Is fada an lá ó bhí mé féin agus fear bhun an bhóthair inár gcónaí ar an mbóthar céanna, ach ós rud é gur bhaist mé an leasainm sin air lá breá amháin cloífidh mé leis.
Leanann colscaradh eipiciúil fhear bhun an bhóthair ar aghaidh freisin. Faoi láthair, feiceann sé a iníon, atá dhá bhliain d’aois, faoi dhó sa tseachtain. Is minic a léann siad leabhar le chéile dar teideal Is é mo dhaidí an daidí is fearr ar domhan.
Tá mé ag dul ar cuairt chucu inniu agus tá bronntanas agam i mo mhála don chailín beag, leabhar dar teideal Tá mo dhaidí uaim! (‘Tá laethanta ann nuair nach n-éireoidh ach le daidí cúrsaí a réiteach’ an blurba.)
Thug mé suntas dó sa siopa leabhar. Ceal clann de mo chuid féin níl mórán cur amach agam ar leabhair do pháistí, ach meas tú an bhfuil margadh nideoige ar leith ann do pháistí a bhfuil a dtuismitheoirí scartha óna chéile? Nó an amhlaidh gur ar dhaidithe bochta a fuair colscaradh eipiciúil, nó atá fós ina lár, atá an fosheánra sin dírithe i ndáiríre?
Agus an leabhar á léamh agam go sciobtha sa siopa thug mé faoi deara gur luchóigín beag darb ainm Lúcas an príomhcharachtar.
‘Ehm … meas tú an bhfuil leagan den leabhar seo ar fáil ina bhfuil an phríomhpháirt ag … ehm … luchóigín óg mná?’ a d’fhiafraigh mé de bhean an tsiopa.
‘Níl.’
‘Is cuma, béarfaidh mé liom é pé scéal é.’
An gá go mbeadh príomhcharachtar díreach cosúil linn féin le gur féidir linn muid féin a aithint ann, dáimh a mhothú léi, muid féin a shamhlú ina mbróga? Léigh mé féin mo sháith leabhar nuair a bhí mé óg ina raibh an phríomhpháirt ag cailín agus ní dóigh liom go ndearna sé sin lá dochair dom.
Ach fear é fear bhun an bhóthair a bhfuil dearcthaí saghas traidisiúnta aige faoi chúrsaí inscne agus foirfeoir críochnaithe é lena chois. Caithfidh chuile shórt a bheith díreach ceart dá bheainín óg.
Níor ghá dom a bheith buartha. Ba mhó i bhfad an spéis a bhí ag an gcailín féin sna léaráidí ná mar a bhí aici sa scéal.
Fág freagra ar '‘Ehm … an bhfuil leagan den leabhar seo ar fáil ina bhfuil an phríomhpháirt ag … ehm … luchóigín óg mná?’'