An t-oifigeach pleanála teanga atá ag súil le bheith ina Seanadóir

Deir Caitlín Ní Bhroin, bean Ghaeltachta atá ag seasamh i bhfothoghchán an tSeanaid, go gcaithfear gníomhú láithreach bonn chun dul chun tosaigh ar bith a dhéanamh sa Ghaeltacht

An t-oifigeach pleanála teanga atá ag súil le bheith ina Seanadóir

Tá Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga i gCloch Cheann Fhaola

agus bail de Bhord Údarás na Gaeltachta i measc an cheathrair iarrthóirí a bheas ag súil le suíochán a bhaint amach i bhfothoghchán an tSeanaid.

233 ball de chuid na Dála agus an tSeanaid atá i dteideal vóta a chaitheamh i bhfothoghchán an tSeanaid agus tiocfaidh deireadh leis an deis vótála atá acu an Aoine bheag seo.

Tharla sé go raibh suíochán amháin le líonadh ar phainéal cultúrtha agus oideachais sa Seanad nuair a toghadh an t-iar-aire stáit Gaeltachta, Seán Kyne, ar ais chun na Dála i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar i mBealtaine na bliana seo.

Is ag díriú ar an Ghaeilge, ar an Ghaeltacht agus ar sheirbhísí agus áiseanna do phobal labhartha na Gaeilge a bheas Caitlín Ní Bhroin má éiríonn léi suíochán a bhaint amach sa Seanad.

Dúirt Ní Bhroin, atá ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga ó bhí 2022 ann, go dtchíonn sí an gá atá ann “an Ghaeilge a shlánú” san am i láthair agus gur mhaith léi a bheith ábalta níos mó a dhéanamh do na glúnta atá le teacht.

“Tá líon na gcainteoirí laethúla i ndiaidh titim faoi dhó ins an dá dhaonáireamh deireanach agus dar liomsa caithfimid rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de sin,” a dúirt sí le Tuairisc.

“Bhí pobal iontach láidir ag labhairt Gaeilge i gCloch Cheann Fhaola, thairis 70% agus deir sochtheangeolaithe má thiteann tusa faoi bhun 66% go bhfuil tú i dtrioblóid. Níl mise ag iarraidh go dtarlódh sin i Machaire Rabhartaigh, i Mín Lárach, i nGort a’ Choirce, in Inis Bó Finne.

“Seo an t-am, caithfidh muid gníomhú anois agus má tá toil an phobail againn agus suim an phobail, ba mhaith liomsa tacú leis an deis níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta.”

Dúirt Ní Bhroin, arb as Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall ó dhúchas di, nach bhfuil sé de rún ag an Rialtas san am i láthair “meánscoileanna úra ar bith a bhunú sa tír” agus gur cheart amharc air sin agus amharc ar an méid tuismitheoirí ar mhaith leo go mbeadh Gaeloideachas ag a gcuid páistí.

Thug sí le fios chomh maith, dá n-éireodh léi suíochán a bhaint amach sa Seanad go mba mhaith léi díriú isteach ar an phleanáil teanga agus gur cheart go mbeadh an phleanáil teanga “neartaithe níos fearr ó thaobh maoinithe de”.

“Ba mhaith liom a fheiceáil go mbeadh aonaid taighde i gceantair Ghaeltachta le taighde rialta a dhéanamh ar obair na pleanála teanga agus go mbeadh an obair sin ag comhoibriú le hoifig na pleanála teanga”

Dúirt sí gur cheart go mbeadh achan Oifig Pleanála Teanga in achan LPT neartaithe ó thaobh bainisteora, oifigeach cúnta, oibrí óige, taighdeoir agus rúnaí de agus nár cheart go mbeadh sé fágtha “ag OPT amháin nó beirt an obair uilig a dhéanamh”.

Dúirt sí go bhfuil an Ghaeltacht i mbéal an phobail faoi láthair agus go gcaithfear “gníomhú anois” chun dul chun tosaigh ar bith a dhéanamh.

“Déarfaidh an Rialtas linn go bhfuil úinéireacht ag pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge [ar an teanga] agus go bhfuil an dualgas orainne…ach níl muidne ábalta mar phobal an Ghaeilge a shlánú go dtí go bhfuil comhaontú, comhoibriú agus comhtháthú rialtais ann.”

Mhaígh sí nár cheart na milliúin euro a chaitheamh ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht ach gur cheart go mbeadh “struchtúr” ann agus gur cheart go mbeadh achan rud “reáchtáilte mar is ceart” anois.

“Caithfidh muid amharc ar rudaí níos céillí an t-am seo agus taighde rialta ar bhonn míosúil a dhéanamh, ar an chaiteachas atá muid a dhéanamh ar an Ghaeilge,” a dúirt sí le Tuairisc.

I measc na n-iarrthóirí eile a bhfuil súil acu ar shuíochán sa Seanad, tá an dlíodóir le Cearta Daonna agus léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Maeve O’Rourke a bhfuil tacaíocht faighte aici ó na Daonlathaithe Sóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre.

Tá an tOllamh le Cúrsaí Domhanda agus Todhchaí Inbhuanaithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Patrick Paul Walsh sa rás chomh maith mar atá iarmhéara chathair Bhaile Átha Cliath, Ray McAdam atá roghnaithe mar iarrthóir ag Fine Gael.

Dúirt an Dr O’Rourke go mbeadh sí ag díriú ar cheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus go gcreideann sí go bhfuil gá le “córais níos fearr a chruthú” chun a chinntiú go mbeidh cosaint níos fearr ag daoine aosta agus ag daoine atá faoi mhíchumas sa tír seo.

Dúirt sí go bhfuil “a lán suime” aici sa Ghaeilge agus gur mhaith léi a cumas a fheabhsú agus an Ghaeilge a úsáid a mhéid is gur féidir léi dá mbainfeadh sí suíochán amach sa Seanad.

“Is cosúil go bhfuil an grá don Gaeilge ag fás ar fud na tíre agus is iontach an rud é go bhfuil daoine óga ag úsáid na Gaeilge…mar sin féin, tá gá le tacaíochtaí struchtúrtha don teanga agus do na Gaeltachtaí,” a dúirt sí le Tuairisc.

Dúirt sí gur scríobh a mic léinn atá ag tabhairt faoi chúrsa dlí agus cearta daonna in Ollscoil na Gaillimhe tuarascáil i mbliana a bhaineann le cearta oideachais anseo in Éirinn.

Seoladh an tuarascáil chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine chun eolas a thabhairt don chomhairle agus iad ag tabhairt faoi Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR) atá faoi lán seoil san am i láthair.

Mhaígh sí gur áitigh a mic léinn gur cheart go mbeadh “an Ghaelscolaíocht ar fáil mar rogha i ngach cuid den tír” agus gur iarr siad ar an Rialtas machnamh a dhéanamh ar an liúntas do mhúinteoirí Gaeilge “a athbhunú”.

Is ag díriú ar an fhorbairt inbhuanaithe den chuid is mó a bheas Patrick Paul Walsh, má éiríonn leis suíochán an tSeanaid a thabhairt leis.

Dúirt sé le Tuairisc, nach bhfuil sé rómhaith ag labhairt na Gaeilge ach go bhfuil grá aige don teanga agus gur cheart “infheistíocht mhór” a dhéanamh i gceantracha Gaeltachta.

Thagair sé d’Uachtarán na tíre, Catherine Connolly ina agallamh agus dúirt sé gur cheart dúinn uilig aithris a dhéanamh uirthi agus iarracht níos mó a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt.

Rinne Tuairisc iarracht teagmháil a dhéanamh leis an gComhairleoir Ray McAdam chomh maith ach go dtí seo níl freagra ar bith faighte againn uaidh.

Fág freagra ar 'An t-oifigeach pleanála teanga atá ag súil le bheith ina Seanadóir'