Tá Féile John Ford le filleadh ar an Spidéal agus an fhéile a reáchtáladh den chéad uair anuraidh le bheith ar siúl an mhí seo chugainn.
Déanann an fhéile comóradh ar dhuine de mhórstiúrthóirí Hollywood, arb as Cois Fharraige a thuismitheoirí.
Tá imeachtaí na féile le reáchtáil thar thrí lá idir 11-13 Meán Fómhair agus ceiliúradh le déanamh ar cheangal Ford le hiarthar na hÉireann agus go háirithe le Cois Fharraige.
John Martin Feeney a baisteadh air nuair a saolaíodh é i Portland, Maine, ach ba as an Tuar Beag atá buailte ar an Spidéal dá athair agus ba in aice láimhe ar an gCoill Rua a rugadh a mháthair. Fad agus a mhair sé níor thréig Ford a dhúchas. B’iomaí cuairt a thug sé ar Éirinn, ar an Spidéal agus chuir sé Conamara ar a súile don saol mór i 1952 leis an scannán The Quiet Man, a bhuaigh gradam Oscar.
Ag féile na bliana seo beidh feiceáil ar chuid de na scannáin ba cháiliúla a rinne sé; The Quiet Man agus My Darling Clementine (1946); mar aon lena chóiriú ar shaothair na n-údar Sean O’Casey agus Liam Ó Flaithearta, The Plough and the Stars agus The Informer.
Le feiceáil freisin beidh seó aonair The Quiet Men, bunaithe ar shaol na ndeartháireacha Barry Fitzgerald agus Arthur Shields. Duine muinteartha dá gcuid, Morgan C. Jones a scríobh agus a chuirfidh i láthair.
Ar na cainteoirí sa Spidéal, beidh na staraithe Cormac Ó Gráda, Breandán Mac Suibhne agus Adrian Frazer, staraí Amharclann na Mainistreach agus saineolaí ar Ford. Beidh réamhchaint ann sula dtosóidh na scannáin mar aon le comhrá spéisiúil idir Tony Tracy agus Michael Ford, garmhac Frank, deartháir John Ford.
Ar siúl freisin beidh ceardlann atá dírithe ar dhaoine óga ar suim leo an scannánaíocht agus a dtugann stíl Ford ugach dóibh. Beidh taispeántas grianghrafadóireachta de chuid scoileanna Chois Fharraige freisin, ‘Íor na Spéire’.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus ticéid a chur in áirithe ag FeileJohnFord.com.
Fág freagra ar 'Féile John Ford le filleadh ar Chois Fharraige an mhí seo chugainn'