Maoiniú ceadaithe d’fhéilte agus scoileanna samhraidh Gaeilge agus Gaeltachta

Ceadaíodh an maoiniú d’imeachtaí a bhí agus a bheidh ar siúl i nDún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, agus Cill Dara

Maoiniú ceadaithe d’fhéilte agus scoileanna samhraidh Gaeilge agus Gaeltachta

Tá maoiniú €28,000 ceadaithe ag an Aire Cultúir Patrick O’Donovan le tacú le féilte áitiúla agus scoileanna samhraidh “ar scála beag” Gaeilge agus Gaeltachta a bhí nó a bheidh ar siúl in 2026.

Ceadaíodh an €370,000 faoin scéim maoinithe go náisiúnta agus dáilfear €28,212.50 ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta i nDún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, agus Cill Dara.

Bronnfar €5,000 ar lucht eagraithe Fhéile Joe Éinniú a bhí ar siúl i gCarna i gConamara i mí na Bealtaine. Déantar comóradh ag an bhféile ar an amhránaí traidisiúnta aitheanta Seosamh Ó hÉanaí, nó Joe Éinniú, agus ar oidhreacht shaibhir na fonnadóireachta in Iorras Aithneach.

Ceadaíodh €3,750 don Arranmore Country Fest, féile cheol tíre a bhíonn ar siúl in Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall. Beidh an fhéile ar siúl san oileán ar an 22-23 Lúnasa.

Fuair an fhéile nua cheoil i nGaoth Dobhair, Dorn San Aer, €3,750. Seo an tríú bliain a bheidh an fhéile seo, a reáchtáiltear i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí, ar siúl ina cheantar dúchais. Beidh eagrán na bliana seo ar siúl ar an 25-27 Meán Fómhair agus beidh leithéidí Kíla, Grooveline, Bréag, agus Tart ag casadh ann.

Ceadaíodh €3,712.50 do Chór agus Ceolfhoireann Nua-Cheoil an Daingin faoin scéim chomh maith, grúpa atá lonnaithe sa Díseart sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bronnfar €4,500 ar Shult na Sollán atá lonnaithe sna Solláin i gCill Dara. Eagras deonach é Sult na Sollán a chuireann an ceol traidisiúnta, an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann chun cinn sa cheantar. Reáchtálann an eagraíocht an fhéile Seachtain na Gaeilge sna Solláin agus an Sallins Tradfest i mí Lúnasa.

Ceadaíodh maoiniú do dhá chomharchumann Gaeltachta faoin scéim freisin: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i nDún na nGall agus Comharchumann Shailearna Teoranta i nGaillimh. Fuair an dá eagraíocht phobail sin €3,750.

Ceapadh an scéim maoinithe le cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach féidir leo maoiniú a fháil ó chistí d’imeachtaí atá níos mó. Ní bheadh na féilte a cháilíonn do dheontais faoin scéim ‘Féilte Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh Ar Scála Níos Lú’ i dteideal maoiniú ó Fháilte Éireann, ón gComhairle Ealaíon ná eagraíochtaí dá leithéid. Is é €5,000 an deontas is mó is féidir a fháil faoin scéim.

“Tá ról thar a bheith tábhachtach ag an gcultúr agus ag na healaíona maidir lenár sochaí a shaibhriú, pobail a neartú, agus oidhreacht uathúil na hÉireann a chaomhnú. Le tacaíocht ó mo Roinn, leanann féilte agus scoileanna samhraidh ar fud na tíre de dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine chun teagmháil a dhéanamh lena chéile agus ár dtraidisiúin chomhroinnte a fhoghlaim agus a cheiliúradh,” a dúirt an tAire O’Donovan.

Fág freagra ar 'Maoiniú ceadaithe d’fhéilte agus scoileanna samhraidh Gaeilge agus Gaeltachta'