Chuaigh mé chuig scannán nua faoin nGinearál Charles de Gaulle an lá cheana. Bhí sé go hiomlán as Fraincis – fiú amháin Winston Churchill féin, tugadh le fios gur cainteoir Fraincise a bhí ann. Tá an oiread sin cleachtadh againn ar na fotheidil anois – a bhuíochas do TG4 – gur beag aird a thugann éinne orthu níos mó.
Agus tá gné eile ag baint leis sin – is as an Eoraip agus as Meiriceá Theas agus tíortha eile eachtrannacha, a thagann na scannáin is mó spéise na laethanta seo. Agus bíonn a bhformhór mhór fotheidalaithe. Mar sin níorbh aon iontas a leithéid a bheith á thaispeáint sa ghnáth-phictiúrlann.
Cuid a haon de dhá scannán mhóra an ceann seo – De Gaulle: Résistance. Is cosúil go mbeidh an dara ceann amuigh réasúnta luath.
Cheana féin tá sé ráite faoin gcéad cheann go bhfuil ráchairt mhór air sa bhFrainc. Déarfainn nach mé an t-aon duine a d’fhoghlaim rud nó dhó nach raibh ar eolas agam cheana faoin bhfear ard.
Ghlac mise leis i gcónaí gur duine mór le rá a bhí ann fiú amháin sular bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Nach raibh ómós ag chuile thír eile dó agus nach raibh stádas ar leith aige mar Cheannaire France libre?
Bhuel, bhí agus ní raibh. Más fíor don scannán seo, ba bheag ómóis a léirigh éinne dó – go háirithe i measc a chomhoifigeach airm, a cheap nach raibh stádas ceart míleata aige.
Agus ba bheag an tacaíocht a fuair sé uathu nuair a thosaigh an cogadh, agus nuair a ghéill an Tríú Poblacht do ns Naitsithe. Ina dhiaidh sin, thainig an Marechal Pétain, laoch Verdun, chun tosaigh mar cheannaire ar an réimeas Vichy. B’in an réimeas a chomhoibrigh le Hitler.
Anois, bhí an Ginearál de Gaulle ina chadhain aonraic i measc oifigigh shinsearacha Arm na Fraince, agus eisean ag seasamh ar son shaoirse na Fraince.
Ba sort anamchairde iad de Gaulle agus Winston Churchill. Thug Sasana tearmann dó nuair ab éigean dó teitheadh ón bhFrainc. Ach ba mhinic iad in adharca a chéile freisin – níor thuig Churchill cé chomh neamhspleách is a bhí de Gaulle agus cé chomh tiomanta is a bhí sé don idéalachas a bhain le neamhspleáchas na Fraince.
Chreid de Gaulle ann féin. ‘Ní tú an Fhrainc,’ a dúirt Churchill leis go feargach lá amháin. Ach léiríonn an scannán gurb in é go díreach an tuiscint a bhí ag de Gaulle féin.
Chuirfeadh sé fear eile i gcuimhne duit – fear a dúirt nár ghá dó ach breathnú isteach ina chroí le go mbeadh a fhios aige cad a bhí ag teastáil ó mhuintir na hÉireann.
Fear ard tanaí eile ab ea Éamon de Valera agus níl aon pháirt aige sa scannán seo. Ach is dóigh liom go mbeadh Éireannach ar bith ag smaoineamh ar ‘Dev’ agus é ag leanacht scéal de Gaulle.
Fear eile a raibh creideamh Caitliceach láidir aige ab ea Dev, cosúil le de Gaulle. Bhí tuiscint ar leith acu beirt ar a gcinniúint. Ní raibh an cúlra céanna ag de Valera ó thaobh mhaoin an tsaoil, ná ó thaobh taithí mhíleata. Ach d’éirigh leis a bheith ina cheannaire míleata agus ansin polaitíochta, díreach mar a rinne de Gaulle.
Taispeánann an scannán cé chomh deacair is a bhí sé tacaíocht a fháil don ‘tSaor-Fhrainc.’ Ba mhinic ceannairí míleata nó polaitíochta ag cur na ceiste- ‘cé as a dtáinig an fear seo de Gaulle- céard uaidh a bhfuil a chuid údaráis ag teacht?’
Gan an scéal ar fad a sceitheadh – tá na cnámha ar eolas ag daoine cheana féin ar aon nósn- tá sé suimiúil féachaint ar shaol de Gaulle ina dhiaidh sin agus mar a d’éirigh leis mar cheannaire agus mar Uachtarán ar an bhFrainc.
Go dtí gur bhreathnaigh mé isteach i sceal a bheatha, ní raibh a fhios agam go raibh fuil Éireannach ann i bhfad siar. Ní raibh mé in ann na glúnta ar fad a chomhaireamh ach rud éigin cosúil le sé ghlúin ó dhuine de mhuintir Mhic Artáin as contae an Dúin a theith go dtí an Fhrainc i ndeireadh an 17ú haois ab ea a shinsear.
Ach cineál fonóta é sin. Ba mhó i bhfad a shuim i scéal Dhónaill Uí Chonaill, agus mhair an tsuim sin ar feadh a shaoil. Nuair a d’éirigh sé as an uachtaránacht i 1969, thug sé aghaidh ar Éirinn lena bhean chéile. Chuadar go Ciarraí ar dtús, le go dtabharfadh sé cuairt ar Dhoire Fhionáin, áit chónaithe Uí Chonaill. Chaith sé tamall sa tSnaidhm agus sa gCaiseal i gConamara.
Dúradh gur tháinig na sluaite iriseoirí agus grianghrafadóirí go dtí an áit le pictiúr a ghlacadh de agus b’fhéidir dul chun cainte leis. Níor tharla an comhrá sin. Bhí dóthain ama caite aige taobh thiar den mhicreafón agus é ar tearmann i Londain le linn an Chogaidh.
Rinne TG4 scannán a choimisiúnú cúpla bliain ó shin ó Tile Films faoi de Valera agus de Gaulle, De Gaulle in Éirinn. Tá sé 49 noimead ar fhad agus b’fhiú go mor é a thaispeáint arís agus daoine ag cur suime in de Gaulle na laethanta seo.
Chaith sé sé seachtaine san iomlán in Éirinn le linn na saoire sin. Dúradh go raibh sé spíonta amach. Bhí páirt aige sa dá chogadh dhomhanda, chomh maith le blianta fada sa saol polaitíochta agus gach a bhain leis sin. Tá píosa gearrscannáin, nach bhfuil aon fhuaim air, ag léiriú a chuairte ar de Valera agus ar Áras an Uachtaráin sular imigh sé ar ais chun na Fraince, i seanscannáin RTÉ. Fuair sé bás in aois a 79 bliain an bhliain dar gcionn, 1970.

Fág freagra ar 'De Gaulle, Dev agus Dónall Ó Conaill…'