Is deacair an focal Sóisialachas a shamhlú le polaitíocht na Stát Aontaithe. Tugtar cumannach ar aon duine a chreideann i gcearta sóisialta agus in iarrachtaí de chuid an Stáit freastal ar dhaoine atá bocht, tinn, dífhostaithe nó faoi mhíbhuntáiste.
Tá gluaiseacht amháin, Sóisialaigh Dhaonlathacha Mheiriceá (DSA) ag bailiú nirt do na toghcháin lár téarma i mbliana, gluaiseacht a bunaíodh sna hochtóidí de bharr míshástacht leis an bpáirtí Daonlathach as gan iad a bheith sách fada ar an eite chlé. Tá an borradh faoin ngluaiseacht anois ag eascairt as agus bunaithe ar an dul chun cinn atá déanta ag Bernie Sanders agus Alexandria Ocasio-Cortez le tamall de bhlianta agus iad ag taisteal na Stát Aontaithe ag cur a bhfealsúnacht Dhaonlathach Shóisialach i láthair an phobail, daoine óga go háirithe. Ba chéim eile chun cinn don fheachtas toghadh Zohran Mamdani mar mhéara ar chathair Nua-Eabhrac ag deireadh na bliana seo caite. Gheall sé busanna saor in aisce sa gcathair agus córas cúram páistí poiblí. Tá tús curtha aige le cur i bhfeidhm ceann eile dá chuid geallúintí, sin 200,000 teach ar chostas íseal a thógáil as seo go ceann deich mbliana.
Ag tús na míosa seo bhuaigh fear darbh ainm Abdul El-Sayed réamhthoghchán don toghchán Seanaid i mí na Samhna. Bhain an toradh seo croitheadh as an bpáirtí Daonlathach ar chúpla cúis. Cé nach dtugann El-Sayed sóisialach ar féin, tá polasaithe aige a luíonn isteach leis na daoine eile sa bpáirtí Daonlathach a deir gur sóisialaigh iad. Imircigh as an Aetóip iad tuismitheoirí El-Sayed agus is duine é a bhfuil seasamh láidir glactha aige ar ábhair go leor ar nós cúram sláinte agus an costas maireachtála. Tá ráitis láidre déanta aige freisin faoin sléacht i nGaza, ábhar a chothaíonn deighilt go minic sa bpáirtí Daonlathach. Tá doicheall ar cheannaireacht an pháirtí polasaí na Stát Aontaithe i leith Iosrael a cháineadh mar gheall ar an nasc stairiúil leis an tír sin agus ar fhaitíos go gcuirfí olc ar vótaí Giúdacha. I Michigan, is de bhunadh Arabach sciar suntasach den phobal agus tá siad feargach faoin seasamh atá ag an bpáirtí Daonlathach i dtaobh Gaza.
Cén fáth go bhfuil an toradh sa réamhthoghchán seo cinniúnach? Tá Michigan ar cheann de na stáit a chaill Kamala Harris in 2024 a chaithfidh na Daonlathaigh a bhreith leo i mí na Samhna 2028 más leo seilbh a fháil in athuair ar an Teach Bán. Níos práinní ná sin ní mór do El-Sayed an suíochán Seanaid a thabhairt leis i mí na Samhna seo romhainn má tá an páirtí le smacht a fháil ar an gcomhdháil.
Idir an dá linn, is dúshlán don pháirtí an ngéillfidh siad do mhianta an phobail iarrthóirí níos forásaí a roghnú le haghaidh a thabhairt ar chostais mhaireachtála, cúrsaí sláinte, oideachais agus tithíochta. Sin nó díriú ar an trian sin den phobal nach mbíonn cinnte cé dó a dtabharfaidh siad a gcuid tacaíochta agus a bhíonn le mealladh ó pháirtí amháin go dtí an ceann eile nuair a bhíonn toghcháin á reáchtáil.
Tá roinnt tráchtairí faiteach roimh na hiarrthóirí nua seo atá ag teacht chun cinn le tamall anuas – ní chuirfear Trump agus MAGA as an Teach Bán, dar leo, má thugtar an iomarca airde ar an DSA ach níl a gcuid ráite acu go fóill.
Fág freagra ar 'Fágann borradh na Sóisialaithe i Meiriceá go bhfuil cinneadh le déanamh ag na Daonlathaithe'