DIALANN TUAIRISC: Gaeilge a chuirfeadh an cat amach, ainmneacha Gaeilge Met Éireann imithe le gaoth

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Gaeilge a chuirfeadh an cat amach, ainmneacha Gaeilge Met Éireann imithe le gaoth

Cat Irish

Agus na daoine ar ais sna seomraí ranga le seachtain anuas, is cosúil go bhfuil na cait iad féin ag tabhairt aghaidh ar na leabhair. Bhí Teach Your Cat Irish i measc na ndeich leabhar is fearr díol in Éirinn de réir liosta Nielsen don tseachtain an 22 Lúnasa, 2026.

Tá súil le míorúilt ag go leor daoine agus 164 cóip de Teach Your Cat Irish díolta an tseachtain sin agus é sa deichiú háit ar an liosta leabhar neamhfhicsin faoi chlúdach bog is fearr díol.

Leabhairín póca spraíúil é Teach Your Cat Irish a thagann sna sála ar an leabhar Teach Your Dog Irish a bhí le feiceáil ar an Late Late Toy Show anuraidh.

Tá sraith de na leabhair seo scríofa agus maisithe ag Anne Cakebread i dteangacha éagsúla, Briotáinis agus Coirnis ina measc agus tá ag éirí go maith leo.  Is as an mBreatain Bheag í Cakebread agus ba é an leagan Breatnaise an chéad leabhar a scríobh sí sa tsraith, Teach Your Dog Welsh.

Tá frásaí simplí sa leabhar agus léaráidí reitreo den ghníomh atá i gceist le gach frása, leithéidí ‘fan’ agus ‘suigh síos’.

Thuig muid riamh anall nach raibh aon Ghaeilge ag na gadhair, más léiriú ar bith iad na fógraí ‘lie down’ agus, ‘good boy’ agus ‘go home’ a chloistear go stairiúil sa Ghaeltacht.

Chuala mé é ráite, áfach, faoi na cait go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, ach go dtograíonn siad gan í a labhairt. Ní siad sásta Béarla a labhairt ach an oiread, dála an scéil, cé go bhfuil neart Béarla acu freisin.

Triail ‘tar anseo’ nó ‘fan’ a mhúineadh don chat agus is gearr go bhfeicfidh tú go dtuigeann sé go maith thú ach, go bhfuil a phleananna féin aige, áit éigin eile.

Ainmneacha Gaeilge Met Éireann imithe le gaoth

D’fhógair oifigí aimsire na hÉireann, na Breataine, agus na hÍsiltíre an liosta ainmneacha do na stoirmeacha geimhridh a réabfaidh an chuid seo den domhan sna míonna amach romhainn.

Tá muid gaibhte i dtaithí ar chúpla ainm Gaeilge a bheith ar an liosta le blianta beaga anuas agus ardán idirnáisiúnta tugtha ag Met Éireann do chóras litrithe na Gaeilge agus ainmneacha áille dála ‘Saidhbhín’ agus ‘Ruadhán’.

Go hiondúil, bíonn ar a laghad ainm fir agus ainm mná Gaeilge amháin ar an liosta agus bhí bliain mhór ann in 2021 nuair a bhí ceithre ainm Gaeilge le feiceáil: Barra, Méabh, Pól, agus Seán.

Faraor, níl ach an t-aon ainm Gaeilge amháin ar liosta na bliana seo – Laoise – agus gan bheith istigh ag na fir ar chor ar bith (cé go bhféadfaí a rá gur ainm atá neodrach ó thaobh inscne de é ‘Laoise’).

Ba iad na hainmneacha eile a chur Met Éireann chun cinn i mbliana ná Austen, Evelyn, Heather, Kilian (ní áirim an litriú sin mar ainm Gaeilge), Miriam, agus Phelim (ná an ceann sin!).

Dúirt Eoin Sherlock ó Met Éireann gur roghnaíodh na hainmneacha seo in ómós fostaithe agus iarfhostaithe na seirbhíse aimsire agus 90 bliain a bunaithe á cheiliúradh – Austen Nagle, Miriam Lyons, agus Evelyn Cusack, mar shampla.

B’fhéidir gur léiriú é ar an nganntan Gael atá in Oifig na hAimsire, mar sin.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Gaeilge a chuirfeadh an cat amach, ainmneacha Gaeilge Met Éireann imithe le gaoth'

  • Sorcha B.

    D’úsáid mé an leabhairhín seo. Duirt mo chat liom go béasach, ‘Iasc, le do thoil.’ ;-)