe maith chun rudaí a shocrú agus bhí siad ar ais chun cinn sa 64ú nóiméad nuair a sciob Seán Coffey an liathróid ó Johnny McGrath agus é ag teacht amach ón gcosaint. Thug Coffey an liathróid do Matthew Costello, a rinne an cinneadh ceart, mar a rinne ar feadh an lae, pas eile a thabhairt do Jordan Morris chun an liathróid a chur san eangach.
Bhí Morris ina laoch sa gcluiche agus 1-6 aimsithe ar fad aige. Chuir sé drochthús leis an lá agus a chéad trí iarracht curtha amú ach ní raibh Gaillimh in ann aige ina dhiaidh sin. Bhí tionchar ollmhór freisin ag Matthew Costello, a chríochnaigh le 0-5, agus é ag teacht ar ais ó ghortú agus cé go mbeidh díomá ollmhór ar Phádraic Joyce agus imreoirí na Gaillimhe lena dtaispeántas, níl aon amhras ann ach go raibh an bua aon phointe amháin tuillte ag a gcéilí comhraic.
Ba dheacair samhlú oíche Dé Sathairn go bhfeicfí taispeántas dara leath níos fearr i mbliana ná an ceann a thug Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin ach sáraíodh é laistigh d’aon lá amháin. Mar sin féin, bhí na Conallaigh go mór le moladh as an gcaoi gur tháinig siad ar ais ina gcluiche. Bhí Muineachán ar fheabhas ar fad sa gcéad leath agus iad seacht bpointe chun tosaigh théis an chéad 35 nóiméad sin. Cuireadh cic amach Shaun Patton go mór faoi bhrú agus cúl ag Micheál Bannigan a thoradh sin ach ba léir gur róchrua a d’oibrigh Muineachán sa gcéad leath sin agus iad spíonta sa dara leath.

D’aimsigh Michael Langan cúl breá chun luas a chur faoi theacht aniar Dhún na nGall sa dara leath agus an fear céanna a d’aimsigh an scór comhscóir agus 20 nóiméad fanta. D’fhág obair iontach ó na O’Donnells, Shane agus Conor, agus Michael Murphy go raibh rith an ráis le Dún na nGall sa gceathrú dheireanach agus bua sé phointe bainte amach ar deireadh, 1-26 in aghaidh 1-20.
Tá deireadh le ré Dessie Farrell in Áth Cliath agus é fógartha ag an mbainisteoir, a bhuaigh craobhacha uile-Éireann in 2020 agus 2023, go raibh sé ag éirí as tar éis do bhua Thír Eoghain ar fhir na príomhchathrach, 0-23 in aghaidh 0-16.
Cluiche marbhánta, breac le botúin a bhí sa dara ceann Dé Sathairn ach chríochnaigh Tír Eoghain go láidir chun an lá a thabhairt leo. Ní raibh ach pointe amháin eatarthu théis 63 nóiméad ach d’aimsigh Ruairí Canavan (2), Ben McDonnell, Darragh Canavan agus Niall Morgan (scór dá phointe) chun Áth Cliath a chur chun tóin poill.
Thosaigh Cormac Costello go maith d’Áth Cliath ach chuir siad scata iarrachtaí amú sa gcéad leath agus tugadh Con O’Callaghan isteach don 20 nóiméad deireanach. Ba léir nach raibh sé tagtha chuige féin ón ngortú, áfach, agus Tír Eoghain a thapaigh an deis sin cé gur maith is fios dóibh go mbeidh feabhas ag teastáil faoi cheann coicíse.
Fág freagra ar 'Na socruithe do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann fógartha agus curaidh nua le bheith againn'