FÉILTE
Féile Rua ar an gCeathrú Rua
Cuireadh tús tráthnóna inné le Féile Rua ar an gCeathrú Rua i gConamara le hoscailt oifigiúil na féile agus seoladh taispeántais in Ionad an Oireachtais i gCasla. Sheol Pól Mac Donncha an taispeántas ‘Súil’ le Seán Ó Mainnín ag an ócáid, bailiúchán grianghraf de mhuintir an cheantair.
Beidh an taispeántas ‘Ealaíontóir inár Measc: Derek Clarke ar an gCeathrú Rua 1938 & 1946’ á sheoladh i Leabharlann na Ceathrún Rua inniu, Dé hAoine an 20 Samhain ag 2pm. Taispeántas eolais agus samplaí de shaothar Derek Clarke atá á gcur i láthair agus is é Seán Ó Mainnín a sheolfaidh an taispeántas. Cuirfear an cheolchoirm ‘Sean-Nós sa Séipéal: Amhránaithe na Ceathrún Rua’ ar siúl tráthnóna inniu i séipéal Mhic Dara ag tosú ag 7pm.
Leanfar le himeachtaí na féile i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook ‘Pobal Rua’.

Féile Liteartha Chorca Dhuibhne
Cuirfear tús inniu, Dé hAoine an 20 Samhain, le Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, agus leanfaidh imeachtaí na féile ar aghaidh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tá rogha mhór imeachtaí Gaeilge ar bun mar chuid d’fhéile na bliana seo idir léamha, cheardlanna agus seoltaí leabhar.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh an tOllamh Michael Cronin ag caint ar a leabhar nua Ireland: Why it matters to be an island, ar an Satharn, ag 1.30pm in An Díseart.
Beidh ceardlann scríbhneoireachta do pháistí á tabhairt ag an scríbhneoir Sadhbh Devlin i Leabharlann an Daingin bunaithe ar a pictiúrleabhar An Fia sa Choill ar an Satharn ag 12 meán lae.
Cuirfidh Aisteoirí Bhréanainn léiriú i láthair a dhéanfaidh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar duine d’fhilí agus drámadóirí an cheantair, Tadhg Ó Conchúir (1838–1925) in An Díseart ar an Domhnach ag tosú ag 3pm. An traidisiún béil a thug filíocht Uí Chonchúir slán agus beidh ceann de na saothair is aitheanta leis, An Dá Dhruncaeir, dráma grinn á chur i láthair sa léiriú.
COMÓRADH
Ócáid in ómós Johnny Chóil Mhaidhc
Beidh ócáid in ómós do Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha = ar bun in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua ar an Satharn an 21 Samhain ag 2.30pm. Ag an ócáid ‘Súil Charad: Cuimhní ar Johnny Chóil Mhaidhc’ déanfaidh Aodh Ó Coileáin, léachtóir le Cumarsáid san Acadamh, píosa cainte faoin tionscnamh scannánaíochta a rinne sé le Johnny Chóil Mhaidhc ag deireadh na 1980idí.
Ag deireadh na bliana 1989, thosaigh Aodh ar thionscnamh scannánaíochta le Johnny Chóil Mhaidhc. Ansin, sa mbliain 2000, choimisiúnaigh TG4 scannán faisnéise agus craoladh ‘Johnny Chóil Mhaidhc: Sin í an Fhírinne’ i mí na Nollag 2001. Tá scór bliain ó bhásaigh Johnny Chóil Mhaidhc agus é á chomóradh i mbliana agus taispeánfar míreanna nár craoladh cheana ag an ócáid san Acadamh mar chuid den chomóradh sin.
Léireofar agallamh beirte nó dhó le Johnny chomh maith le míreanna dá chuid filíochta. Tabharfar cuireadh don lucht éisteachta a gcuimhní féin ar Johnny a roinnt leis an gcomhluadar ón urlár i rith na hócáide. Is í Máirín Mhic Lochlainn a bheidh ina bean an tí agus tá an ócáid á reáchtáil mar chuid de chlár imeachtaí Féile Rua.
EALAÍN
Turas treoraithe trí Ghaeilge ag IMMA
Tabharfar turas neamhfhoirmiúil trí Ghaeilge ar cheann de thaispeántais Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ar an Satharn an 21 Samhain ag tosú ag 1.30pm. Tugann an turas leathuaire deis do dhaoine tuilleadh eolais a fháil trí Ghaeilge ar na saothair ealaíne atá le feiceáil san áras. Cuirtear fáilte roimh chainteoirí Gaeilge, beag beann ar a leibhéal líofachta.
An phríomhoifig fáilte in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann an láthair chruinnithe. Beidh turas trí Ghaeilge á chur ar fáil gach dara Satharn as seo go dtí an 12 Nollaig. Níl aon táille air ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré.
CEOL

Ceolchoirm le Ensemble na nÓg i Stiúideo Cuan
Beidh dhá cheolchoirm speisialta á gcur ar stáitse ag an mbuíon ceoltóirí óga ‘Ensemble na nÓg’ in éineacht le hEalaíontóirí Cónaithe Stiúideo Cuan ar an 28 agus 29 Samhain. Tugann Ensemble na nÓg ceoltóirí óga (13-17) le chéile ó cheann ceann na tíre le clár oiliúna a chur ar fáil dóibh i réimse an cheoil agus na cumadóireachta chun a gcruthaitheacht agus a bhféinmhuinín a spreagadh.
Tá an bhuíon cheoil seo ag teacht le chéile i Stiúideo Cuan uair sa choicís ó mhí Mheán Fómhair, faoi stiúir na n-áisitheoirí Colm Ó Foghlú, Síle Denvir, Darach Mac Con Iomaire, John Flannery agus Cullen Vance. Meascán de cheol nua agus cóirithe éagsúla de cheol aitheanta a bheas ar chlár na hoíche.
Beidh Ealaíontóirí Cónaithe Stiúideo Cuan, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, PJ Ó hIarnáin, Becky Ní Éallaithe agus Seán Ó Coistealbha, ag cur tús leis an oíche le taispeántas speisialta ceoil, amhránaíochta, damhsa agus filíochta.
Ticéid ar €15/€10 ar fáil anseo.

Other Voices agus dán le Dairena
Tá síneadh trí bliana curtha ag an gcomhlacht Jameson leis an tsraith ceoil Other Voices agus iad ag ceiliúradh 25 bliain sa Daingean. Agus clár na bliana seo á sheoladh tá físeán bunaithe ar an dán ‘Teanga Dhúchais / Native Tongue’ le Dairena Ní Chinnéide urraithe ag Jameson agus léirithe ag an áisíneacht The Tenth Man.
Cloistear an dán á aithris i mBéarla agus i nGaeilge ag Dairena i rith an fhíseáin agus é curtha le ceol. Ar an bhfíseán cloistear daoine a bhfuil baint acu leis an bhféile, Onai Tafuma, Joel Harkin, Victoria Chick agus Kieran Devitt.
Beidh féile ‘Other Voices, Draíocht sa Ríocht’ ar bun sa Daingean i mbliana ar an 26 agus 27 Samhain. I measc na gceoltóirí a bheidh le feiceáil i mbliana beidh The Waterboys, Gilla Band, Julia Jacklin agus Lambrini Girls.
Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile Rua na Ceathrún Rua, Ensemble na nÓg, Ómós do Johnny Chóil Mhaidhc, Other Voices, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne'