Cosáin na tuaithe agus lomraí na gcaorach

Tá na laethanta breátha tar éis cuimhní cinn ar an ruaille buaille a bhainfeadh le lá bearrtha caorach a dhúiseacht inár gcolúnaí

Cosáin na tuaithe agus lomraí na gcaorach

Lomracháin atá iontu anois. Bhíodar fairsing ar chaon taobh den bhóthar as Conamara amach go teorainn Mhaigh Eo agus mé ag taisteal na mbealaí sin le gairid. Caoirigh na bliana seo sciúrtha, bearrtha agus an phurgóid curtha siar ina mbéal agus síos ina scornach. An branda aitheantais buailte orthu agus iad faoi réir le haghaidh a gcéad chéim eile sa saol – soir i dtreo na dtailte bána nó amach go gleannta agus beanna sléibhe.

An spraoi agus an léimneach a bhain leis na huain sa mBealtaine, tá sé caite in aer acu anois. Tádar suaimhnithe. Cúpla mí atá ag na ceanna fireanna sula dtabharfar bóthar dóibh chuig na marglanna, agus ticéad soir faoin tír i dtreo talamh níos míne. Ansin a chuirfear cruth agus feoil orthu. Beidh laethanta na peataireachta thart.

An sliabh amach a bheidh roimh uascáin, moilt agus reithí. Fómhar agus geimhreadh ar chnoic Chonamara, Mhaigh Eo, Thír Chonaill agus Chiarraí: fásfaidh lomra eile ar na lomracháin.

Rothaí móra an tsaoil ag dul timpeall; séasúir na tuaithe bliain i ndiaidh bliana.

Meas tú arb iad na laethanta breátha atá tagtha le tamall maith a dhúisíonn cuimhní cinn ar ghníomhaíocht na tuaithe, agus an ruaille buaille a bhainfeadh le lá bearrtha caorach?

B’fhacthas dúinn ina ngasúir gur cineál féile a bhíodh ann nuair a chruinnítí isteach na caoirigh ón sliabh. B’fhéidir, an uair sin, nach raibh na gadhair chomh maith ag daoine. Chluinfeá macalla na bhfocal ag éirí as na gleannta. ‘Good dog.’ ‘Go back you bastard.’ ‘Ní fiú tada é an gadhar sin.’ ‘Go away out backside over’. Béarla go traidisiúnta a labhraítí leis na gadhair, cé gur dheacair a rá an mbainfeadh gadhar mórán meabhrach as na focla ‘backside over’. Sa deireadh bheadh na caoirigh sáinnithe san ‘yawrd’, mar a thugtaí air, agus thosaítí ag bearradh. Tá an pictiúr fanta fós i m’intinn de chomharsa linn agus an fhuil ag síleadh anuas ó na uillinneacha nó go mbeadh branda dearg ar a dhá lámh. Bhí an fear bocht ite ag na cleabhair. Ach ní bhíodh gíog ná gearán as ach é ag bearradh as éadan. Ní fheictear é sin níos mó, tá na daoine óga, go háirithe, ábalta ar an meaisín. Pébí cén caitheamh i ndiaidh na seanaimsire atá ag daoine, ní dhéarfainn go bhfuil na caoirigh buartha faoi imeacht an deimhis. Ba mhinice go mór a bhaintí fuil astu nuair a bhítí á mbearradh ar na seanbhealaí.

Ní fhágann an deis nua liobar ar chaoirigh na linne seo. Ach idir an dá linn céard a dhéanfar leis an gcarnán olla? Cé a cheannóidh í, nó cé a thógfaidh uait í?

Más é an cás céanna é le blianta eile, tabharfar 5 cent an kilo ar olann na gcnoc, i gConamara ar aon nós. Ar fhaitíos go gceapfá gur botún é sin, ní hea, €0.05 an kilo atá i gceist. Is cosúil gur cheart dúinn a bheith buíoch as an méid sin féin. Dúradar sa gcomhlacht olla i dTuaim anuraidh go bhfuil a gcuid foirgneamh ag cur thar maoil le lomraí na gcnoc.

Éireoidh leo beagán níos fearr – a cheithre oiread níos fearr – ar an Eachréidh. Más é macasamhail na bliana anuraidh é, gheobhaidh siadsan 20 cent an kilo. A chonách sin orthu, ach sóinseáil fhánach í sin le hais na mblianta a caitheadh.

Tuige an bhfuil na carnáin fanta i dTuaim?

Nuair a bhí muid ina bpatairí beaga, chloisinn mo sheanathair ag caint ar ‘údar treabhsair’. Thugtaí an bréidín chuig táilliúir an bhaile nó go ngearradh sé amach go stuama é mar threabhsar, agus bhíodh práinn as an mball éadaigh sin. Is mór i gceist an ‘traceability’ anois ach an uair úd, an té a raibh súil mhaith aithneachtála caorach aige, is beag nach mbíodh a fhios aige cén lomrachán a chuir treabhsar air.

D’imigh an lá sin, scéal idirnáisiúnta é.

Thug daoine cúl don olann agus tháinig éadach agus pluideanna níos míne sa bhfaisean. Shíleadar go raibh na bioráin olla róghéar ar chraicne na linne seo.

Agus is beag glaoch atá ar olann an lomracháin sléibhe feasta.

Fág freagra ar 'Cosáin na tuaithe agus lomraí na gcaorach'