Ceann de na cuspóirí atá ag na meáin freastal ar dhaoine. Sea! Más nuachtán atá faoi do stiúir, bíonn tú ag súil go mbeidh tú in ann foireann mhaith iriseoirí a chur i gcló a mheallfas daoine le híoc as an nuachtán féin (molaim do mhisneach!) nó, ar a laghad, síntiús beag a thabhairt duit don ábhar ar líne. Meallann na scríbhneoirí an pobal lena nglórtha.
Más stáisiún teilifíse atá agat, ní mór duit freastal ar ócáidí a mheallfadh an pobal fosta, rud a chomhlíonann an sprioc is tábhachtaí i saol an chraoltóra (nó saol an nuachtáin) – an spás a líonadh! Ná bíodh spás bán ar bith ar aer nó ar leathanach ann. Peaca marfach. Líontar an spás le tuaim nó le dúch ach líontar an spás.
Bhí dhá shampla mhaithe den chleachtas sin againn an tseachtain seo caite le S4C agus TG4.
Bhí an Eisteddfod náisiúnta ar siúl sa Bhreatain Bhig agus sceideal S4C lán, ó mhaidin go hoíche, le cláracha beo ar a raibh ag tarlú ar ardáin agus amuigh faoin aer le linn na seachtaine. Bhí deis acu pobal na teanga a chur os comhair an tsaoil mhóir agus thapaigh siad an deis agus fáilte.
Ní bréag a rá go raibh neart imeachtaí ann agus go dtug an stáisiún léargas maith ar a raibh ag tarlú. Sa chás nach raibh Breatnais agat – níl agamsa – bhí teacht ar fhotheidil go minic, rud a thug buille faoi thuairim don duine ón taobh amuigh dá raibh ag tarlú agus cúrsaí cultúrtha, creidimh, damhsa, drámaíochta agus eile faoi chaibidil.
Mar a tharla, bhí cúpla clár a bhain le cúrsaí litríochta ann nach raibh fotheidil ar fáil dóibh. Ní bheifeá ag súil go mbeadh an stáisiún in ann aistriúchán comhuaineach a chur ar fáil. Mar sin féin, bhí réimse maith scríbhneoirí faoi agallamh agus an chuma ar an scéal go raibh lucht féachana fiúntach i láthair agus iad ag tabhairt aire ar a raibh le rá.
An slán do litríocht na Breatnaise nó cultúr na Breatnaise? Níl barúil agam. Déarfainn go bhfuil a gcuid deacrachtaí acu oiread agus atá in earnáil na Gaeilge. Ach, don duine atá aineolach ar chás na teanga, ba léir go raibh neart daoine i láthair, mórán acu sin meánaosta, is fíor, ach bhí daoine óga ina measc agus agus urraim acu uilig don teanga.
Tá na comharsana ag déanamh go maith, mheasfá.
Rud amháin a rith liom, mar neamhchainteoir Breatnaise, go raibh neart láithreoirí agus daoine ag caint le linn na seachtaine agus Breatnais a labhair siad, is é sin, Breatnais líofa nach raibh Béarla ar bith le cluinstin inti, rud a chuir go mór leis an ócáid.
Bhí TG4 ag freastal ar thrá a lucht féachana le Fleadh26, ceithre chlár a craoladh as Béal Feirste le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann. Ní thiocfadh liom gan smaointeamh ar ráiteas beag searbh Wolfe Tone – chuala tú iomrá air? – agus é ar cuairt i mBéal Feirste le linn Fhéile na Cruite sa chathair chéanna in 1792: “Strum, strum and be hanged.”
Bhí rudaí ní ba tábhachtaí ar a intinn aige ná ceol. Lena cheart a thabhairt dó, seans mór go raibh eagla air nach mbeadh d’fheartlaoi ar phobal na hÉireann an t-am sin ach: “D’ól siad agus cheol siad.”
Cibé, triúr oilte a bhí i mbun an tí do TG4 – Gráinne McElwain, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill – agus fúthu a bhí sé stiúir bhríomhar a chur ar chearca an cheoil, iad a threorú chun an ardáin, cúpla focal a mhealladh astu faoi cheol, i nGaeilge nó i mBéarla, agus deis a thabhairt dóibh port nó dhó a bhualadh.
Ar éigean go bhfuil an focal “cumasach” láidir go leor le cur síos a dhéanamh ar bhua na gceoltóirí. Bhí siad thar barr, idir óg agus aosta, agus bhí spraoi agus gliondar le mothú san uile amhrán agus port.
Sult agus pléisiúr, is é sin, mura bhfuil tú Tone deaf.
Eoin Ó Riain
Tá an ráiteas sin ag Tone “Strum! Strum and be hanged!” luaite i leabhair Bhreandáin Uí Bhuachalla: “I mBéal Feiriste coios chuain” a foilsíodh sna seachtóidí.