Tá ardú mór tagtha ar líon na ndaoine óga atá ag taisteal ar mhaithe lena scileanna teanga a fheabhsú, dar le suirbhé a rinne an comhlacht Airbnb i gcomhar leis an aip foghlama teanga Duolingo i mbliana.
Fuarthas sa suirbhé gurbh fhearr le 53% de dhaoine óga a bhíonn ag fanacht i dtithe saoire a aimsíonn siad ar Airbnb ag iarraidh fanacht glan ar áiteanna a bhfuil an Béarla ar a dtoil ag muintir na háite agus ag lorg na deise teanga na tíre a chleachtadh.
Dúradh san anailís a rinne Airbnb ar thorthaí an tsuirbhé go bhfuil méadú suntasach ar líon na ndaoine atá faoi bhun 30 bliain d’aois atá ag taisteal go “háiteanna iargúlta” agus áiteanna “nach bhfuil cáil na turasóireachta” orthu ná “an Béarla ina ghnáththeanga”.
Thug 25% de na daoine óga le fios gur annamh a labhródh a dtuismitheoirí teanga na háite a mbeadh siad ar saoire ann ach go mbeadh náire ar 36% acu féin a bheith aineolach ar nathanna bunúsacha cainte ann.
Chreid 75% acu go bhfuil sé mímhúinte gan beannachtaí bunúsacha a thriail agus tú thar lear, agus go mbeadh náire orthu gan ach an Béárla a labhairt agus iad thar lear. Ní bheadh náire ach ar 15% de na daoine a bhí os cionn 55 bliain d’aois.
Dúirt Airbnb gur phleanáil os cionn 60% de dhaoine faoi bhun 30 bliain d’aois turas gairid chun na hEorpa as an mBreatain in 2026 a dturas agus iad “dírithe ar an bhféinthumadh culúrtha in áiteanna rúnda áille inar féidir scileanna teanga a chleachtadh sa ghnáthshaol – ó a bheith ag ordú béile go mionchomhrá le muintir na háite”.
Thug 75% de na daoine óga le fios go raibh siad “níos cróga” sna roghanna taistil a bhí siad a dhéánamh mar gheall ó d’fhoghlaim siad teanga nua agus gurbh fhearr le 53% acu taisteal go háit nach gcloisfí mórán Béarla.
Dúirt Duolingo, an comhlacht eile a bhí i mbun an tsuirbhé, go bhfuil ardú 32% le dhá bhliain anuas tagtha ar líon na ndaoine faoi bhun 30 bliain d’aois atá ag úsáid na haipe foghlama teanga le sé mhí nó níos faide. Thug 25% de na daoine sin le fios go raibh siad ag foghlaim na dteangacha ar mhaithe le ceangal a dhéanamh le cultúr na háite agus iad thar lear agus le cur in aghaidh an mheoin gur “Béarla amháin” a bhíonn ag cainteoirí dúchais Béarla.
“Níl Glúin Z ag foghlaim teangacha ar mhaithe le bosca a thiceáil roimh thuras – tá siad ag foghlaim mar gheall gur mhaith leo, i ndáiríre, tuiscint níos fearr a fháil ar an domhan.
“Tugann an taisteal cúis chumhachtach d’fhoghlaimeoirí an méid atá foghlamtha acu a úsáid san fhíorshaol – idir bia a ordú, a bheith ag caint le muintir na háite, nó tuilleadh muiníne a bheith acu in áit nua,” a dúirt Leas-Uachtarán na Foghlama agus na gCuraclam in Duolingo faoi thorthaí an tsuirbhé.
Is iad na teangacha is mó atá á bhfoghlaim ag Briotanaigh faoi bhun 30 bliain d’aois ar Duolingo an Spáinnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, agus an Iodáilis.
Fág freagra ar 'Deiseanna foghlama teangacha ag mealladh na glúine óige le dul ar laethanta saoire'