DIALANN TUAIRISC: Joe McHugh ‘imithe leictreach’, ‘Cárta na Gaeltachta’ á imirt, moill na gcaighdeán teanga

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Joe McHugh ‘imithe leictreach’, ‘Cárta na Gaeltachta’ á imirt, moill na gcaighdeán teanga

 Tá Joe McHugh ‘imithe leictreach’!

‘Ranganna Gaeilge ar rothair leictreacha le Joe McHugh’. Ní hin fógra a rabhamar ag súil leis agus tuigimid duit más gá dul siar agus é a léamh arís tú fhéin. Tóg d’am.

Sea, sin é a deir sé. ‘Ranganna Gaeilge ar rothair leictreacha le Joe McHugh’. Agus, is ea, sé an Joe McHugh céanna atá i gceist a raibh conspóid mhór ann nuair a ceapadh ina aire stáit don Ghaeltacht é 12 bliain ó shin toisc nach raibh aon Ghaeilge aige. D’fhógair an Taoiseach ag an am, Enda Kenny go raibh Joe á chur ar aistear teanga aige.

Aistear gan aon stad é is léir cé gur ag múineadh seachas ag foghlaim atá Joe anois agus gur ar rothar leictreach atá sé seachas i gcarr aire.

Lucht pleanála teanga Thuaisceart Dhún na nGall atá ag eagrú na ranganna, is cosúil. Arís téir siar más gá, agus tóg d’am.

Agus sinn go léir tagtha chugainn féin arís, is fiú a lua go bhfuil an casadh gan choinne is déanaí ar aistear fada Joe fréamhaithe i dtraidisiún ársa Gaelach.

Nach ar a rothar a scaip an Timire soiscéal na hathbheochana fadó? Nach ar a rothar a d’iompair Séamus Ennis a ediphone agus scoth an tseanchais á thabhairt slán aige?

Agus nach raibh ar mhuintir Chonamara poill i mboinn a gcuid rothar a líonadh le féar nuair a polladh iad ar an turas go dtí Baile Átha Cliath chun achainí ar Dev Gaeltacht a bhunú i Ráth Chairn?

Ar a laghad ní bheidh an fhadhb sin agat ag ranganna Gaeilge Joe McHugh.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Cá bhfuil na caighdeáin?

Dúirt ceannasaí Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo go raibh sé 40 bliain sa státseirbhís agus nár tháinig sé trasna riamh “ar phíosa oibre chomh casta” le plean an stáit ó thaobh soláthar seirbhísí Gaeilge.

“Chuile uair go n-osclaíonn muid doras ar an togra seo, feicimid líne de dhoirse eile atá le hoscailt againn,” arsa Aodhán Mac Cormaic.

Tá sé fíor–, fíor-chasta an obair seo…ach táimid sásta anois go bhfuil na páirtithe leasmhara uilig istigh ag caint timpeall ar na boird éagsúla,” a dúirt sé.

Ach cad is cúis leis an moill mhór ar na caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach, mar shampla?

Seo na caighdeáin atá le hinsint do chomhlachtaí poiblí an stáit cad iad go díreach na dualgais bhreise de réir dlí a bheidh orthu ó thaobh seirbhísí Gaeilge de.

I dtús báire bhí na dréachtchaighdeáin le foilsiú ag an am céanna leis an acht teanga leasaithe a tugadh isteach ag deireadh 2021. Nuair ba léir nach dtarlódh sin gealladh don fhreasúra sa Dáil go bhfoilseofaí na dréachtchaighdeáin go gairid i ndiaidh an achta. Níor tharla sin ach oiread. De réir an achta féin ba ghá na caighdeáin a thabhairt isteach roimh thús 2025.

I mí Feabhra seo caite dúradh go mbeadh na dréachtchaighdeáin réidh faoi cheann coicíse nó mar sin. Níl aon radharc go fóill orthu.

Níos túisce an mhí seo, dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary nach raibh sé chun aon spriocdháta eile a thabhairt mar dá gcaillfí é go gcuirfeadh sé lagmhisneach ar dhaoine.

Más fíor an méid a deir an tAire tá státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta ag obair go díograiseach ar na dréachtchaighdeáin chun a chinntiú go mbeidh siad ar na dréachtchaighdeáin is fearr a dréachtaíodh riamh.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic ag coiste Oireachtais Dé Máirt go dtosófar “go luath” ar an bpróiseas comhairliúcháin maidir leis na caighdeáin.

Cuirfear na dréacht-chaighdeáin faoi bhráid an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge ar dtús, beidh babhta comhairliúcháin leis na ranna rialtais ansin agus reáchtálfar próiseas comhairliúchán poiblí ar deireadh.

Tá go maith agus más fíor an méid atá cloiste ag Dialann Tuairisc tá dua mór á chaitheamh ag na státseirbhísigh le caighdeáin shlachtmhara a dhréachtú. Tá dua mór caite chomh maith leis na ranna eile agus na comhlachtaí poiblí a shásamh sara leagfar na dualgais reachtúla nua faoina mbráid. Tá ciall leis sin. Rud stuama é oiread agus is féidir ‘ceannach isteach’, mar a déarfadh an státseirbhíseach féin, a fháil ó na ‘geallsealbhóirí” ar fad roimh ré.

Ach beagnach 600 comhlacht a thagann faoi scáth na reachtaíochta agus sin go leor leor mealladh agus ‘ceannach isteach’.

An iomarca de, b’fhéidir?

Is cuimhin le Dialann Tuairisc scéal ar an nuachtán Gaeilge Foinse fadó faoi rud éigin a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív roimh achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Cruinniú leis na fíréin a bhí ann ach sceith duine acu an scéal go ndúirt Ó Cuív nach mbeadh aon seans an reachtaíocht nua a thabhairt isteach dá mbeadh a fhios ag na meáin Bhéarla faoi leath dá raibh beartaithe inti.

An raibh cuid den cheart ag Ó Cuív? Tá sampla níos deireanaí againn go mb’fhéidir go raibh. Thug an t-iar-aire Gaeltachta Jack Chambers isteach pras go maith sa deireadh na rialacháin nua maidir le fógraíocht stáit a dhéanamh i nGaeilge.

Bhí roinnt comhlachtaí poiblí, agus áisíneachtaí fógraíochta go háirithe, an-mhíshásta faoin scéal. Bhí seo siúd agus eile á bhagairt ag an AAI (cumann na bhfógróirí in Éirinn) agus cruinniú práinneach á lorg acu le Chambers. Níor bhac Chambers bualadh leo agus an meon a bhí aige ná gur pléadh na leasuithe reachtaíochta go poiblí ar feadh i bhfad i dTithe an Oireachtais (40 uair an chloig san iomlán) agus gurb é dlí na tíre a bhí anois ann agus go gcaithfí é a chur i bhfeidhm mar a dhéanfaí le haon dlí eile.

Port é sin a bhíodh coitianta ag Ó Cuív roimhe.

Faoi láthair tá cuid de na meáin Bhéarla chéanna a raibh imní ar Ó Cuív fúthu i dtosach na mílaoise nua anois an-tógtha leis an nGaeilge, leis an gcúpla focal agus leis an gcúpla pingin atá le déanamh astu.

Tá ‘ceannach isteach’ ag an bhfógraíocht Ghaeilge i measc na gcomhlachtaí poiblí agus na n-áisíneachtaí fógraíochta, a bhuíochas le neamhghéilliúlacht Chambers agus na státseirbhíseach.

Casann muilte an státchórais níos moille ná mar a thuigeann an dialannaí nuachtáin atá ina sclábhaí ag an sprioc sheachtainiúil agus nach mbíonn ar a chumas i gcónaí fanacht ar an ‘ceannach isteach’. Ach an bhfuil sé in am anois na fiacla a thaispeáint arís agus a rá, seo iad na caighdeáin, taitníodh siad libh nó ná taitníodh?

Bhí ionadaí ó chomhlacht mór poiblí i láthair agus na caighdeáin nua teanga á bplé ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga sa Ghaillimh níos túisce an mhí seo. Chuir an t-ionadaí ceist faoi na caighdeáin agus ba é a theastaigh uaithi a fháil amach go bunúsach ná cérbh é go díreach an méid is lú a chaithfí a dhéanamh ó thaobh an dlí nuair a thiocfaidís isteach. Mhol Kelly Burke, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada, do bhean an chomhlachta phoiblí foighne a bheith aici agus an “an méid is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh a dhéanamh idir an dá linn”.

Faoi mar a dúirt iriseoir amháin a bhí i láthair, fuair comhairle bhean Cheanada an ‘Hmmmm’ is mó agus is faide a chuala sé riamh ina shaol. Seans go bhfuil an ‘hmmmm’ fós á scaoileadh ag bean an chomhlachta phoiblí áit éigin.

Tá an baol ann go mairfidh an ‘hmmm’ céanna níos faide ná an teanga féin. Cad ab áil duit a bheith ag fanacht go gcríochnóidh sé, má chríochnaíonn sé in aon chor?

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Joe McHugh ‘imithe leictreach’, ‘Cárta na Gaeltachta’ á imirt, moill na gcaighdeán teanga'