Tá Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) ag éileamh ar an Roinn Oideachais na liúntais a bhíodh ann do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais agus ganntanas mór múinteoirí Gaeilge sa stát san i am láthair.
De réir suirbhé a rinne an TUI i mbliana, bhí an Ghaeilge sa chéad áit i measc na n-ábhar is deacra múinteoirí a fháil dóibh ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Bhí an Mhatamaitic sa dara háit agus an Fhraincis sa tríú háit.
Cuireadh deireadh leis an liúntas do mhúinteoirí úra a bhain a gcáilíocht mhúinteoireachta amach i ndiaidh 2012, rud a d’fhág nach raibh múinteoirí a bhí ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna Gaeltachta ag fáil aon airgead breise.
Dúirt an TUI, go bhfuil sé i bhfad níos deacra ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge múinteoirí “a earcú” agus “a choinneáil” ó cuireadh deireadh leis na liúntais in 2012.
Dúirt siad go bhfuil sé “fíorthábhachtach” do na scoileanna seo go dtabharfaí ar ais na liúntais chun dul i ngleic leis an ghéarchéim earcaíochta i scoileanna dara leibhéal.
“Tá an TUI ag iarraidh go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí iar-bhunscoile a bhíonn ag teagasc i scoileanna Gaeltachta agus a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge,” a dúirt siad le Tuairisc.
Príomhoidí agus leasphríomhoidí in 101 scoil sa stát a ghlac páirt i suirbhé an TUI a dhírigh ar an ghéarchéim atá ann maidir le múinteoirí a earcú agus a choinneáil.
I measc phríomhthorthaí an tsuirbhé, léiríodh go raibh folúntais i 75% de scoileanna le sé mhí anuas nár chuir oiread agus múinteoir amháin isteach orthu. Bhí poist nár líonadh mar gheall ar dheacrachtaí earcaíochta i 59% de scoileanna.
Dúirt an ASTI le Tuairisc go léiríonn figiúirí na Roinne Oideachais go bhfuil an Ghaeilge, an Mhatamaitic agus Eacnamaíocht Bhaile i measc na n-ábhar is deacra múinteoirí a fháil dóibh.
Bunaithe ar fhigiúirí na Roinne Oideachais bhí “an líon is mó poist fholmha” ann do mhúinteoirí Gaeilge in 2024.
Dúirt an Roinn Oideachais gur gá idirbheartaíocht idir an Rialtas agus ceardchumainn sa tseirbhís phoiblí chun aon athrú a dhéanamh ar “théarmaí agus coinníollacha” oibre na múinteoirí.
Dúirt an an Roinn nach bhféadfaí aon rud breise a rá faoin scéal san am i láthair mar go bhfuil “plé leanúnach” ar siúl idir an Roinn Oideachais agus na ceardchumainn [TUI agus ASTI] agus go gcaithfí an plé sin a choinneáil “faoi rún”.
I mí Bhealtaine na bliana seo, tugadh le fios go raibh “comhaontú” ann idir an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann faoi liúntas do mhúinteoirí atá ag teagasc i mbunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna a thabhairt ar ais.
Dúradh go mbeadh an liúntas Gaeltachta ar fáil do mhúinteoirí bunscoile atá ag teagasc i scoileanna Gaeltachta atá aitheanta faoi Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta agus go mbeadh liúntas eile le tabhairt isteach do mhúinteoirí atá ag teagasc i mbunscoileanna lán-Ghaeilge.
Dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton ag an am go mbeidh na híocaíochtaí “dírithe ar scoileanna a mbíonn dúshláin ar leith rompu ó thaobh earcú agus coinneáil [múínteoirí] de” agus go gcabhróidh siad le “leanúnachas agus comhsheasmhacht níos fearr” a chur ar fáil do “thaithí foghlama na ndaltaí”.
Fág freagra ar 'An Ghaeilge an t-ábhar is mó atá buailte ag an ghéarchéim earcaíochta'