‘Níor thuig muid an méid oibre a bheadh i gceist’ – míniú tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar spriocanna caillte

Deir Roinn na Gaeltachta go raibh cuid de na spriocdhátaí a leagadh síos sa reachtaíocht teanga ‘ró-uaillmhianach’ nuair a chuirtear san áireamh an obair idirbheartaíochta agus eile a bhí i gceist

‘Níor thuig muid an méid oibre a bheadh i gceist’ – míniú tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar spriocanna caillte

Deir Roinn na Gaeltachta nár tuigeadh dóibh an méid oibre a bheadh i gceist le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga agus ghéill siad go bhfuil roinnt de na spriocdhátaí sa dlí teanga caillte acu.

Cé gur ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 breis is trí bliana ó shin, táthar ag fanacht fós ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta, sin iad na caighdeáin teanga faoina leagfar dualgais ar chomhlachtaí poiblí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Bhí sé i gceist go mbeadh córas na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, i bhfeidhm roimh dheireadh 2024.

Agus é ag labhairt ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh “bunús na gcaighdeán” réitithe anois agus go bhfuil sé i gceist iad a chur amach le haghaidh comhairliúchán poiblí “sa bhfómhar”.

Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Tá sé leagtha amach sa reachtaíocht go dtiocfadh an córas nua i bhfeidhm laistigh de trí bliana ó ritheadh an tAcht, sin roimh dheireadh 2024. Ach dúirt Mac Cormaic go raibh tréimhse níos faide ná mar a bhí beartaithe i gceist le forbairt na gcaighdeán.

“Ní dóigh liom gur thuig muid, agus mise ach go háirithe, b’fhéidir, nuair a bhí an bille ag dul tríd an Dáil agus an Seanad an méid oibre a bhí i gceist leis na caighdeáin a chur le chéile,” a dúirt sé.

Tá an córas nua bunaithe ar chóras a tugadh isteach sa mBreatain Bheag agus dúirt Mac Cormaic gur trí bliana a mhair an próiseas comhairliúcháin ansin. Trí mhí atá leagtha síos don phróiseas comhairliúcháin phoiblí anseo agus reáchtálfar próiseas comhairliúcháin trí mhí eile i measc na gcomhlachtaí poiblí ábhartha. Fágann sin gur amach sa bhliain 2026 ar a luaithe a thiocfaidh an córas nua i bhfeidhm.

Bhí amhras ann ag deireadh na bliana seo caite nach mbeadh aon dualgas reachtúil ar eagrais stáit seirbhísí breise a chur ar fáil i nGaeilge agus córas na scéimeanna teanga le dul in éag, ach dúirt Mac Cormaic go raibh comhairle dlí faighte ag an roinn a dúirt go raibh na scéimeanna a bhí aontaithe fós i bhfeidhm.

Ní hé spriocdháta na gcaighdeán an t-aon cheann atá caillte ag an rialtas, áfach, agus sáraíodh an reachtaíocht chomh maith nuair a theip ar Aire na Gaeltachta dátaí a fhógairt roimh thús na bliana seo maidir le cén uair a chuirfear gach seirbhís phoiblí ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht agus faoi cén uair a chinnteofar gurb í an Ghaeilge teanga na hoifige ag comhlachtaí poiblí sa nGaeltacht.

Ghéill ceannasaí Roinn na Gaeltachta gur cailleadh an sprioc sin freisin, ach dúirt sé go raibh próiseas comhairliúchán eile ar tí tosú maidir leis an gceist agus go raibh sé ag súil go mbeadh cinneadh á fhógairt ag an Aire sa bhfómhar.

I ndiaidh an tsamhraidh chomh maith a fheicfear an chéad phlean gníomhaíochta atá beartaithe mar chuid den Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge

Dúradh sa bPlean Náisiúnta go gclúdódh an chéad phlean gníomhaíochta an tréimhse 2024–2027 agus go mbeadh sé le foilsiú “nach mór taobh leis” an bPlean Náisiúnta, a foilsíodh mí Dheireadh Fómhair seo caite. Shéan Mac Cormaic go raibh moill ar an bplean sin, ach dúirt sé go raibh cuid de na spriocdhátaí a leagadh síos sa reachtaíocht ró-uaillmhianach nuair a chuirtear san áireamh an obair atá i gceist.

“Dá mbeadh muid ag tosú amach air seo, cuid de na coimitmintí a thug muid i dtaobh spriocanna ama, ní bheadh siad tugtha. Níor thuig muid féin an méid oibre, an méid idirbheartaíochta a bhí i gceist le haghaidh na rudaí seo a aontú,” a dúirt Mac Cormaic.

“Tá mé ag admháil go bhfuil teipthe orainn in áiteanna ach tá muid ag iarraidh an rud seo a fháil i gceart agus má chiallaíonn sé sin go gcaithfidh muid fanacht roinnt míonna eile le haghaidh an rud a fháil i gceart agus an deis is fearr a thabhairt dó…sílim gur fearr fanacht an cúpla mí sin.”

Dúirt Mac Cormaic ag an gcruinniú go raibh an t-athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, a bhí le foilsiú anuraidh, le foilsiú sna seachtainí amach romhainn.

Toghadh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Naoise Ó Cearúil, ina leas-chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag cruinniú na seachtaine seo.

Dúirt Ó Cearúil go n-oibreodh sé go dlúth le cathaoirleach an choiste, an Teachta Catherine Connolly, agus go raibh “an-obair le déanamh ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre.”

Fág freagra ar '‘Níor thuig muid an méid oibre a bheadh i gceist’ – míniú tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar spriocanna caillte'

  • Seán Mag Leannáin

    Comhairliúchán i ndiaidh comhairliúcháin, leithscéal i ndiaidh leithscéil. Mar iar-státseirbhíseach mé féin, tá trua agam d’Aodhán Mac Cormaic – tá sé ar nós Sisyphus agus an chloch á brú aige suas an cnoc go lá Philip an chleite.