Moladh déanta go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta bunmhaoiniú ar fáil do na ceanneagraíochtaí Gaeilge

Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge go bhfágfaidh an múnla maoinithe reatha nach mbeidh an rialtas ó dheas in ann tuilleadh airgid a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge i mBuiséad 2027

Moladh déanta go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta bunmhaoiniú ar fáil do na ceanneagraíochtaí Gaeilge

Tá moladh déanta ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Caiteachais Phoiblí go ndéanfadh Roinn na Gaeltachta na ceanneagraíochtaí Gaeilge a mhaoiniú go díreach seachas an cúram a bheith leagtha ar Fhoras na Gaeilge mar atá.

Tá an moladh ar cheann de na héilimh atá déanta ag an gConradh ar Chambers san aighneacht réamhbhuiséid a chuir siad faoina bhráid ag cruinniú an tseachtain seo.

D’éirigh leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta os cionn €2 milliún de mhaoiniú breise a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge in 2026 faoi shocrú maoinithe nua. Deir Conradh na Gaeilge nach léir, áfach, an mbeidh an rialtas ó dheas in ann an rud céanna a dhéanamh arís do 2027 gan “beannacht” a fháil ó rialtas Stormont.

Faoin múnla reatha, bíonn ar na rialtais thuaidh agus theas arduithe ar bhuiséad an Fhorais a aontú ach d’éirigh leis an DUP roimhe seo bac a chur ar chuid de na hiarrachtaí sin. Tá deacrachtaí airgeadais cruthaithe don bhForas dá bharr.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil súil ag an eagraíocht go mbeidh an rialtas ó dheas socrú na bliana seo caite a dhéanamh arís chun tuilleadh maoinithe a chur ar fáil i mBuiséad 2027. Ach sa chás nach ndéanfaí an socrú arís, moltar dhá rogha chun réiteach a fháil ar an sáinn.

Ar cheann acu, tá moladh go ndéanfadh Roinn na Gaeltachta na ceanneagraíochtaí Gaeilge a mhaoiniú go díreach. Faoi láthair, cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú €5.65 milliún ar fáil don sé cheanneagraíocht Ghaeilge, sin iad Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge.

Mhol Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, an réiteach céanna in 2025 mar leigheas gearrthéarmach ar na deacrachtaí airgeadais a bhí ag an eagraíocht trasteorann ag an am.

Dá gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta an bunmhaoiniú ar fáil go díreach do na ceanneagraíochtaí, deir Conradh na Gaeilge go mbeadh an Foras in ann díriú ar infheistíocht mheántéarmach a dhéanamh in earnáil na Gaeilge go dtí go réiteofaí struchtúr maoinithe na heagraíochta go fadtéarmach.

Réiteach eile atá molta ag an gConradh ar an bhfadhb ná go leanfadh an Foras ar aghaidh mar atá ag maoiniú na gceanneagraíochtaí ach go mbunódh Roinn na Gaeltachta ciste speisialta chun croímhaoiniú breise a chur ar fáil dóibh.

Tá ardú tagtha le roinnt blianta anuas ar an maoiniú a chuireann Roinn na Gaeltachta ar fáil do Chonradh na Gaeilge agus níos mó maoinithe anois á fháil ag an gConradh ón Roinn ná mar a fhaigheann ón bhForas. In 2025, chuir an Roinn os cionn €1 milliún ar fáil don Chonradh chun tograí áirithe a reáchtáil i gcomparáid leis an bunmhaoiniú de €867,457 a fuair an Conradh ón bhForas.

Phléigh Foras na Gaeilge cúrsaí buiséid le hAire na Gaeltachta Dara Calleary níos luaithe i mbliana. Dúirt an Foras gur cuireadh in iúl don aire an tábhacht go mbeadh “creat maoinithe ilbhliantúil bonnlíne” ann idir seo agus 2030 chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta freastal “ar an éileamh suntasach ón bpobal agus tacú leis na dúshláin in earnáil an oideachais agus óige”.

Dúirt Foras na Gaeilge go raibh maoiniú €2.5 milliún breise á lorg do bhuiséad na heagraíochta in 2027 chun dul i ngleic le riachtanais éagsúla.

Fógróidh an rialtas ó dheas Buiséad 2027 ar an 6 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Moladh déanta go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta bunmhaoiniú ar fáil do na ceanneagraíochtaí Gaeilge'