Tá laoch peile Mhaigh Eo Ryan O’Donoghue i gCorca Dhuibhne ag foghlaim na Gaeilge do chlár teilifíse.
Tá fear Bhéal an Mhuirthead, atá ar dhuine den triúr atá ainmnithe ar maidin do ghradam Pheileadóir na Bliana 2026, ag glacadh páirt sa gcéad séasúr eile de Réaltaí na Gaeltachta, sraith de chuid RTÉ ina dtugann daoine aitheanta coicís sa nGaeltacht ag foghlaim na Gaeilge.
Is é O’Donoghue an dara duine de lucht peile Mhaigh Eo a ghlac páirt sa tsraith. Bhí Oisín Mullin, atá anois ag imirt san AFL san Astráil, le feiceáil sa gcéad sraith a craoladh in 2023.
Tuigtear go bhfuil an lúthchleasaí Sarah Lavin ó Luimneach agus an fear grinn Bernard Casey, arb as an gCaladh in Uíbh Ráthach dó, i measc na ndaoine eile atá ag glacadh páirt sa tsraith nua.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh O’Donoghue, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Maigh Eo mí Iúil, ag seisiún traenála le foireann Chumann Caide na Gaeltachta.
Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt O’Donoghue gur cuireadh fáilte roimhe ach go raibh air dul i gcleachtadh ar chaint a gcomrádaithe nua.
“Bhí mé ag traenáil le foireann na Gaeltachta oíche Dé Máirt agus bhí na buachaillí ag caint as Gaeilge go han-tapa. Bhí na buachaillí an-sound. Bhí sé go hiontach,” a dúirt sé.
Dúirt O’Donoghue go raibh “sceitimíní” air a bheith sa nGaeltacht ag foghlaim na Gaeilge agus go raibh an-chuid cosúlachtaí idir Corca Dhuibhne agus Bhéal an Muirthead, idir an aimsir agus na daoine.
Múinteoir gnó agus corpoideachais é O’Donoghue i Meánscoil Mhuire i mBéal an Mhuirthead agus d’fhill sé ar an seomra ranga i gCorca Dhuibhne agus ranganna Gaeilge aige “gach lá” mar chuid den taifeadadh don tsraith teilifíse.
Beidh na rannpháirtithe ag tabhairt faoi ranganna damhsa seit chomh maith, dúshlán eile do O’Donoghue a dúirt go bhfuil a chuid cos “go maith ag imirt peile ach ní ag damhsa”.
Dúirt O’Donoghue gur bhain sé an-sásamh as an gceiliúradh a rinne Maigh Eo ar chraobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1951 agus go bhfuil na himreoirí “an-ghnóthach” agus iad ag tabhairt Corn Mhig Uidhir thart ar 180 scoil atá timpeall an chontae.
Beidh cúram breise ar aon dhuine dhéag acu an mhí seo chugainn agus iad ainmnithe ar an ngearrliosta do ghradaim peile All-Star 2026, a bhronnfar ar an 30 Deireadh Fómhair.
Tá seachtar ó fhoireann Chiarraí ar sháraigh Maigh Eo iad sa gcluiche ceannais ainmnithe freisin, mar atá cúigear ó Áth Cliath agus ceathrar ón Iarmhí. Tá triúr imreoirí an taobh ainmnithe ó Mhuineachán, Ard Mhacha agus Lú agus beirt atá ainmnithe ag Gaillimh, Ros Comáin, Corcaigh agus Tír Eoghain. Ainmniúchán amháin a fuair Dún na nGall.
Beirt ó Mhaigh Eo, Ryan O’Donoghue agus Jack Carney, atá ainmnithe do ghradam Pheileadóir na Bliana, agus iad ar an ngearrliosta le David Clifford ó Chiarraí. Beirt ó churaidh na hÉireann, Kobe McDonald agus Darragh Beirne, atá ainmnithe do ghradam Pheileadóir Óg na Bliana agus iad ar an ngearrliosta le Dara McDonnell ó chontae Lú.
Cúl báire: 1. Rory Beggan (Muineachán) 2. Jack Livingstone (Maigh Eo) 3. Shane Murphy (Ciarraí)
Cosantóirí: 1. Sam Callinan (Maigh Eo) 2. Jack Coyne (Maigh Eo) 3. Enda Hession (Maigh Eo) 4. David McBrien (Maigh Eo) 5. Donnacha McHugh (Maigh Eo) 6. Jason Foley (Ciarraí) 7. Michael Breen (Ciarraí) 8. Jarlath Óg Burns (Ard Mhacha) 9. Tiernan Kelly (Ard Mhacha) 10. Dara McDonnell (Lú) 11. Craig Lennon (Lú) 12. Ronan Wallace (An Iarmhí) 13. Matthew Whittaker (An Iarmhí) 14. David Byrne (Áth Cliath) 15. Charlie McMorrow (Áth Cliath) 16. Tommy Walsh (Corcaigh) 17. Niall Devlin (Tír Eoghain) 18. Dylan Byrne (Muineachán)
Lár na Páirce: 1. Jack Carney (Maigh Eo) 2. Mark O’Shea (Ciarraí) 3. Conn Kilpatrick (Tír Eoghain) 4. John Maher (Galway) 5. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath) 6. Michael Langan (Dún na nGall)
Tosaithe: 1. Darragh Beirne (Maigh Eo) 2. Ryan O’Donoghue (Maigh Eo) 3. Kobe McDonald (Maigh Eo) 4. Jordan Flynn (Maigh Eo) 5. David Clifford (Ciarraí) 6. Paudie Clifford (Ciarraí) 7. Dylan Geaney (Ciarraí) 8. Niall Scully (Áth Cliath) 9. Con O’Callaghan (Áth Cliath) 10. Darragh Heneghan (Ros Comáin) 11. Diarmuid Murtagh (Ros Comáin) 12. Sam McCartan (An Iarmhí) 13. Brandon Kelly (An Iarmhí) 14. Steven Sherlock (Corcaigh) 15. Stephen O’Hanlon (Muineachán) 16. Ciarán Downey (Lú) 17. Oisín Conaty (Ard Mhacha) 18. Robert Finnerty (Gaillimh)
Fág freagra ar '‘Bhí na buachaillí ag caint as Gaeilge go han-tapa’ – Ryan O’Donoghue ag tabhairt faoin gcaid agus faoin teanga i gCorca Dhuibhne'