Céimeanna praiticiúla chun cabhrú leat do sheirbhísí teileafóin agus leathanbhanda a choinneáil ag feidhmiú.
Is iomaí uair a bhuail adhaimsir, nó an-drochaimsir, Éire san am a chuaigh thart, lena n-áirítear rabhaidh oighir, gaotha láidre agus tuilte tromchúiseacha.
Baineann go leor rioscaí leis an adhaimsir, agus mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh tú in ann do ghuthán agus do sheirbhís leathanbhanda a úsáid lena linn. Cibé acu is gá duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála, le cairde nó le daoine muinteartha, tá céimeanna ann ar féidir leat a ghlacadh chun a chinntiú nach gcuirfidh an drochaimsir isteach ar do chumas fanacht i dteagmháil le daoine eile.
Tá comhairle eisithe ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) do theaghlaigh ar fud na hÉireann faoin mbealach ar féidir leo ullmhú don drochaimsir agus pleananna a bheith i bhfeidhm acu chun déileáil le fadhbanna lena seirbhísí teileafóin nó leathanbhanda a thagann chun cinn go minic le linn drochaimsire.
Is é an bealach is fearr chun a chinntiú go mbeidh tú in ann fanacht i dteagmháil le daoine eile ná ullmhúchán a dhéanamh roimh ré. Tá go leor rudaí ar féidir leat a dhéanamh sula dtagann an drochaimsir a chabhróidh leat déileáil leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na stoirme.
Is é an rud is tábhachtaí ná do ghléasanna a luchtú agus a chinntiú go mbíonn do ghléasanna móibíleacha agus do bhainc chumhachta luchtaithe.
Coinnigh do ghléas móibíleach cothrom le dáta: Is mó seans go mbeidh gairis atá in ann nascadh le níos mó ná cineál amháin líonra, amhail 2G, 3G, 4G agus 5G, ábalta athnascadh leis an tseirbhís níos tapúla tar éis briseadh seirbhíse.
- Cumasaigh glaonna Wi-Fi ar d’fhón póca chun nascacht níos fearr a chinntiú le linn bristeacha seirbhíse.
- Má tá fón réamhíoctha agat, cinntigh go bhfuil creidmheas curtha leis.
- Bain úsáid as foinse chumhachta chúltaca ceallraí le haghaidh gairis fíor-riachtanacha agus chun do nasc leathanbhanda a choinneáil ag feidhmiú.
- Socraigh teagmhálaithe éigeandála agus d’aitheantas leighis ar d’fhón póca.
- Coinnigh liosta scríofa de na teagmhálaithe is tábhachtaí atá agat.
- Coinnigh raidió a fheidhmíonn le ceallraí chun an t-eolas is déanaí a fháil le linn bristeacha seirbhíse.
- Cuir do sholáthraithe seirbhíse ar an eolas faoi aon riachtanais bhreise a d’fhéadfadh a bheith agat.
Nuair a bheidh an drochaimsir tosaithe i gceart, tá céimeanna eile ar féidir leat a ghlacadh chun déileáil le haon bhriseadh ar chlúdach líonra móibíleach.
- Bain úsáid as glaonna Wi-Fi ar d’fhón póca chun glaonna a dhéanamh agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh trí do nasc leathanbhanda baile, má chuireann do sholáthraí an tseirbhís sin ar fáil.
- Is féidir leat d’fhón póca a úsáid mar bhall te pearsanta chun rochtain ar an idirlíon a chur ar fáil do ghairis eile.
- Is féidir le teorantóir borrtha le haghaidh trealamh íogair, amhail ródairí, móideimí agus fóin líne thalún, cabhrú leis an mbaol damáiste ó bhorradh cumhachta de bharr tintreach a laghdú.
- Bain úsáid as aipeanna amhail WhatsApp, Messenger nó FaceTime. Is féidir leat glaonna a dhéanamh ar d’fhón póca trí do nasc leathanbhanda baile leis na haipeanna seo.
- Cuir teorainn le húsáid d’fhóin póca, cumasaigh an modh coigilte ceallraí agus laghdaigh gile an scáileáin chun cumhacht na gceallraí a chaomhnú.
- Má tá briseadh cumhachta i gceist, cuimhnigh gur féidir leat, in go leor cásanna, do ghléasanna a luchtú trí phort USB nó asraon cumhachta d’fheithicle a úsáid.
Nuair a bheidh an drochaimsir thart, beidh tú i bhfad níos fearr as. Mar sin féin, tá céimeanna eile ar féidir leat a ghlacadh chun tú féin a choinneáil ar an eolas.
- Seiceáil an t-eolas is déanaí maidir le do sheirbhís agus fan ar an eolas faoi na hiarrachtaí atá ar bun chun seirbhísí a athbhunú.
- Má tá do sheirbhís caillte agat, tuairiscigh an briseadh seirbhíse do do sholáthraí lena chinntiú go mbeidh taifead aige air.
- Déan teagmháil le do sholáthraí agus fiosraigh an bhfuil tú i dteideal aon chreidmheas nó aisíocaíocht a fháil i leith na tréimhse nach raibh seirbhís ar fáil duit.
Bí cinnte breathnú ar shuíomh gréasáin ComReg inniu chun tuilleadh treorach a fháil faoi bheith ag ullmhú don drochaimsir, ionas gur féidir leat céimeanna praiticiúla a ghlacadh chun do sheirbhísí teileafóin agus leathanbhanda a choinneáil ag feidhmiú.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leideanna chun cabhrú leat ullmhú don adhaimsir an geimhreadh seo'