Trí leabhar Gaeilge roghnaithe do bhailiúchán idirnáisiúnta UNESCO

Tá na leabhair Ghaeilge roghnaithe mar chuid de ‘Bhailiúchán Leabhair Shuntasacha do Léitheoirí Óga’

Trí leabhar Gaeilge roghnaithe do bhailiúchán idirnáisiúnta UNESCO

Tá trí leabhar Gaeilge i measc na leabhar atá roghnaithe do bhailiúchán idirnáisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar an litríocht do dhaoine óga i dteangacha dúchasacha agus i dteangacha atá i mbaol ar fud an domhain.

Is togra de chuid IBBY (Bord Idirnáisiúnta ar Leabhair do Dhaoine Óga) agus UNESCO é an Bailiúchán Leabhair Shuntasacha do Léitheoirí Óga i dTeangacha Dúchasacha agus i mBaol, atá á chur le chéile le haird a tharraingt ar thábhacht na litríochta agus na foilsitheoireachta sna teangacha sin.

Fógraíodh an bailiúchán ag an 40ú Comhdháil Dhomhanda de chuid IBBY in Ottawa, Ceanada, an tseachtain seo. Tá 169 leabhar in os cionn 152 teanga san áireamh ann agus iad liostaithe i gcatalóg atá ar fáil ar líne.

Is iad na trí leabhar Gaeilge atá san áireamh – An Snag Breac Ildaite le Emma Baskin, maisithe ag Serena Scully agus foilsithe ag LeabharCOMHAR in 2022; Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, maisithe ag Shona Shirley Macdonald agus foilsithe ag Futa Fata in 2021; agus Mór agus Muilc le John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla, maisithe ag Kim Sharkey agus foilsithe ag Éabhlóid in 2019.

Tá an bailiúchán á chur le chéile mar chuid de ‘Deich mBliana Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha’ a d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe don tréimhse 2022 go 2032. Is í UNESCO an ghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an gclár a chur i bhfeidhm.

Measann UNESCO go bhféadfadh suas le 40 faoin gcéad den tuairim is 7,000 teanga atá ar fud an domhain imeacht le sruth mar gheall go bhfuil líon na gcainteoirí ag laghdú iontu. Is í an aidhm atá luaite leis na Deich mBliana Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha aird dhomhanda a tharraingt ar staid na dteangacha dúchasacha agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil le tacú le hiarrachtaí caomhnaithe agus athbheochana.

Tá sé mar aidhm ag an mbailiúchán leabhar seo tacú leis na hiarrachtaí sin trí fhoilsitheoirí, leabharlannaithe agus eagraíochtaí ar fud an domhain a spreagadh le leabhair do dhaoine óga i dteangacha dúchasacha agus i dteangacha atá i mbaol a fhoilsiú agus a chur chun cinn.

Cuirfear an bailiúchán ar taispeáint ag aontaí idirnáisiúnta leabhar, Frankfurt 2026 agus Bologna 2027 ina measc, agus cuirfear trí shraith taistil ar fáil do bhrainsí áitiúla IBBY, do Choimisiúin Náisiúnta UNESCO agus do chomhpháirtithe eile de chuid IBBY-UNESCO. Beidh an bailiúchán buan lonnaithe i Leabharlann UNESCO ina gceanncheathrú i bPáras na Fraince.

Fág freagra ar 'Trí leabhar Gaeilge roghnaithe do bhailiúchán idirnáisiúnta UNESCO'