‘Shoraí dhíot mar ghrian; nach fada thú ag gabháil siar – ach an raibh tú ariamh ar aimsir?’ Ón tseanaimsir a tháinig an nath cainte sin, an tráth den saol nuair a bhítí ag brath ar an ngrian mar chlog. Ar nós clog ar bith eile, bhuailtí milleán uirthi de bharr a cuid moilleadóireachta ag dul siar ar an spéir nuair a bhíodh na cnámha tuirsithe ag obair chrua.
Tráth den saol a bhí ann nuair nach raibh an chothromaíocht idir an obair agus an scíth agus caitheamh aimsire i gceist. An té a bhí ar ‘aimsir’ baineadh luach a chuid saothair as.
I bhfad siar dúirt bunaitheoir na gComharchumann, Robert Owen, gur cheart gur mar seo a bheadh an lá: 8 n-uaire an chloig oibre; ocht n-uaire ar do chomhairle féin agus ocht n-uaire scíthe agus codlata. Sé lá oibre sa tseachtain i bhí i gceist san am sin. Tá oibrithe san Eoraip sa tóir ar 4 lá sa tseachtain anois, nó 35 uair an chloig. Creideann na Meiriceánaigh go bhfuil peataireacht ag teastáil ó dhream saothair na hEorpa, agus maíonn go bhfuil na bealaí atá le daoine ar an taobh seo den Atlantach ag déanamh lagachain ar an eacnamaíocht.
Ach pébí bealach a ngabhfaidh daoine dó, nó pébí beartaíocht a dhéanfar, tá dualgais sa saol a chaithfear a chomhlíonadh chuile lá agus chuile oíche – ceird dochtúra, mar shampla, agus obair an fheilméara, obair na tuaithe.
Baineann síor-obair leanúnach go háirithe leis an déiríocht, an obair a chinntíonn go bhfuil bainne ar fáil i mBaile Átha Cliath, agus ar fud na tíre, ar maidin. Ba mhinic a d’airigh mé leoraí na huachtarlainne ag teacht isteach ar an tsráid i dteach mhuintir mo mhná Susan i gcontae Laoise roimh mhaidneachan lae. Ní raibh leithscéal ná leadaíocht ann; chaithfeadh na beithígh a bheith blite, chaithfí súil a choinneáil san oíche ar bhreith laonta; bhí an clog romhat agus i do dhiaidh ó mhaidin go faoithin, seacht lá na seachtaine. Ach níl an sclábhaíocht agus an síorbhrú oibre ag teacht le meon na linne seo.
“Ní choinneofar leis an gcineál sin saoil sna blianta amach romhainn,” a deir Treasa de Róiste, an cathaoirleach ar Choiste na dTeaghlach Feilme i gCumann na bhFeilméaraí, ar fud na tíre.
Bhí Treasa de Róiste ar dhuine den chomhluadar a bhí í bhfochair Uachtarán Chumann na bhFeilméaraí i gConamara le gairid. Téann sí thart ar fud na hÉireann de réir mar a bhíonn triail aice ó dhualgais feilme. Rinne sí cur síos ar an gcaoi a bhfuiltear gaibhte i muinín córas teicneolaíochta nua-aimseartha ar an bhfeilm atá aici féin agus a muintir, gar don Ghráig in oirdheisceart na Gaillimhe.
Tádar ag bleán ionann agus 100 bó le fada an lá. Ach, tá a hathair caite na trí scór agus deich mbliana anois. “Bhí a fhios aigesean, bhí á fhios ag mo mháthair agus bhí a fhios agamsa nach bhféadfaí coinneáil leis na cruóganna feilme uilig. Ba é tús agus deireadh an scéil go raibh ceist mhór le freagairt: an raibh tada i ndán don fheilm sin? An díolachán a bheadh ann agus an fheilm imithe as lámha an teaghlaigh go brách?”
Socraíodh i measc theaghlach de Róiste go rachfaí i dtreo na ‘robots’. Fuarthas péire acu mar bhliteoirí. Cuireadh cóir ar na foirgnimh feilme a d’fheil don chóras nua seo. Cúpla bliain atá sé acu anois. Tagann na beithígh isteach de réir a chéile agus déanann an dá ‘robot’ an chuid eile. Téann cuid den bhainne chuig an uachtarlann, agus siltear an chuid eile go dtí uachtarlann bheag atá acu féin ina ndéantar cáis, agus ina ndíoltar táirgí feilme. Ní mór duit a bheith acmhainneach sa bhfeilméaracht, arsa Treasa.
Costas?
“Ní bheadh mórán sóinseála agat as €400,000. Fuair muid deontas €30,000 agus, ar ndóigh, theastaigh tacaíocht an bhainc uainn. Ach, cuimhnigh go mbeifeá ag íoc duine – dá bhfaighfeá é – murach na ‘robots’, sin dá bhféadfá coinneáil ag imeacht ar chor ar bith.”
Níor thóg sé mórán achair ar na beithígh a theacht isteach ar an gcóras, a deir Treasa. Tá an saol níos compordaí. Laghdaíodh an obair fhisiciúil agus giortaíodh an lá.
Ní gá fógairt ar an ngrian ar an spéir, feasta.
Fág freagra ar 'Dhá róbat ag bleán 100 bó – ní mór duit a bheith acmhainneach sa bhfeilméaracht'