Anois nó riamh do mhná na Gaillimhe agus Ciarraí idir iad agus Craobh na hÉireann

Beidh Gaillimh ag súil go bhfuil ceachtanna foghlamtha óna gcliseadh i gcoinne na Ríochta sa gcluiche ceannais dhá bhliain ó shin

Anois nó riamh do mhná na Gaillimhe agus Ciarraí idir iad agus Craobh na hÉireann

Gaillimh v Ciarraí
Páirc an Chrócaigh
4.15pm
Beo ar TG4

Ní i gcónaí a bhíonn an dá fhoireann is fearr sa tír i gcluiche ceannais na hÉireann ach níl aon amhras ach go bhfuil sin fíor i gcás chluiche an lae inniu agus gaiscígh na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar churaidh Chiarraí.

Léirigh na buanna cuimsitheacha a bhí ag an dá chontae sna babhtaí leathcheannais an bhearna atá idir iad agus an chuid eile den tír in 2026 agus tá sárchoimhlint anois romhainn chun a shocrú cá mbeidh Corn Uí Mháirtín ag dul don gheimhreadh.

Slánú atá ó na Ciarraígh i mbliana. Ghéill curaidh na bliana 2024 go bog sa chraobh anuraidh agus iad díbeartha ag contae na Mí sna babhtaí leathcheannais ach rinneadar slad ar na Laighnigh nuair a chasadar ar a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais i mbliana. Tugadh taispeántas níos fearr fós sa gcéad chluiche eile agus bua deich bpointe ag Ciarraí ar Áth Cliath, seaimpíní 2026, cúpla seachtain ó shin.

D’aimsigh Síofra O’Shea 1-8 sa mbua sin i Staid Semple agus tá sárbhliain curtha isteach ag bean Chiarraí Theas. Cé go bhfuil sárobair déanta ag leithéidí Niamh Ní Chonchúir, Danielle O’Leary, Niamh Carmody agus tosaithe eile Chiarraí go dtí seo, níl aon amhras ach gurb í O’Shea naoscaire na foirne agus 3-25 aimsithe aici sa gcraobh go dtí seo. Is dócha gur ar Sarah Ní Loingsigh nó captaen na Gaillimhe, Kate Geraghty a chuirfear an cúram srian a choinneáil ar O’Shea agus d’fhéadfadh toradh na coimhlinte sin a bheith cinniúnach.

Ar an taobh eile, ceann de na rudaí is suntasaí faoi fheachtas na Gaillimhe i mbliana ná cumas na foirne an t-ualach scórála a roinnt. Bhí Gaillimh i bhfad rómhaith d’Ard Mhacha sa gcluiche leathcheannais eatarthu agus bua trí phointe dhéag ag Gaillimh ar deireadh, 0-21 in aghaidh 0-8, agus d’éirigh le deichniúr Gaillimheach ar a laghad scór amháin a aimsiú sa mbua sin. Is í Olivia Divilly príomhscórálaí na foirne go fóill ach níl an brú céanna uirthi is a bhíodh agus Kate Slevin, Leanne Coen agus Róisín Leonard ina measc siúd atá cruinn os comhair an chúil. Tá Divilly, Slevin agus Leonard breá ábalta na dúiblíní a aimsiú chomh maith.

Agus na comharsana ó thuaidh fós ag ceiliúradh, is maith a aithníonn na Gaillimhigh an deis atá rompu. Níl baileach 75 bliain ann ó bhuaigh siad craobh na hÉireann ach tá deiseanna caillte ag mná an iarthair cur leis an aon chraobh amháin a thugadar leo in 2004.

Cluiche ceannais 2024 an ceann is mó a ghoillfidh ar an bhfoireann seo ar ndóigh agus taispeántas an-díomách tugtha acu in aghaidh Chiarraí an lá sin. Níor aimsigh Gaillimh ach trí phointe sa gcéad leath den chluiche sin agus iad buailte ag leath ama i ndáiríre. Bhí an lá mór rómhór do Ghaillimh dhá bhliain ó shin, beidh go leor oibre déanta chun nach dtarlóidh an rud céanna arís.

Ábhar misnigh do Chiarraí é go bhfuil barr a maitheasa bainte amach acu i gcluiche ceannais roimhe seo agus taithí mhór acu, in ainneoin go bhfuil Louise Ní Mhuircheartaigh imithe ón bhfoireann sin a bhuaigh cúpla bliain ó shin.

Údar iontais é go bhfuil Anna Galvin ainmnithe ar fhoireann Chiarraí don chluiche ceannais agus an chuma ar an scéal go raibh deireadh déanta ag an imreoir lár páirce i mbliana agus gortú glúine ag baint di. Má tá Galvin ar a compord, cuirfidh sí go mór le seans Chiarraí sa gcluiche.

Beidh tús maith ag teastáil ó Ghaillimh chun cuid de na púcaí a choinneáil ó dhoras ach, mar a léirigh an dá chúl sa gcéad deich nóiméad in aghaidh Átha Cliath, beidh mná na Ríochta ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh.

Tá os cionn 20 pointe aimsithe ag na Gaillmhigh le dhá chluiche anuas. Dá n-éireodh leo an rud céanna a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh inniu agus greim éigin a choinneáil ar Shíofra O’Shea, cheapfá go mbeadh an lá leo ach caithfear dul amach agus an beart a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do mhná na Gaillimhe agus Ciarraí idir iad agus Craobh na hÉireann'