Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ag éirí as

Is é an duine is mó atá á lua leis an gceannaireacht ná Andy Burnham a bhuaigh go slachtmhar an suíochán i dtoghchán cinniúnach Makerfield an tseachtain seo caite

Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ag éirí as

Tá Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ag éirí as níos lú ná dhá bhliain ó ceapadh é.

I ráiteas a thug sé taobh amuigh d’uimhir 10 Sráid Downing, dúirt Starmer go raibh ceist curtha ag a pháirtí air arbh é an duine ab fhearr chun a bheith ina cheannaire sa chéad olltoghchán eile.

“Tá freagra mo pháirtí parlaiminte faighte agam ar an gceist sin agus glacaim faoi chroí mór maith leis an bhfreagra sin,” a dúirt sé.

An 9 Iúil an dáta deiridh chun ainmniúchán don chomórtas ceannaireachta agus tá sé i gceist go mbeadh ceannaire nua tofa faoin am go bhfillfidh an pharlaimint i Meán Fómhair i ndiaidh shos an tsamhraidh.

Is é an duine is mó atá á lua leis an gceannaireacht ná Andy Burnham a bhuaigh go slachtmhar an suíochán i dtoghchán cinniúnach Makerfield an tseachtain seo caite.

Thug bua Mhéara Manchain deis dó dúshlán Starmer a thabhairt do cheannaireacht pháirtí an Lucht Oibre. Agus Starmer ag éirí as, d’fhéadfadh go mbeidh sé ina choimhlint don cheannaireacht idir Burnham agus an t-iar-rúnaí sláinte Wes Streeting.

Beidh Burnham in Westminster tráthnóna mar a nglacfaidh sé le mionn na parlaininte.

Mhaígh Starmer gur éirigh leis an mBreatain dul chun cinn a dhéanamh agus é féin ina phríomh-aire. Dúirt sé go dtabharfaidh sé “lántacaíocht gan cheist” don té a thiocfaidh i gcomharbacht air. Dúirt Starmer go bhfágfaidh sé le hoidhreacht ag an gcéad phríomh-aire eile tír atá “níos láidre agus níos cothroime” ná mar a bhí dhá bhliain ó shin.

D’éirigh thar cionn go deo le páirtí an Lucht Oibre faoi stiúir Starmer san olltoghchán deiridh in 2024, ach tá an tóin tite as an tacaíocht sin le dhá bhliain agus an tacaíocht ag neartú go gasta do Reform UK, páirtí atá i bhfad ar dheis agus i gcoinne na hinimirce go dtí an Ríocht Aontaithe.

Sna toghcháin áitiúla an mhí seo caite chaill páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 suíochán ar na comhairlí áitiúla agus an svae le Reform. Ní raibh ag Reform roimh na toghcháin áitiúla sin ach 100 suíochán agus d’éirigh leo thart ar 1,450 suíochán a fháil.

Dúirt ceannaire Reform UK Nigel Farage gur chóir go mbeadh olltoghchán ann nuair a éireoidh Starmer as.

Fág freagra ar 'Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ag éirí as'

  • Pádraig Ó Muircheartaigh

    Táim tugtha traochta a bheith ag éisteacht is ag léamh eolas mí-chruinn faoi Farage agus Reform.Nílim i mo ball don bpáirtí sin ach tá meas mór agam orthu agus an fath go bhfuil meas agam orthu mar tá grá acu dá dTír.Easaontaím le cuid dá bpolasaithe ach tuigeann said go bhfuil a dTír á plódú le teifigh agus eachtrannaigh.Tá an ceart acu.Níl said ciníoch agus níl siad go mór ar an eite dheas.Tá siad i bhfábhar inimirce a bheith dlíthiúil.Tá sé deacair ar na saolta seo labhairt faoin ábhar go háirithe anseo in Éirinn mar cuirtear i do leith go bhfuil tú ciníoch agus go mór ar an eite dheis.Faraor níl páirtí anso ag labhairt amach agus ag cáineadh cad tá ag tarlú dár dTír agus dár gcultúir.Tá Farage agus Reform ceart labhairt amach faoin ionradh.

  • Seán

    Tá an inimirce go maith dár dtír agus do Shasana. Tuigimíd é sin ACH tá sé imithe ó smacht ar fad.
    Caithfear rialú agus bainstiú dian ceart a chur i bhfeidhm. Níl sé sin ag tarlú faoi láthair.
    Agus, dálta gach rud eile a théann ó smacht, ní bheidh mar thoradh air ach aindlí agus aighneas.

  • Pat Ó Muircheartaigh

    Táim ár aon intinn leat a chara ach tá difríocht idir an Tír seo is Sasana .Tá ár gcultúr leochaileach mar tá an Béarla in uachtar anseo agus mar sin leis an dlús le ciní eile ag teacht Lena gcultúr féin beidh ár dteanga in áit na leathphingine.Tá sé ag tarlú sna scoileanna le líon na ndíolúintí ag méadú.Pé scéal é tá ár dTír i mbaol, contúirt mhór ón inimirce agus anféiniúlacht faoi ionsaí agus fé léigear agus fé bhrú