Is beag duine timpeall na tíre a cheap go mbeadh an Ghaillimh ag imirt i gcraobh na hÉireann i mbliana ach is iad a bheidh ann agus an ceann is fearr faighte acu ar Chorcaigh.
Agus sinn ag druidim chuig an fhead dheireanach sa chluiche leathcheannais eile seachtain ó shin bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh an Clár leo. Ach seo sinn, seachtain amháin ón ócáid iománaíochta is mó sa bhliain agus Gaillimh agus Luimneach, ag ullmhú don lá mór. Is deireadh seachtaine an-taitneamhach é seo dóibh.
Tá an chuid is mó den obair déanta anois, cé go bhfuil neart fós ar siúl sa chúlra. Is dócha go raibh óstáin curtha in áirithe ag na ceithre chontae roimh na cluichí leathcheannais, ach tá na socruithe deiridh á ndaingniú anois. Tá féasta mór na hoíche i ndiaidh an chluiche á eagrú, agus tá cúram na mbuilíní agus na n-iasc ar rúnaí bocht an bhoird chontae agus é ag iarraidh ticéid a fháil do gach duine atá á lorg.
Ach do na daoine is tábhachtaí ar fad, na himreoirí, is é seo an tráth leis an gcorp a chur i mbarr a mhaitheasa don chluiche agus don ócáid féin. Tá neart taithí ag Luimneach agus ag roinnt de leaideanna na Gaillimhe ar an ócáid agus ar an deireadh seachtaine ar fad, agus ní bheidh aon rud nua ann do na himreoirí seanbhunaithe.
Do na himreoirí óga agus do na himreoirí nua, áfach, is é seo buaicphointe a ngairme iománaíochta go dtí seo. Agus, mar a deirtear go minic, cé aige a bhfuil a fhios an dtiocfaidh an deis seo arís, bíodh an t-imreoir sean nó óg?
Mar bhainisteoir bhaininn féin an-taitneamh as an traenáil maidin Dé Domhnaigh roimh chluichí ceannais. Is annamh a bhíodh deis ag imreoir é féin a imirt isteach ar an bhfoireann ag an gcéim dhéanach sin den ullmhúchán. Ba é an rud ba thábhachtaí ná na pleananna imeartha a chleachtadh, iad a bheachtú agus a chinntiú go raibh gach duine soiléir faoina ról.
Ó bhí mé bainteach le Luimneach in 2013, tá an cluiche athraithe go mór ó thaobh na mbeart oirbheartaíochta de. Agus ó bhí mé le Corcaigh in 2006, tá sé athraithe chomh mór sin gur cluiche nua nach mór atá ann ó thaobh na hoirbheartaíochta de.
Mar gheall ar an tionchar atá ag an gcúl báire anois, agus mar gheall ar na córais agus na teimpléid dhochta a leanann foirne, tá an cluiche i bhfad níos struchtúrtha ar go leor slite. Ach fós féin, tagann tréimhsí ann nuair nach féidir aon phlean a dhéanamh don rud atá ag titim amach, agus nuair a bhíonn ar na himreoirí féin déileáil leis an méid atá ag tarlú ar pháirc na himeartha.
Ach don ghrúpa imreoirí atá ina ndomhan beag féin nó mar a deirtear, i mbolgán, is féidir leis na laethanta deireanacha a bheith dian go leor. Bíonn fógairt na foirne ann agus ba mhaith le gach imreoir a ainm a fheiceáil i measc an chéad chúig dhuine dhéag, ach faraor ní tharlaíonn sé sin do chách. Agus i bpainéil traenála an lae inniu, bíonn suas le daichead imreoir ag traenáil de ghnáth, ach ní fhaigheann ach sé dhuine is fiche áit ar phainéal lá na himeartha. Mar sin, is rud speisialta ann féin é fiú áit a fháil ar phainéal lá na himeartha agus d’ainm a bheith sa chlár.
Bhraith mé i gcónaí go mbíodh teannas áirithe ann tar éis na hoíche deireanaí traenála, agus sula mbuailfeadh na himreoirí, an fhoireann chúlra agus gach duine eile le chéile chun taisteal chuig an gcluiche.
Ansin, nuair a thagann na himreoirí le chéile, bíonn an t-atmaisféar níos éadroime de ghnáth agus bíonn na himreoirí sásta a bheith ag teacht le chéile don turas deireanach seo. Ag an bpointe sin, is féidir le suaimhneas áirithe teacht ar dhaoine agus glacann lucht an ghrinn seilbh ar an scéal. Is am álainn é sin sa réamhullmhúchán ar fad.
Buaicphointe eile domsa ar aon deireadh seachtaine Chraobh na hÉireann a raibh baint agam leis, mar imreoir nó mar bhall den bhainistíocht, ná nuair a tháinig na gluaisrothair Ghardaí chuig an óstán chun bus na foirne a thionlacan go dtí an staid. Nuair a théadh gach duine ar an mbus sin, bhíodh an teannas ann arís. Bhí na himreoirí go léir istigh ina gceann féin faoin am sin, agus ní raibh ach fócas amháin acu: taispeántas a thabhairt, an ceann a chur san áit cheart, fanacht suaimhneach, agus éisteacht lena gceol.
Ansin cloistear na bonnáin, feictear na soilse gorma ag splancadh, agus imíonn an bus leis. Don té atá ar an mbus agus atá in ann é a thabhairt faoi deara, is ócáid thar a bheith speisialta é an turas sin.
Téann an bus agus gluaisrothair na nGardaí i dtreo na staide, agus de réir mar a thagann an t-ionad níos cóngaraí, bíonn dathanna na bhfoirne le feiceáil go soiléir ar na sráideanna, lucht tacaíochta an dá thaobh measctha lena chéile, tithe tábhairne, daoine amuigh ar na cosáin, gáire agus gliondar. Is ócáid an-speisialta é sin ar fad a fheiceáil agus an bus ag teacht isteach agus casann gach duine a cheann nuair a chloiseann siad na bonnáin agus Páirc an Chrócaigh le feiceáil rompu.
Ansin stadann an bus ag bealach isteach Ardán Uí Chíosóig. Tagann oifigeach de chuid Pháirc an Chrócaigh ar bord an bhus chun an tiománaí a threorú go doras an tseomra feistis. Agus ón nóiméad sin ar aghaidh, tá gach duine go huile is go hiomlán i meon an chluiche.
Agus is ag campa Luimnigh agus na Gaillimhe atá an phribhléid sin i mbliana.
Fág freagra ar 'An tseachtain roimh chluiche ceannais na hÉireann – pribhléid is ea an t-ullmhúchán'