Cearta teanga na mBodhar in Éirinn ina phríomhthéamha le linn Sheachtain Idirnáisiúnta na mBodhar

Dúradh i dtuarascáil a foilsíodh anuraidh go bhfuil ‘an bonn á bhaint’ de chearta teanga a daingníodh in Acht ISL in 2017

Cearta teanga na mBodhar in Éirinn ina phríomhthéamha le linn Sheachtain Idirnáisiúnta na mBodhar

Tá an ceart chun Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a úsáid ina phríomhthéama agus Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar á ceiliúradh an tseachtain seo.

Is ceiliúradh domhanda ar na Bodhair, teangacha comharthaíochta, cultúr na mBodhar agus pobail bhodhra í Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar agus is é an téama atá roghnaithe don fhéile i mbliana ná ‘Ag Fógairt Cearta na mBodhar’. Ar na téamaí a bheidh á gceiliúradh in Éirinn an tseachtain seo, tá “an ceart chun Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a úsáid” chomh maith leis “an ceart chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí”.

Crochadh bratach na mBodhar, bratach ar glacadh léi go hoifigiúil in 2023, i gColáiste na Tríonóide, mar a bhfuil Ionad Léann na mBodhar, maidin Dé Luain le tús oifigiúil a chur leis an tseachtain agus beidh imeachtaí ina gceiliúrfar teanga agus cultúr na mBodhar ar siúl ar fud na hÉireann.

Taispeánadh an scannán nua Grá Ciúin, a raibh lámh ag TG4 ina dhéanamh, ag oifig Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath aréir, scannán faoi shaol trí lánúin bhodhra as Éirinn. Tá an scannán i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann den chuid is mó.

Beidh ócáidí ar bun ag láithreacha de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) Dé Céadaoin agus solas gorm (dath phobal na mBodhar) caite ar leithéidí Casino Marino, Teach Dhoire Fhíonáin, agus Caisleán Chill Chainnigh. Is féidir turas i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann a dhéanamh ag 20 láthair de chuid an OPW ar fud na hÉireann.

Dúirt an tAire Stáit Kevin Moran go bhfuil an OPW “tiomanta” cur leis na láithreacha inar féidir turais a dhéanamh i gcaitheamh na bliana 2027.

“Tá lúcháir orainn tacú le Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar trí chuid dár láithreacha oidhreachta a lasadh le solas gorm agus trí leanúint orainn ag cur oidhreacht na hÉireann ar fáil do gach duine.

“Tugann ár dturais i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann an deis do chuairteoirí bodhra dul i ngleic go díreach lenár n-oidhreacht chomhroinnte agus tá muid tiomanta cur le líon na n-eispéireas atá ar fáil ag láithreachta oidhreachta an OPW an bhliain seo chugainn,” a dúirt Moran.

Beidh oíche speisialta ann oíche Dé Sathairn, an 26 Meán Fómhair, nuair a bheidh ócáid á reáchtáil ag an ngrúpa ‘Seanchoíche’ i gcomhar le Cumann Bodhar na hÉireann. Beidh an deis ag daoine bodhra a scéalta féin a insint ag an oíche inste scéalta trí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.

Beidh Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar á ceiliúradh ag an gcraoltóir náisiúnta RTÉ an tseachtain seo chomh maith agus cláir speisialta á gcraoladh ar an teilifís, ar an raidió, agus ar líne i gcaitheamh na seachtaine. Rinneadh ateangaireacht bheo ar an gclár raidió Arena ar shuíomh idirlín RTÉ tráthnóna aréir agus beidh daltaí ó scoil na mBodhar i gCorcaigh ar an gclár Today ar RTÉ One ag deireadh na seachtaine. Crochadh bratach na mBodhar ag ceannáras RTÉ i nDomhnach Broc ag tús na seachtaine mar chuid den cheiliúradh.

Tugadh aitheantas oifigiúil do ISL in Acht ISL (2017) agus daingníodh ann na cearta atá ag an bpobal bodhar a dteanga dhúchais, ISL, a úsáid agus an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí ateangaireacht saor in aisce a chur ar fáil agus iad ag úsáid seirbhísí an stáit.

Dúradh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Cumann Bodhar na hÉireann anuraidh go bhfuil an “bonn á bhaint” de na cearta seo mar gheall ar an nganntanas géar ateangairí ISL.

Maíodh sa tuarascáil go bhfágann na cúinsí oibre agus oiliúna a bhíonn ag ateangairí ISL in Éirinn nach féidir is nach fiú dóibh fanacht sa phost rófhada. Luaitear ar na bacanna eile atá ar ateangairí gairmiúla ISL an fhostaíocht éiginnte agus a dheacra is atá sé cáilíochtaí gairmiúla a bhaint amach. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil sé mar aidhm ag Cumann Bodhar na hÉireann “athruithe córasacha” a spreagadh a dhéanfadh “gairm inmharthana inmhianaithe” den ateangaireacht ISL.

Fág freagra ar 'Cearta teanga na mBodhar in Éirinn ina phríomhthéamha le linn Sheachtain Idirnáisiúnta na mBodhar'