Beidh Corn Uí Dhufaigh ag dul ó dheas cois Laoi arís agus Gaillimh cloíte ag Corcaigh sa gcluiche ceannais. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Bhuaigh mná Chorcaí Craobh Chamógaíochta na hÉireann Dé Domhnaigh agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaillimh sa gcluiche ceannais
Laura Hayes ar ghuaillí Shaoirse McCarthy agus iad ag ceiliúradh an bua aon phointe amháin lena gcomrádaithe
Ally Hesnan na Gaillimhe in ísle brí agus curaidh na bliana seo caite cloíte ag Corcaigh
Bhí lucht tacaíochta na Gaillimhe dóchasach roimh an gcluiche go mbeadh an lá leo
Beirt Ghaillimheach amuigh ar an bpáirc, Uachtarán an Chumainn Chamógaíochta Brian Molloy agus Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly
Bhí géarchoimhlint idir na foirne, a chas ar a chéile sa gcluiche ceannais don tríú bliain as a chéile. Méabh Murphy agus Izzie O’Regan (Corcaigh) ag cur stop anseo le Carrie Dolan (Gaillimh)
Ashling Thompson (Corcaigh) agus Niamh McPeake (Gaillimh)
Cuid de lucht tacaíochta na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh
Aoife Donoghue (Gaillimh) agus Amy O’Connor (ar chlé) agus Ava Fitzgerald (Corcaigh) ina diaidh
Ava Fitzgerald agus Izzy O’Regan (Corcaigh) ag lorg an tsliotair
Caoimhe Kelly (Gaillimh) agus Isobel Sheehan (Corcaigh)
Bhí muintir na Gaillimhe sásta ag leath ama agus mná an iarthair cúpla pointe chun tosaigh
Emma Murphy (Corcaigh) ar ruathar agus Jennifer Hughes (Gaillimh) ag iarraidh breith uirthi
An sliotar ag Aoife Donohue (Gaillimh) agus Méabh Murphy (Corcaigh) fágtha sínte
Niamh Niland ag tabhairt faoi scór
Caoimhe Kelly (Gaillimh) agus Méabh Murphy (Corcaigh)
Cárta buí bronnta ag Gavin Donegan ar Mhéabh Murphy (Corcaigh)
Feall déanta ag Ava Fitzgerald (Corcaigh) ar Aoife Donohue (Gaillimh)
Ava Fitzgerald (Corcaigh) ag tabhairt pas uaithi
Isobel Sheehan agus Izzy O’Regan ag ceiliúradh agus an fheadóg dheireanach séidte
Libby Coppinger agus Izzy O’Regan
Ava Fitzgerald le Ava Considine
Ciara O’Sullivan, Isobel Sheehan agus Laura Hayes
Emma Murphy agus Dónal O’Grady
Corn Uí Dhufaigh in airde ag captaen Chorcaí, Méabh Cahalane
Ashling Thompson ag ceiliúradh leis an gcorn
Beidh craobh na hÉireann ag dul ó dheas den tríú huair le ceithre bliana
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Scoth na bpictiúr ó bhua Chorcaí i gcluiche ceannais na camógaíochta'