‘Reachtaíocht phráinneach’ don oideachas lán-Ghaeilge á héileamh ag Feisire Eorpach  de chuid Fhianna Fáil

Dúirt Cynthia Ní Mhurchú go bhféadfadh ‘teip chórasach’ na Roinne Oideachais i leith na Gaelscolaíochta ‘damáiste ollmhór a dhéanamh do cháil na hÉireann’ san Eoraip

‘Reachtaíocht phráinneach’ don oideachas lán-Ghaeilge á héileamh ag Feisire Eorpach  de chuid Fhianna Fáil

Tá an Feisire Eorpach d’Fhianna Fáil, Cynthia Ní Mhurchú, “ag éileamh beart láidir” a chuirfeadh ceangal dlí ar an Roinn Oideachais “aghaidh a thabhairt ar na blianta fada d’fhaillí chórasach” i leith an ghaeloideachais.

Dúirt Ní Mhurchú go bhfuil “reachtaíocht phráinneach” ag teastáil le haghaidh a thabhairt ar “theipeanna sistéamacha” maidir leis an oideachas trí Ghaeilge agus “chun an Ghaeilge a shábháil ó dhíothú”.

Dúirt Ní Mhurchú i gcomhfhreagras atá seolta aici chuig an Aire Oideachais Hildegarde Naughton go bhfuil sí ag éileamh “beart láithreach” agus thug sí “rabhadh” go ndéanfaí “damáiste mór idirnáisiúnta do chlú na hÉireann” mura dtabharfaidh an tír seo “cosaint” dá teanga mhionlaigh.

Bhí cruinniú ag Ní Mhurchú leis an Aire Naughton in Strasbourg an mhí seo caite inar chuir sí in iúl “go foirmiúil” an imní atá uirthi maidir le stádas na Gaeilge. Tharraing sí aird freisin, a dúirt sí, ar an “géarchéim mhór earcaíochta” ó thaobh cainteoirí líofa Gaeilge in Éirinn agus in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.

Mhaígh Ní Mhurchú go bhfuil ceist an-tábhachtach curtha aici maidir le “creidiúnacht an náisiúin” agus súile na hEorpa ar Éirinn le linn a hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

“Ós rud é go bhfuil an Ghaeilge rangaithe ag UNESCO mar theanga atá ‘i mbaol go cinnte’, rud a fhágann gurb í an t-aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais í atá i mbaol a díothaithe, conas is féidir linn Aontas a stiúradh a chuireann an éagsúlacht teanga chun cinn fad is atá ag teip orainn ár dteanga náisiúnta féin a chaomhnú sa bhaile?

“Tá teip chórasach na Roinne Oideachais reachtaíocht a rith don Ghaeloideachas ag bagairt damáiste ollmhór a dhéanamh do cháil na hÉireann le linn na hUachtaránachta mór le rá seo. Tá neamhaird á déanamh againn go gníomhach ar ár ndualgaisí, agus tá sé in am don Aire Naughton idirghabháil a dhéanamh,” a dúirt Ní Mhurchú.

Dúirt sí go bhfuil Éire ar cheann de “dhornán beag tíortha” san Eoraip nach bhfuil “creat reachtach bunscoile” tugtha isteach acu chun “an tumoideachas a rathú”, agus chuir an tír seo i gcomparáid leis an mBreatain Bheag agus Tír na Bascach a bhain “éachtaí” amach sa réimse sin. Chuir sí i leith na Roinne Oideachais agus a cuid oifigeach go rabhthas “ag baint úsáid as an easpa reachtaíochta” chun “neamhaird a dhéanamh den Ghaeilge”.

Mar a tuairiscíodh ar Tuairisc ag tús na míosa seo, tá Fianna Fáil féin ag dréachtú reachtaíochta a chuirfeadh dualgas ar an stát oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus soláthar cuí a chur ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo freastal air.

Is é an Teachta Dála do Chill Dara, Naoise Ó Cearúil, atá ag plé go príomha leis an dréachtreachtaíocht agus a thabharfaidh chun cinn sa Dáil í ach an tacaíocht traspháirtí lena haghaidh a fháil. Tá tacaíocht léirithe ag an Seanadóir Evanne Ní Chuilinn agus an Teachta Dála Barry Ward ó Fhine Gael don reachtaíocht freisin.

Tá reachtaíocht don oideachas lán-Ghaeilge ar phríomhsprioc an ghrúpa Imeasc. Dúirt ionadaí ón ngrúpa, Rachel de Bhailís, go raibh “go leor tacaíochta” faighte ag an ngrúpa ó pholaiteoirí ach go rabhthas “tagtha go dtí an staid go gcaithfimid teacht le chéile, bogadh ar aghaidh le chéile agus céim chun tosaigh a thógáil chun an reachtaíocht a chur i bhfeidhm”.

Fág freagra ar '‘Reachtaíocht phráinneach’ don oideachas lán-Ghaeilge á héileamh ag Feisire Eorpach  de chuid Fhianna Fáil'

  • Seosamh O Ciardha

    Cinnte _agus reachtaiocht chun dualgas dlithiuil a chur ar Ranna Stait seirbhisi tre ghaeilge a chur ar fail gan a thuille moille

  • Tom Kelly

    Iontach. Cinnteoidh an reachtaíocht nua sin go mbeidh na céadta ‘scoileanna lán-Ghaeilge’ bréagacha ar nós Synge Street againn amach anseo. Tá caighdeán Gaeilge na múinteoirí dona go leor sa scoileanna atá ann cheana.

    Ní dhéanann an Ghaelscolaíocht difear ar bith do staid na Gaeilge de réir UNESCO mar nach gcruthaíonn Gaelscoileanna Gaelphobail.

    Dá mbeadh na polaiteoirí/daoine sin buartha faoi staid sochtheangeolaíochta na Gaeilge de réir UNESCO bhéidis dírithe ar cheist na géarchéime teanga sa Ghaeltacht, cheist tithíochta na gcainteorí Gaeilge sa Ghaeltacht, ar an bhfaillí atá déanta ar oideachas an chainteora dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht, ar an easpa seirbhísí atá ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina teanga féin. Bhéidis ag iarraidh dlús na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a chosaint agus a mhéadú de réir a chéile thar aon ní eile agus ar chur chun cinn na Gaeilge mar chéad teanga pobal go príomha seachas mar dhara teanga roghnach.

    500 Gaeilscoileanna nua + na mílte foghlaimeoirí nua + na milliúin imeachtaí spraíúla do Ghaeilgeoirí/fhoghlaimeoirí timpeall na tíre+ an Ghaeilge marbh mar theanga pobail = Gaeilge mharbh de réir UNESCO.

    Is fearr le UNESCO fíricí sochtheangeolaíochta bunaithe ar chrítéir áirithe, ní aislingí/uaillmhian ná dea-rúin. Ní teanga bheo í teanga a mhaireann mar dhara teanga amháin gan aon áit ina mhaireann sí mar theanga an phobail le seachadadh nádúrtha ó ghlúin go glúin.