Tá trí “mhóréileamh” fógartha ag an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga le cur chuige “níos comhtháite agus níos fadtéarmaí” a bhaint amach i leith na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.
Tá an grúpa, a bhfuil ionadaithe ó Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, ó Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, agus ó Líonraí agus Scéimeanna Forbartha Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ann, ag iarraidh go gcuirfí “feabhas ar choinníollacha oibre” na nOifigeach Pleanála Teanga.
Deir siad gur gá “infheistíocht chuí a chinntiú” don phróiseas pleanála teanga ar fud na hÉireann agus go gcaithfí “struchtúir náisiúnta níos láidre” a chur ar fáil don earnáil. Aontaíodh na trí mhóréileamh ag cruinniú a bhí ag an Meitheal i mí an Mheithimh.
Éilíonn siad go ndéanfar “staidéar cuimsitheach” ar na coinníollacha oibre atá san earnáil agus go dtabharfaí isteach “scálaí pá cearta” agus “coinníollacha caighdeánaithe” a bheadh ar comhchéim leis an tSeirbhís Phoiblí. B’fhearr leis an Meitheal go mbeadh conarthaí buana ann do na hoifigigh pleanála teanga ach éilíonn siad go mbeadh “conarthaí níos fadtéarmaí” – suas go seacht mbliana – ann seachas mar atá faoi láthair.
Maíonn siad nach dtugtar eolas ná treoir shoiléir maidir le pinsin, róil, agus struchtúir fostaíochta do na hoifigigh pleanála teanga faoi láthair agus gur chóir é sin a chur ina cheart.
Deir siad nach féidir an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm “go héifeachtach” gan “maoiniú níos fearr” don earnáil. Tá “maoiniú ar leith” do phá, pinsin, cíos, agus costais reatha eile á éileamh acu a bheadh difriúil leis an maoiniú atá ann do “bhearta an Phlean Teanga” féin.
Tá an Mheitheal ag éileamh “plean infheistíochta fadtéarmach” d’earnáil na pleanála teanga trí chéile a bheadh ag teacht leis na moltaí a rinneadh i bPlean Fáis Chonradh na Gaeilge.
Faoin tríú mór-éileamh, tá siad ag iarraidh go gcuirfí an “oiliúint agus dea-chleachtas” chun cinn in earnáil na pleanála teanga agus go mbunófaí lárionad nó “Mol Náisiúnta Pleanála Teanga”.
Maíonn an Mheitheal go bhfuil gá le “oiliúint agus forbairt ghairmiúil leanúnach” do na hoifigigh pleanála teanga agus gur chóir “comhdháil náisiúnta” agus deiseanna líonraithe agus “comhroinnt dea-chleachtais” a chur ar fáil. Deir siad gur cheart go mbeadh “comhoibriú leanúnach” ann idir Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, agus an Mheitheal féin.
Tá an Mheitheal ag iarraidh dul i mbun cainte leis an Rialtas agus “le grúpaí eile san earnáil” chun na héilimh atá fógartha inniu acu a phlé agus “córas níos cothroime, níos cobhsaí agus níos éifeachtaí” a fhorbairt don phleanáil teanga.
“Tá na pobail ar fud na tíre ag déanamh obair ríthábhachtach ar son na Gaeilge. Ach chun go mbeidh an obair sin inbhuanaithe, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na daoine atá ag obair san earnáil ag fáil na gcoinníollacha cearta, go bhfuil maoiniú fadtéarmach ar fáil, agus go bhfuil struchtúr náisiúnta láidir ann chun tacú leo.
“Táimid ag iarraidh cur chuige comhordaithe, uaillmhianach agus fadtéarmach. tá sé in am pleanáil a dhéanamh don earnáil féin, ar an mbealach céanna a bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail pleanáil a dhéanamh do thodhchaí na Gaeilge,” a dúirt Bairbre Uí Chathail, comhordaitheoir pleanála teanga i Leitir Ceanainn agus ball de ghrúpa oibre na Meithle Náisiúnta Pleanála Teanga.
Fág freagra ar '‘Feabhas ar choinníollacha oibre’ á lorg ag lucht na pleanála teanga'