Ceann de na chéad rudaí ab éigean a chur ar ceal nuair a d’fhógair Keir Starmer go raibh sé ag éirí as mar cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre sa mBreatain an cruinniú mullaigh a bhí socraithe don tseachtain seo idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain.
Bhí liosta d’ábhair ar leith le plé, ina measc comhaontú ar thalmhaíocht agus bia, scéim taistil do dhaoine óga agus socrú maidir le hastaíochtaí. Bhí athshocrú ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhreatain ar intinn ag Starmer freisin.
Tá an cruinniú ar atráth ó shin agus é ráite ag an dá dhream go dteastaíonn uathu é a shocrú arís a luaithe agus is féidir sa bhfómhar. Ní hé Starmer amháin atá imithe, ar ndóigh, ach tá cliar iomlán nua anois ag plé leis na cúraimí a bhaineann leis an gcaidreamh. Mar chuid den sléacht atá déanta ag an bPríomh-Aire nua, Andy Burnham, tá gortghlanadh iomlán déanta aige ar na hairí a bhíonn ag plé le ceisteanna a bhaineann leis an trádáil agus an tAontas Eorpach, chomh maith le caidreamh idir-rialtasach agus caidreamh le hÉirinn.
Bhí meas ar leith ag an rialtas i mBaile Átha Cliath ar Nick Thomas-Symonds atá ag feidhmiú mar aire caidrimh leis an Aontas Eorpach le dhá bhliain mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta sa gcaidreamh idir an rialtas s’againn féin agus an rialtas Londain. Sular thosaigh an gheamaireacht a bhain le díbirt Starmer bhí dóchas ag an rialtas go ndéanfaí dul chun cinn suntasach sa gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhreatain faoi stiúir na tíre seo.
Beidh aithne le cur ar dhuine nua anois agus cé go ndeir Burnham agus Ursula von der Leyen go bhfuil fonn orthu brú ar aghaidh go pras leis an gcruinniú mullaigh ab éigean a chur ar athlá, is féidir a bheith cinnte nach dtarlóidh tada go fómhar.
Is é Hamish Falconer atá ceaptha mar aire don chaidreamh idir-rialtais agus don Aontas Eorpach. Is mac é Falconer le hiar-fheisire de chuid an Lucht Oibre agus chaith sé blianta ag obair le seirbhís taidhleoireachta na Breataine. Tá roinnt conspóide tarraingthe aige air féin as ráitis atá déanta aige faoin Meánoirthear.
Tá comhdhéanamh a oifige athraithe freisin agus beidh sé ag obair taobh istigh den Roinn Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha agus ní bheidh aon bhaint aige leis an Oifig Chomh-Aireachta mar a bhí go dtí seo. Measann tráchtairí sa mBreatain go bhfuil an cumas idirbheartaíochta ag Falconer a theastódh dá mbeadh leasuithe le déanamh ar chomhaontuithe a bhaineann leis an mBreatimeacht.
Díol suntais freisin gur iar-aire trádála atá ceaptha ag Burnham le dul i mbun Státrúnaíocht Thuaisceart Éireann – beidh dualgais go leor ar Chris Bryant ó thuaidh den teorainn agus ní dochar saineolas i gcúrsaí trádála má bhíonn aon athruithe le déanamh ar an gcaidreamh trádála a bhaineann le Creat Windsor.
Ceist achrannach is ea an Breatimeacht d’aon rialtas i Londain agus is cinnte nach mbeidh Burnham ag iarraidh fearg na ndaoine a vótáil ar son imeachta a tharraingt air féin luath ina phríomh-aireacht. Ní hin le rá nach dtapóidh a rialtas agus rialtas na tíre seo – go háirithe agus muid i mbun uachtaránachta ar Chomhairle an Aontais – an deis le roinnt leasuithe a dhéanamh a rachaidh chun leasa don dá thír.
Fág freagra ar 'Andy Burnham agus an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain '