Conraitheeoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi thogra €4 milliún i gCarna

Tá obair athfhorbartha agus uasghrádaithe le déanamh ag an Údarás ar dhá fhoirgneamh atá ar shuíomh Stáisiúin Taighde Charna

Conraitheeoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi thogra €4 milliún i gCarna

Tá conraitheoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun ionad nuálaíochta mara a fhorbairt i gCarna.

Tá obair athfhorbartha agus uasghrádaithe le déanamh ag an Údarás ar dhá fhoirgneamh atá mar chuid de Stáisiúin Taighde Charna.

Tá an obair beartaithe mar chuid den togra ‘Nua Mara’, ionad forbartha nuálaíochta mara. Nuair a bheidh an obair uasghrádaithe curtha i gcrích, beidh comhlachtaí nua agus mionchomhlachtaí in ann áit a fháil ar cíos ar an suíomh chun tabhairt faoi thástáil agus taighde mara.

Bronnadh an conradh don obair, ar fiú €4.3 milliún é, ar an gcomhlacht Tiernan Engineering atá lonnaithe i Maigh Eo.

Níor chuir Údarás na Gaeltachta aon eolas breise ar fáil do Tuairisc maidir le cén uair a bheadh an obair á tosú agus curtha i gcrích.

“Beidh tuilleadh eolais dá roinnt againn ar an togra seo in am trátha,” a dúirt urlabhraí.

Tá na foirgnimh a bhfuil athfhorbairt le déanamh orthu ar léas ag Údarás na Gaeltachta ó Ollscoil na Gaillimhe, a bhunaigh Stáisiún Taighde Charna breis is 50 bliain ó shin. Chomh maith leis an obair atá le déanamh ar an dá fhoirgneamh, tá uasghrádú le déanamh ar chórais atógála agus cóireála sáile ar an suíomh.

Nuair a bunaíodh Nua Mara ar dtús in 2022, dúradh go mbeadh sé ina chuid thábhachtach de thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin. Ní fios céard atá i ndán don togra sin ó diúltaíodh cead pleanála dó in 2023.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta anuraidh, tráth a raibh comhairleoirí le hearcú chun cás gnó nua a ullmhú, go raibh sé dóchasach” ach “réalaíoch” gur féidir togra Pháirc na Mara a thabhairt chun críche.

Fág freagra ar 'Conraitheeoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi thogra €4 milliún i gCarna'