Tá liúntas do mhúinteoirí atá ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna le tabhairt ar ais ag an Roinn Oideachais. Fógraíodh tráthnóna go bhfuil “comhaontú” ann idir an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann faoi roinnt liúntas do mhúinteoirí bunscoile.
Beidh an liúntas Gaeltachta ar fáil do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh i scoileanna Gaeltachta atá aitheanta faoi Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta. Tá liúntas eile le tabhairt isteach do mhúinteoirí atá ag múineadh i mbunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tabharfar liúntas eile isteach do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh sna hoileáin amach ó chósta na hÉireann, atá aitheanta sa phlean gnímh ‘Ár nOileáin Bheo’.
Beidh liúntais eile ann do mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna speisialta agus do mhúinteoirí atá ag obair in scoileanna DEIS 1 agus DEIS+. Tá ardú le teacht ar an liúntas a íoctar le príomhoidí bunscoile freisin.
Déanfar íocaíochtaí aisghníomhacha le múinteoirí atá i dteideal na liúntas nua siar go dtí mí Mheán Fómhair 2025.
Deir an Roinn go bhfuil na híocaíochtaí á dtabhairt isteach le “tacú le hearcú agus coinneáil múinteoirí agus príomhoidí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta”.
Dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go bhfuil na híocaíochtaí “dírithe ar scoileanna a mbíonn dúshláin ar leith rompu ó thaobh earcú agus coinneáil [múínteoirí] de” agus go gcabhróidh siad le “leanúnachas agus comhsheasmhacht níos fearr” a chur ar fáil do “thaithí foghlama na ndaltaí”.
Roimh 2012 d’íoctaí liúntas €3,455 le múinteoirí sa Ghaeltacht. Ní bhfuair aon mhúinteoir nua a fostaíodh ó 2012 an liúntas Gaeltachta ach leanadh á íoc le hoibrithe a raibh an liúntas acu roimhe sin.
Fág freagra ar 'Liúntas do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge le tabhairt ar ais'