Bhí Donald Trump féin fágtha faoi scáth Lowry sa Dún Beag agus Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann buaite ag fear Uíbh Fhailí seacht mbliana déag ó bhuaigh sé an comórtas mar amaitéarach
Bhí ceiliúradh mór sa Dún Beag inné agus Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann buaite ag Shane Lowry. Pictiúr: INPHO/Dan Clohessy
Bhí fear Uíbh Fhailí caithréimeach ag an deireadh seachtaine agus é aon bhuille dhéag níos fearr ná Joaquin Niemann agus Patrick Reed, a chríochnaigh sa dara háit. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Bhí Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump, ar leis an galfchúrsa sa Dún Beag, i láthair chun an trófaí a bhronnadh ar Shane Lowry. Pictiúr: INPHO/Dan Clohessy
Ba í cuairt Donald Trump an scéal mór in iarthar an Chláir agus socruithe slándála cuimsitheacha curtha i bhfeidhm. Pictiúr:INPHO/Dan Clohessy
Ní fhacthas aon agóidí ar an gcúrsa agus fáilte á cur roimh an Uachtarán. Pictiúr: INPHO/Dan Clohessy
Bhí an tUachtarán Trump ar an bplásóg thíála nuair a chuir Lowry tús leis an mbabhta deireanach agus farasbarr ceithre bhuille ag an Éireannach ar Jacob Skov Olesen a bhí sa dara háit. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Dreapadh na duimhche chun radharc a fháil ar Lowry ag cur leis an bhfarasbarr a bhí aige. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Chlis ar an Danmhargach Skov coinneáil leis an Éireannach cois cladaigh. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Cuid de lucht tacaíochta dílis Lowry. INPHO/Ben Brady
Chláraigh Lowry éinín eile ar an seachtú poll. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Na sluaite bailithe timpeall na plásóige ag an gceathrú poll déag. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Bhí rith an ráis le Lowry agus é soiléir nach raibh aon duine in ann breith air. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Choinnigh sé air ag méadú na bearna agus éinín eile aige ar an gcúigiú poll déag. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Ní raibh ag éirí chomh maith céanna le buaiteoir na bliana seo caite ach fós féin bhí Rory McIlroytrí bhuille faoi bhun an phar dá bhabhta inné. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Thuas seal, thíos seal a bhí fear Ard Mhic Nasca i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus é chríochnaigh sé 22 buille chun deiridh ar a chara Lowry. INPHO/Ben Brady
Sa 31ú áit ag -3 a chríochnaigh Liam Nola, toradh iontach don Ghaillimheach agus é ag imirt sa gcomórtas den chéad uair riamh. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Ba le Lowry an lá áfach agus an comórtas buaite den dara huair aige, 17 bliain ó bhuaigh sé é mar amaitéarach. Pictiúr: INPHO/Dan Clohessy
Chuir sé clabhsúr le cúrsaí le héinín eile ar an bpoll deireanach. Pictiúr:INPHO/Dan Clohessy
An Taoiseach agus Uachtarán na Stát Aontaithe i láthair don bhronnadh. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Comhghairdeachas á dhéanamh leis an mbuaiteoir. Pictiúr: INPHO/Ben Brady
Héileacaptar Uachtarán na Stát Aontaithe, Marine One, ag fáil réidh chun Trump a thabhairt chomh fada le haerfort na Sionainne. Pictiúr: INPHO/Dan Clohessy
Lowry le cuid dá lucht tacaíochta. Pictiúr: INPHO/Dan Clohessy
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Scoth na bpictiúr ó bhua caithréimeach Shane Lowry sa Dún Beag'