An dearg-ádh orainn go bhfuil laochra spóirt againn amhail Shane Lowry agus Katie Taylor

In ainneoin a gclú agus a saibhreas níl a nádúr ná an ceangal leis an bpobal as ar sníodh iad fágtha ina ndiaidh ag an gcuid is mó acu dár laochra spóirt

An dearg-ádh orainn go bhfuil laochra spóirt againn amhail Shane Lowry agus Katie Taylor

Tá an dearg-ádh ar an tír seo go bhfuil laochra spóirt againn a bhfágann a ngaiscí cáil dhomhanda orthu. Is fearr fós ná sin, ainneoin a gclú agus a saibhreas, nach bhfuil a nádúr ná an ceangal leis an bpobal as ar sníodh iad fágtha ina ndiaidh ag an gcuid is mó acu.

Fuarthas an léargas is deireanaí air sin ar dhumhchanna an Dúin Bhig Dé Domhnaigh seo caite agus seachtain roimhe sin i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí an rírá agus an ruaille buaille ina neart ar an Dún Beag, Craobh Oscailte Gailf na hÉireann buaite ag Shane Lowry agus an seic ina phóca, nuair a d’éirigh lena mháthair Bridget a dhul chomh fada leis. Rugadar barróg ar a chéile agus ansin b’éigean di an drochscéala a inseacht dó.

Uair an chloig roimhe sin, bhí buaite ar fhoireann a bhaile dúchais i mbabhta ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile Uíbh Fhailí. Ansiúd chríochnaigh an imirt agus seacht gcúilín farasbairr ag na Seamróga ar Chlóirtheach. Ba í sin an chaint ba thúisce a rinne a mháthair leis, agus í ag tabhairt freagra ar an gcéad cheist a bhí aige féin.

Shiúil Bridget Lowry galfchúrsa an Dhún Bhig i ngaobhar a mic chuile lá de na ceithre cinn ina raibh iomaíocht ann. Go dtáinig an lá deireanach bhí a fear céile Brendan lena hais. B’éigean dósan bóthar a bhualadh maidin Dé Domhnaigh mar bhí cúraimí práinneacha eile air – ina roghnóir ar fhoireann sin an Chlóirthigh a bhí ag imirt ar an Tulach Mhór.

Bhí Brendan ar ndóigh ar fhoireann Uíbh Fhaili a thug Corn Mhig Uidhir go hUíbh Fhailí i 1982 nuair a scóráil sé trí chúilín in aghaidh Chiarraí. Bhí a dheartháireacha Mick agus Seán ar an bhfoireann sin freisin.

Murach a chumais i gcluiche an ghailf, seans gur ar Pháirc Uí Chonchubhair a bheadh Shane é féin Dé Domhnaigh. D’imir sé faoi aois lena chlub nó go mba léir go bhféadfadh sé slí bheatha a bhaint as cluiche na liathróide bige, báine.

I mbarr a mhaitheasa ba ghnách le Tiger Woods léinte dearga a chaitheamh – a mháthair a dúirt leis go raibh ‘cumhacht’ ag baint leis an dath.

Tabharfaidh tú faoi deara gurb é an dath dubh a chaitheann Lowry agus é i mbun iomaíochta an lá sin. Níl aon bhaint ag pisreoga lena rogha siúd – ag léiriú ómóis a bhíonn sé d’fhoireann a pharóiste ar geansaithe dubha a bhíonn ar a gcuid foirne.

Le cúpla bliain anois tá urraíocht curtha ar fáil ag Shane d’fhoirne peile agus iomána na háite, idir fhir agus mhná. Tugann sé tacaíocht freisin do Choiste Contae Uíbh Fhailí, go háirithe i gcúrsaí imeartha agus oideachais a bhaineann leis an aos óg.

Ba dheacair gan a bheith ceanúil as ar aon nós nuair a fheiceann tú a chuid iompair agus a phearsantacht. ‘Meidhreach’, ‘gealgháireach’, ‘aerach’ na focail is túisce a thiocfadh isteach i do chloigeann, ach is ar éigean gur leor iad.

Tá a bheag nó a mhór den diabhlaíocht ag baint leis freisin. Ní raibh baol ar bith go scaoilfeadh sé thairis deis a thabhairt do na grianghrafadóirí pictiúr a thógáil de féin agus den bhuíon a raibh an bhratach ‘The Offaly Jesus’ san aer acu ar an Dún Beag Dé Domhnaigh.

A mhalairt ar fad de phearsantacht atá ag Katie Taylor. De na cáilíochtaí ar fad atá luaite agam le pearsantacht Shane is é an gealgháire is láidre inti siúd. Tá sí ciúin, cúthail, ach fós chomh gar do chroíthe chuile dhuine againn agus atá an galfaire.

Katie Taylor. Pictiúr: ©INPHO/Gary Carr

Agus é ar a bhealach abhaile tráthnóna, sheas Lowry tamaillín i dteach tábhairne Jim Daly ar an Rinn Rua, ceantar tuaithe tuairim 15km ó thuaidh den Dún Beag. Ní raibh súil faoin spéir leis ann, gan roimhe ach iad siúd ar gnách leo deoch a ól Tigh Daly Dé Domhnaigh. Cuireadh iontas an domhain orthu agus é ag tarraingt ar a 10pm nuair a d’oscail an doras agus nuair a thug an té raibh Craobh Oscailte Gailf na hÉireann buaite aige cúpla uair a’ chloig roimhe sin coisméig isteach faoin ursain.

Bhí an feisteas gailf agus an caipín fós air, gan athraithe ach na bróga. I leathláimh dá chuid bhí an trófaí agus canna Bulmers sa gceann eile. Chuaigh na gártha molta in airde dó, ach chuir sé a mhéar lena liopa ag lorg ciúnais.

Más ag súil le hóráid a bhíodar, níorbh in a fuaireadar. Go léim thosaigh sé ar amhrán is minic leis a rá – ceann magúil faoin Muileann gCearr, áit a bhfuil an t-ospidéal máithreachas inar saolaíodh é. Fuair sé cúnamh ó na custaiméirí. Nuair a bhí dhá cheathrú seinnte d’iompaigh sé ar a sháil agus amach leis.

As rudaí eile ar fad a thagann an dáimh atá againn do Katie.

Orthu sin tá an easpa mórtais a bhaineann léi. Tá sí umhal, modhúil ach misniúil. Is mór againn an chaoi ar éirigh le slip bheag girsí athrú as cuimse a chur ar spórt a bhí faoi cheannas agus faoi smacht na bhfear. Girseach a shaothraigh tuairim €7,000 as an troid ghairmiúil ba thúisce a sheas sí nó gur thuill sí idir €13milliún agus €15milliún as na troideanna in aghaidh Amanda Serrano.

In aon chlann, bíodh tú ag caint ar na buachaillí nó na cailíní, tá cuid acu a bhíonn teanntásach, cainteach, geabach. Bíonn cuid eile cuthaileach, ciúin cotúil.

Leo siúd atá Katie ag dul.

Agus an choimhlint dheireanach dá cuid críochnaithe, chaith Taylor uaireanta an chloig ag freagairt ceisteanna ó na meáin agus bhí sé ina mhaidin sular fhág sí féin agus a máthair (Bridget freisin, dála an scéil), Páirc an Chrócaigh.

Cá raibh a dtriall? Níl a fhios ag éinne. Agus nach cuma. Ní bhaineann sé dúinn.

Rud a bhaineann linn áfach is ea a bheith buíoch, beannachtach go bhfuil leithéidí na beirte againn.

 

Fág freagra ar 'An dearg-ádh orainn go bhfuil laochra spóirt againn amhail Shane Lowry agus Katie Taylor'