Is díol iontais liom go meastar anois, agus meastar i gceart, gurb é Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, páirtí a bunaíodh chun prionsabail Phoblachtánacha a chosaint (agus deireadh a chur leis an gcinedheighilt an príomhcheann acu), an chonstaic is mó roimh Aontacht na hÉireann.
I gcodarsnacht leis sin, is é Fine Gael, an páirtí a bhíodh go traidisiúnta nasctha le cothabháil an status quo, atá ag éileamh go ndéanfaí ullmhúcháin maidir le cén chuma a bheidh ar Éirinn aontaithe.
Ba é an t-iarThaoiseach Leo Varadkar a chuir é seo chun cinn ar dtús dá pháirtí. Ní raibh suim ar bith ag Simon Harris ann i dtosach, atá anois agus é ina Thánaiste agus ina cheannaire ar Fhine Gael is cosúil gur cuireadh ina luí air gur bealach cinnte é seo chun buntáiste a fháil ar Fhianna Fáil ar a bpaiste féin.
Cé chomh fada eile a ghlacfadh muintir Fhianna Fáil leis seo? Tá tacaíocht áirithe ag Martin, cinnte, ach is deacair a chreidiúint go bhfuil gnáthbhaill an pháirtí sásta leis an gcur i gcoinne reifreann faoin teorainn.
Ón aithne atá agamsa ar bhaill Fhianna Fáil, ceapaim go bhfuil cuid mhaith díobh, móramh b’fhéidir, ar buile faoin ráiteas sin ó Martin go dtéann sé as a mheabhair nuair a chloiseann sé baill den pháirtí ag lorg reifreann faoin teorainn.
I litir a foilsíodh san Irish Times an tseachtain seo caite, dúirt ball amháin, David Carroll, go gcailleann seisean an bloc nuair a chloiseann sé caint Martin. Agus lean sé:
‘Anois an t-am chun, ar a laghad, tús a chur le plé, leis na daoine a mbeidh tionchar díreach orthu, faoin gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn aontaithe. Níl sa diúltú don ullmhú ach faillí pholaitiúil.’
‘Más rud é go leanann ceannaire Fhianna Fáil ag ligean dá ghráin phearsanta ar Shinn Féin an uaillmhian dhlisteanach, comhoibriú i dtreo aontacht na hÉireann, a shárú, uaillmhian atá ag na páirtithe uile sa deisceart, ba cheart dó éirí as agus ligean do dhuine éigin eile an obair a dhéanamh a gheall gach ceannaire ó ré De Valera anall a dhéanfaí.”
Tá’s againn freisin go mbíonn Jim O’Callaghan, mar aon le daoine eile a bhfuil suim acu sa cheannaireacht, ag moladh ullmhú don aontacht agus is cosúil go raibh caint Mhartin dírithe air siúd, go háirithe.
Ach an bhfuil dóthain ann le hathrú ceannaire a bhrú tríd?
Bhí tuairim láidir taobh istigh den pháirtí gur chóir ligean do Martin fanacht mar cheannaire go dtí go mbeadh uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach i gcrích. Ach níl comhartha ar bith ann go nglacann Martin leis an am líne sin.
Sé sin le rá, nach n-imeoidh Martin gan troid. Agus an bhfuil an misneach ag baill pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil chun achrann den sórt sin a chur ar bun? An bhfuil na huimhreacha acu?
Feicfimid, ach mura n-athraíonn Fianna Fáil a bport faoi seo beidh deis iontach ag Fine Gael vótaí náisiúnaithe a bhaint díobh.
Cinnte, níor léirigh Harris go raibh aon spéis aigesean sa scéal seo roimhe seo, ach bhí – agus tá – Varadkar dáiríre, agus é ag glacadh páirt cheana in imeachtaí de chuid Thodhchaí na hÉireann. Is cosúil go dtuigeann Harris anois an deis atá ann, agus chuir Mary Lou McDonald, Uachtarán Shinn Féin, fáilte go pras roimh caint Harris gur chóir tosaí ar ullmhúcháin don reifreann faoin teorainn.
Deir Martin gur chóir aird a dhíriú ar thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte a chothaíonn comhfhiontair thuaidh is theas.
Gan dabht tá obair fhiúntach déanta mar chuid den fhiontar seo, ach is féidir leanacht leis an bhfiontar sin agus ullmhúchán a dhéanamh d’Éirinn Aontaithe ag an am céanna.
Níos bunúsaí, tá Martin ag rá nach féidir Éire a athaontú go dtí go dtoilíonn na hAontachtaithe leis. Ach ní hin atá leagtha síos i gComhaontú Aoine an Chéasta. Móramh de mhíntír na sé chontae a luaitear, agus, sea, ciallaíonn sé sin gur leor 50% móide 1.
Cinnte bheadh próiseas an athaontaithe níos fearr, níos cuimsithí agus níos compordaí dá mb’fhéidir móramh, nó fiú mionlach suntasach, den phobal Protastúnach ó thuaidh a fháil taobh thiar de.
Ach níl aon cheart ná údarás ag Martin athscríobh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Agus más maith go bhfuil Martin tuisceanach faoi dhearcadh na nAontachtaithe, nach cóir freisin a bheith tuisceanach faoi dhearcadh na Náisiúnaithe? Agus maidir leis sin tá Sinn Féin agus an SDLP araon ar son reifreann teorann.
Fág freagra ar 'Is é Micheál Martin an chonstaic is mó i gcoinne athaontú na hÉireann'